Cúrsaí teanga thuaidh/theas faoi chaibidil i Leitir Ceanainn

TUARASCáIL: “Bígí foighdeach,” a dúirt an tAire Cultúir i dTionól Thuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín (SF), ag seimineár…

TUARASCáIL:"Bígí foighdeach," a dúirt an tAire Cultúir i dTionól Thuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín (SF), ag seimineár le linn Oireachtas na Gaeilge, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, Dé Sathairn.

Bhí Ní Chuilín ag caint faoina cuid pleananna don Ghaeilge sa Tuaisceart. I mBéarla a rinne sí an chuid ba mhó dá cuid cainte mar go raibh sí ag foghlaim Gaeilge go fóill. Dúirt sí nárbh fhada go mbeadh deireadh le próiseas comhairliúcháin ar chúrsaí Gaeilge agus ba í a mian go mbeadh straitéis teanga a bhí “strong and meaningful” le fáil dá bharr sin.

Bhí sí ag iarraidh “to persuade people who remain unconvinced” faoi fhiúntas na teanga. B’ionann an Ghaeilge, a dúirt sí, agus “an inclusive and enriching experience”; “unifying force” a bhí inti. Bhí cosaint dlí de dhíth ar an Ghaeilge, go díreach mar a bhí ar fáil don Ghaidhlig agus don Bhreatnais, a dúirt sí.

“Fear Gaeltachta mise,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley (FG), agus é ag caint ag an seimineár céanna.

READ MORE

Bhí sé ag iarraidh go mbeadh teorainneacha na Gaeltachta ina “scáthán” ar an teanga mar a bhí sí á labhairt sa lá atá inniu ann.

Chreid sé go raibh ar phobal na gceantar Gaeltachta a léiriú go raibh siad “i ndáiríre” faoin teanga. Bhí an Béarla ina theanga teaghlaigh i lár na Gaeltachta: “Caithfidh muid sin a chloí.” “Slabhra gan bhriseadh,” a bhí i nGaeilge na Gaeltachta agus bhí sé “iontach tábhachtach an slabhra a choinneáil”.

Dúirt sé go raibh sé ag tabhairt isteach “fuil úr agus smaointe úra” i mbord nua Údarás na Gaeltachta.

Mhol McGinley don lucht éisteachta “amharc amach” agus “deireadh a chur leis an chur i gcéill” agus leis an diúltachas.

Cás an choimisinéara

Tá cás Oifig an Choimisinéara Teanga ag cothú deacrachtaí go fóill. Tá mórán de na heagrais Ghaeilge míshásta ó thug an Rialtas le fios tamall ó shin go raibh oifig an choimisinéara le cónascadh le hOifig an Ombudsman.

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, cur síos ar chás an choimisinéara Dé Céadaoin seo caite mar chuid den cinneadh sin. Dúirt sé go raibh oifig an choimisinéara le ceangal le hOifig an Ombudsman, go leanfaí le ceapadh an choimisinéara go reachtúil, go mbeadh an coimisinéir lonnaithe sa Ghaeltacht agus go mbeadh sé in ann a chumhachtaí reatha a fheidhmiú go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Cháin urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, ráiteas an Rialtais, ámh. Dúirt sé go raibh cás an choimisinéara ní ba dhoiléire anois ná mar a bhí agus nach raibh buntáiste ar bith le fáil as an athrú.

Dúirt Ó Clochartaigh nár léir go raibh go leor machnaimh déanta ag an Rialtas ar impleachaí an chónasctha agus nach raibh fianaise ar bith ann go mbeadh sábháil airgid i gceist.

D’iarr sé ar an Aire Stáit a shoiléiriú an mbeadh an coimisinéir teanga neamhspleách ar an Ombudsman nó an mbeadh smacht ag an Ombudsman ar chúraimí an choimisinéara? An mbeadh an coimisinéir ábalta, mar shampla, fiosrúchán a dhéanamh ar chúrsaí teanga in Oifig an Ombudsman?

Chuir Conradh na Gaeilge “fáilte fhaichilleach” roimh an chinneadh ach thug Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le fios gur “cur i gcéill” a bhí ann.

Dúirt uachtarán an chonartha, Donnchadh Ó hAodha, go raibh an chuma air gur thuig an Rialtas go raibh pobal na Gaeilge ag iarraidh go mbeadh an coimisinéir teanga neamhspleách. Bhí “áthas” air go mbeadh sé lonnaithe sa Ghaeltacht.

Mar sin féin, bhí sé ag súil leis na mionsonraí faoin chomhcheangal a fheiceáil go luath le déanamh cinnte de nach mbeadh “aon dochar nó laghdú déanta ar fheidhmeanna, ar acmhainní ná ar chumhachtaí an choimisinéara”.

Thug stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin de Barra, le fios gur “cur i gcéill” a bhí sa chónascadh. Ní fhacthas dó go raibh sé soiléir cad é an dóigh a gceanglófaí an dá oifig le chéile “ó thaobh cúrsaí acmhainne de” agus níor thuig sé cad chuige “a n-aistreofaí cumhachtaí ó oifig amháin go hoifig eile muna bhfuil siad ach le tairmligean go reachtúil díreach ar ais arís”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times