Neart na Maltaise

A chara, - Deireann Pól O Muirí (Tuarascáil, 19 Bealtaine) nár chuala sé focal Máltaise á labhairt le linn a saoire san oileán…

A chara, - Deireann Pól O Muirí (Tuarascáil, 19 Bealtaine) nár chuala sé focal Máltaise á labhairt le linn a saoire san oileán breá sin. Ach buail amach ó na hóstáin agus na tithe tábhairne isteach i measc na ndaoine, ina dtithe féin nó sna heaglaisí Dé Domhnaigh agus, de réir mo thaithí féin ar aon nós, ni chloisfidh tú ach Máltais amháin á labhairt.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar mo shiúlóidí istoíche cois na farraige i Sliema, taobh ó thuaidh de Vaileite, nuair a bhíodh na daoine ina suí os comhair a gcuid tithe nó siopaí ag labhairt lena chéile, agus deirim libh nár thuig mé focal. Sin chomh breá beo agus atá an Mháltais. - Is mise,

DONAL McMAHON,

Corbally Close,

READ MORE

Saggart,

Co Dublin.