Misteir na gCeilteach

Beocheist: Tá mistéirí agus mistéirí ann agus tá sé san fhaisean faoi láthair sa Bhreatain a rá gur mistéir mhór ab ea - agus…

Beocheist: Tá mistéirí agus mistéirí ann agus tá sé san fhaisean faoi láthair sa Bhreatain a rá gur mistéir mhór ab ea - agus is ea - na Ceiltigh.

Tá rud éigin mistéireach ag baint leis an díspeagadh atá á dhéanamh ar na Ceiltigh sa mhéid is go bhfuil iarracht choinsiasach ar bun ag scoláirí Briotanacha ar an mbonn a bhaint dár n-oidhreacht Cheilteach.

Scríobhas cheana ar Feasta faoi bhrainse na bhfoilseachán d'Iarsmalann na Breataine a choimisiúnaigh leabhrán conspóideach, leabhrán a chuir teoiric chun cinn a deir ná baineann go leor dár séadchomharthaí Ceilteacha le hÉirinn in aon chor ach gur tugadh isteach iad agus gur adhlacadh an seodra faiseanta sin i dteannta an chaiteora, seodra a deineadh thall ar an Mór-Roinn.

Agus seo foilsitheoir eile mór le rá agus an port céanna aige, sa leabhar The Seventy Great Mysteries of the Ancient World (Thames&Hudson). Maítear sa leabhar seo nár thug muintir na tíre seo Ceiltigh orthu féin riamh. I bhfocail eile, is dána an mhaise dhúinn a rá gur Ceiltigh is ea sinn in aon chor, nuair nár thugamarna, ná éinne eile, Ceiltigh orainn féin san am atá thart.

READ MORE

Bhuel, is ceist mhaith í, ar shlí ach nuair a smaoiníonn tú air, i saoithín a smaoineodh air. Níor thugamar Ceiltigh orainn féin, ergo ní Ceiltigh sinn. Níor thugamar feoilitigh orainn féin ach an oiread. Ní hionann san is a rá nár itheamar feoil.

Sea, tá an díospóireacht seo ag éirí teasaí faoi láthair agus an frása gránna "glanadh eitneach" á chaitheamh timpeall ag daoine áirithe, bíodh is gur "glanadh" ar dhream a mhair na mílte bliain ó shin atá ar siúl faoi láthair, más fíor. Deirtear sa leabhar seo nach féidir "cine" na "pobal géiniteach" a thabhairt ar na Ceiltigh toisc gur i dtéarmaí cultúrtha amháin is ceart an focal "Ceilteach" a úsáid.

Ní heol dom go bhfuil an argóint "ghéiniteach" cruthaithe go fóill, dála an scéil, ach bheadh sé spéisiúil cruthú géiniteach a fháil ar an nath béaloidis úd a deir gur dream réamh-Cheilteach is ea Muintir Uí Shé ar fad i gCiarraí!

J. Haywood, ó Roinn na Staire, Ollscoil Lancaster, agus Comhalta den Royal Historical Society of Great Britain; údar na haiste "Who were the Celts?" I measc na leabhar sa leabharliosta aige is ríspéis liom a fháil amach go luann sé an leabhrán a bhí á cheistiú agam féin ar Feasta, is é sin The Atlantic Celts: Ancient People or Modern Invention? Scoláire darb ainm S. James a scríobh an tráchtas áirithe sin. Bím ábhairín in amhras, uaireanta, faoi theidil leabhair a chríochnaíonn le comhartha ceiste.

Pé ar domhan scéal é, deinim amach go bhfuil an bheirt scoláirí seo ag gáirí fúinn.

An comhcheilg atá ar siúl mar sin? Tá a dhealramh sin ar an scéal. Ach cén cuspóir a bheadh lena leithéid? An bhfuiltear ag iarraidh an bonn a bhaint d'fhéiniúlacht na réigiún san Eoraip, nó sa domhan trí chéile?

An bhfuil baint ag an bhfrith-Cheilteachas seo le breis neamhspleáchais bheith ag Albain, ag an mBreatain Bheag agus ag Tuaisceart Éireann féin? Deinim amach gur mhaith le húdar na haiste seo, Haywood, a chruthú go bhfuil i bhfad níos mó comónta eadrainn go léir, muintir na hEorpa, ná mar a shamhlaíomar go dtí seo.

NÍL aon locht agamsa ar an teacht-le-chéileachas, fad is nach slogtar sinn i mbabhla mór leitean agus gan fhios againn ó thalamh an domhain cén fathach atá a chorraí.

Admhaíonn Haywood go raibh ómós ag na Ceiltigh don dúlra - an doire agus an abhainn, cuir i gcás - ach deir sé go raibh an meas céanna ag na Gearmánaigh, na Gréagaigh agus na Rómhánaigh ar an dúlra; ní hionann sin is a rá, a deir sé, gur caomhnóirí ab ea iad - a mhalairt; leag na Ceiltigh foraoisí na hEorpa chun dul i mbun na talmhaíochta.

Meabhraíonn sé an méid sin dúinn, ní foláir, ar eagla go mbeadh lucht caomhnaithe an dúlra nó lucht na spioradáltachta Ceiltí ag déanamh déithe beaga de na Ceiltigh.

The Seventy Great Mysteries of the Ancient World, ambaiste! Is tarraingteach an teideal é. Foras Feasa! Ach is le drochmheas a úsáideann leithéidí James agus Haywood an focal "mistéir". Tá leas á bhaint acu as slat an léinn chun pobal a bhualadh nó cén míniú eile a thabharfaí ar an ráiteas seo a leanas: "It seems that no ancient people calling themselves Celts lived in Britain and Ireland"

Cé a chreidfeadh é?

Is Eagarthóir Cúnta sa Ghúm é Gabriel Rosenstock