Fath is fiche

Beocheist: Sula dtagann deireadh le huachtarántacht na hÉireann beidh 25 tír ina mball den Aontas Eorpach (AE).

Beocheist: Sula dtagann deireadh le huachtarántacht na hÉireann beidh 25 tír ina mball den Aontas Eorpach (AE).

Ina measc, tá tír amháin a mbeidh stádas níos ísle san Aontas ag a teanga náisiúnta ná mar a bhéas ag na teangacha náisiúnta eile.

Tagraím dár ndóigh d'Éirinn agus don Ghaeilge. Cuirtear síos anseo, mar impí, fáth is fiche go ndéantar den Ghaeilge, an t-aonú teanga oifigiúil is fiche san AE. Is ó fheachtas Stádas na chéad cheithre phointe.

Feachtas Stádas

READ MORE

(i) Cé go gcuirtear dlíthe an AE i bhfeidhm go díreach in Éirinn, ní chaithfear iad (seachas conarthaí) a chur amach as Gaeilge. (ii) Fágtar an tÉireannach faoi mhíbhuntáiste mar nach n-áirítear Gaeilge do phostanna AE. (iii) Dá mbeadh Gaeilge san áireamh, bheadh deiseanna fostaíochta ann d'aistreoirí agus teangairí Éireannacha agus íocaimid as ciste aistriúcháin an AE ar chaoi ar bith. (iv) Agus tionchar an Aontais ar ár saol laethúil ag méadú, beidh brú faoi leith ar theangacha neamhoifigiúla.

Borradh na Gaeilge Inniu

Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge, borradh nár samhlaíodh agus muid féin ag dul sa Chomhphobal breis is 30 bliain ó shin. (v) Tá Éire anois ina ceann scríbe ag gasúir ó thíortha ar fud an domhain agus iad ag foghlaim Gaeilge inár scoileanna. (vi) Léiríonn an méadú suntasach i líon na nGaelscoileanna ó na 1970í an fíorbháidh atá i gcaomhnú na teanga; mar sin féin tá póstaeir ilteangacha ón AE, gan Gaeilge ar bhallaí na nGaelscoileanna. (vii) I mbliana bhuaigh Raidió na Gaeltachta stáisiún náisiúnta na bliana chomh maith leis an stáisiún is fearr in iomlán. (viii) Bhuaigh TG4 freisin lear mór duaiseanna i gcomórtas náisiúnta na meán cumarsáide. (ix) Tá cáil domhanda bainte amach ag ceoltóirí agus filí a labhrann Gaeilge.

Tábhacht stairiúil

Tá tábhacht ag an Ghaeilge a bhaineann le stair agus le teangeolaíocht. (x) Maidir le héagsúlacht teanga san AE, gan Gaeilge, ní bheidh teanga Cheilteach ar bith i measc na dteangacha oifigiúla. (xi) Ní mionteanga í an Ghaeilge; teanga ársa na tíre í a ghlac lonnaitheoirí éagsúla chucu féin. (xii) Ná ní canúint í ach teanga le caighdeán oifigiúil in dhá dhlínse. (xiii) Maidir le forbairt na teanga, cén fáth nach mbeadh na buntáistí céanna ag an Ghaeilge a bhéas ag an 20 teanga eile?

Faillí Rialtais

(xiv) Deir Alt 3.3 den Dréachtchonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch. (xv) Ní fada anois go mbeimid inár ranníocóirí glan leis an AE agus cheana féin táimid inár bhfostóirí ag líon mór daoine ó thíortha eile; is léir mar sin, ó thaobh eacnamaíochta de go rabhamar róchúthail agus go ndearnamar faillí orainn féin nuair nár iarramar stádas iomlán don Ghaeilge agus muid ag dul sa Chomhphobal. (xvi) Dúradh i gClár an Rialtais seo go n-éileofaí ardú stádais don Ghaeilge san AE. Léiríonn a ndoicheall i leith na ceiste seo neamhaird ar thoil na ndaoine, don daonlathas féin b'fhéidir. (xvii) An féidir bheith ag súil go dtabharfaidh mic léinn faoin Ghaeilge le fonn agus dísbeagadh oifigiúil á dhéanamh uirthi ag an Rialtas? Cúnamh seachas constaic atá ag teastáil ón teanga. (xviii) An bhfuil "stádas speisialta" na Gaeilge le bheith ina chúis náire againn i gcónaí agus muid ag caint lenár gcairde san Eoraip? (xix) Tá íoróin ag baint leis an seans a ligeadh uainn, i rith ár n-uachtarántachta féin, faillí a chur ina cheart. (xx) Níl de dhíth ón AE le stádas oifigiúil a thabhairt do theanga ach í bheith ina teanga oifigiúil i dtír neamhspleách agus iarratas a fháil ón Rialtas; ní haon áibhéil é a rá go gcaitheann neamairt an Rialtais maidir leis an iarratas scáth ar neamhspleáchas na tíre féin, a chuirfeadh an-díomá ar na hAithbheochaineoirí Teanga a raibh páirt mhór acu ina bhaint amach.

Agus (xxi) an ghlúin atá ag teacht inár ndiaidh, iad siúd atá tagtha anseo ar imirce ina measc, ní bheidh siad buíoch dínn as ucht an gcúlaigeantacht éadóchasach, an ceann faoi agus an easpa mórtais cine a léiríomar ar uair seo an rachmais.

Mar a dúirt an tOllamh Brian Ó Cuiv, athair Aire na Gaeltachta, i léacht a foilsíodh i 1951: "If we expect this language to fight for its existence against English, while we withhold our full support in the struggle, then we deserve to see it die."

Is scríbhneoir í Éilis Ní Anluain