Círéibeacha Sasanacha; ciall Cheilteach?

BEOCHEIST: IS EOL dúinn anois gur tharla na círéibeacha le déanaí i Sasana amháin agus nach raibh trioblóid ar bith in Albain…

BEOCHEIST:IS EOL dúinn anois gur tharla na círéibeacha le déanaí i Sasana amháin agus nach raibh trioblóid ar bith in Albain nó sa Bhreatain Bheag. Chomh maith leis sin, bhí mí Iúil réasúnta ciúin ag muintir an Tuaiscirt, ainneoin gur séasúr na máirseála a bhí ann.

Cathracha Sasanacha amháin a bhí ina gcíor thuathail agus tar éis cúpla lá bhí ar an BBC é sin a admháil agus treoracha a eisiúint dá n-iriseoirí gan an lipéad “Briotanach” a úsáid nuair a bhíodar ag déanamh cur síos ar an gcreachadh agus ar an anord.

Bhí údaráis sa Bhreatain Bheag chomh cinnte nach leathnódh an scrios go dtí a gcuid sráideanna go raibh siad sásta gach póilín a bhí oilte ar chíréibeacha a láimhseáil a chur soir go Sasana chun cabhrú lena gcomhghleacaithe ann.

Ach níor léiríodh mórán bá le cás Shasana sna tíortha Ceilteacha. Sa chéad dul síos, bhí imní orthu faoi thurasóirí ar fud an domhain bheith ag féachaint ar thuairiscí nuachta ag taispeáint foréigean gan srian “sa Bhreatain Mhór”. (Tá seantaithí againne sa tír seo ar cé chomh héasca is atá sé clú idirnáisiúnta a scaipeadh le drochíomhánna mar sin.)

READ MORE

Tháinig chéadaire na hAlban, Alex Salmond, amach go luath ag rá gur bhain an t-achrann seo leis an gcarachtar Sasanach go heisiach agus nach bhféadfadh an t-ainrialachas céanna tarlú i gcathracha a chomharsan thuaidh.

I 2007, mhaígh an polaiteoir céanna gur bhain ionsaithe sceimhlitheoireachta le Sasana amháin – díreach roimh an ionsaí ar Aerfort Ghlaschú. Ní foláir go bhfuil dearmad déanta aige chomh maith ar na círéibeacha a tharla ar shráideanna Mhanchan i 2008 nuair a scrios lucht leanúna Glasgow Rangers an chathair an oíche roimh an gCraobh Uefa.

Dúirt príomhaire na Breataine, David Cameron, sa pharlaimint go raibh póilíní Shasana chun lorg a gcomhghleacaithe Albanacha a leanúint amach anseo maidir le dul i ngleic le foréigean ar shráideanna, go háirithe Póilíní Strathclyde i nGlaschú.

Cuireadh an Violence Reduction Unit ar bun i 2005 le cabhair grúpaí pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí sláinte, eagraíochtaí oideachais agus oibrithe sóisialta. Mar thoradh ar an gcomhoibriú sin, tá laghdú 50 faoin gcéad tagtha ar choireanna droinge sa cheantar le dhá bhliain anuas.

Ach tá i bhfad níos mó le déanamh in Albain: tá 60 faoin gcéad níos mó dúnmharaithe sa tír ná mar atá i Sasana, tá fadhbanna móra fós ann le halcól agus seicteachas go háirithe ach ní go heiseach i nGlaschú: tamall ó shin bhí tuairiscí ann faoi “chathanna sráide” i ndiaidh cluiche idir Hibs agus Sunderland i nDún Éideann.

Táthar ann a cheapann nár scaip na círéibeacha ó thuaidh an t-am seo mar gheall go raibh na heastáit tithíochta lonnaithe ar imeall na cathrach in Albain agus mar sin níl teacht éasca ar lár na cathrach, is é sin, bheadh ar na círéibigh filleadh abhaile lena gcreach ar an mbus!

Cad faoin Bhreatain Bheag? Is cinnte go raibh samplaí d’agóidí foréigeanacha sa Bhreatain Bheag san am a chuaigh thart. Tá traidisiún ann a théann siar go dtí lár an 18ú haois nuair a thosaigh oibreoirí feirme Círéibeacha Rebecca agus níos déanaí sa chéad seo caite nuair a tugadh tacaíocht do na mianadóirí sna 1980í agus do na círéibeacha i gcoinne an Poll Tax sna 1990í.

Go deimhin, tharla Círéibeacha Iarnróid Llanelli, ar maraíodh seisear lena linn, 100 bliain an Lúnasa seo i 1911. Lean na círéibeacha ar feadh seachtaine, chuir míle go leith duine stad leis an traein ó Fishguard, scaoil saighdiúirí piléir leis an tslua neamharmtha agus tharla creachadh forleathan i siopaí an bhaile.

Sna cásanna sin, ba léir gur cheap muintir na Breataine Bige go raibh na húdaráis ag déanamh éagóra ar an ngnáthdhuine, nó ar an ngnáthoibrí. An amhlaidh nár cheap siad go raibh éagóir ann an t-am seo?

Rinne mé suirbhé neamhoifigiúil ar Twitter. Chuir mé an cheist: “cén fáth nach raibh círéibeacha sa Bhreatain Bheag?” Luaigh go leor freagróirí go raibh féiniúlacht láidir sa tír toisc go raibh teanga agus cultúr dá gcuid féin acu. Dúirt freagróirí eile nach raibh an bhearna chomh mór sa phrionsacht idir na daoine is saibhre agus na daoine is boichte agus atá sé i Londain agus i gcathracha móra eile Sasanacha.

Le blianta beaga anuas, tá céimeanna éagsúla déabhlóide déanta in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dtuaisceart na hÉireann, gan fonn neamhspleáchais ar aon cheann acu.

Léirigh eachtraí an tsamhraidh rud amháin dúinn: níl an ríocht aontaithe a dóthain go mbeadh na tíortha inti corraithe chun troda ar na fáthanna céanna, ag an am céanna.