From The Archives: October 1st, 1980

Breandán Ó hEithir’s novel of student life in Galway in the late 1940s, Lig Sinn i gCathú , was published in English as Lead …

Breandán Ó hEithir's novel of student life in Galway in the late 1940s, Lig Sinn i gCathú, was published in English as Lead Us Into Temptationand adapted for the stage by Macdara Ó Fatharta. Deaglán de Bréadún was not entirely happy with its stage transformation at its production in the Peacock Theatre during the 1980 Dublin Theatre Festival. – JOE JOYCE

AG BUALADH amach as Amharclann na Péacóige dom tar éis an drama seo atá bunaithe ar úrscéal Bhreandáin Uí Eithir, comharthaí an tsaoil atá inniubh ann os mo chomhair – na dreamanna ag caint taobh amuigh des na tithe óil, na cailíní le “Beach Bum” agus a leithéid scríofa ar a léinte acu, na gluaisteáin nua-aoiseacha, an pictiúr sin, “The Night Porter” á thaispeáint i dteach scannán éigin . . . bhí mé á chur trí chéile i m’intinn an raibh baint ar bith ag an Éirinn seo leis an tír a cuireadh os ar gcomhair sa Phéacóg?

Macdara Ó Fatharta a chóirigh leabhar Uí Eithir don stáitse agus eisean a ghlacann páirt an phríomhcharachtair, Máirtín Ó Méalóid. Is mac léinn de chuid Ollscoil Bhailean Chaisil (i.e. Ollscoil na Gaillimhe) Máirtín, agus tarlaíonn na heachtraí go léir in achar cúig lá i 1949. Is í an Cháisc atá ann agus tá an Taoiseach, Seán Ó Coistealla, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Seán Mac Giolla Bhríde, ag brath “Poblacht na hEirinn” a fhógairt.

Is é sin le rá, go bhfuil fimínteacht san aer. Níl sa phoblacht atá le fógairt ach cleasaíocht pholaitiúil atá dá himirt ar de Valera, agus ní bheifear in ann feartlaoi Emmet a scríobh go foill. Tá go leor cinéalacha fimínteachta eile ar siúl, i gcúrsaí ghnéis go speisialta. Seo é an saol a bhfuil Máirtín ag fás suas ann agus, ní nach ionadh, tá sé ag iarraidh bheith neamhspleách uaidh.

READ MORE

Tá an teama céanna sa scéal seo is a bhí ag an Seoighneach in “A Portrait of the Artist as a Young Man” agus déantair an réiteach céanna ar an gcás – fágann Máirtín an tír, ag déanamh eascainí ar an tseanchráin a d’ith a hái.

Cé gur bhain mé taitneamh as an leabhar agus as an drámaíocht freisin, sílim go mbeadh se níos oiriúnaí, don scáiléan pé beag mór é, ná don stáitse. Seans gur leanadh ró-dhlúth do scéim an leabhair san athchóiriú, mar tá an iomarca mion-radharcanna ann, ionas nach féidir leat géilleadh go h-iomlan don dráma, margheallair go nathraíonn an láthair chomh minic sin.

Ach tá teama tábhachtach roghnaithe ag Ó hEithir agus molaim duit an drama a fheiceáil dá bharr sin agus de bharr na dea-aisteoireachta. Táim ag smaoineamh go speisialta ar Mháirtín O Díomsaigh mar iarghunnadóir de chuid an IRA, atá tagtha ar ais ó Mheiriceá.

Tá Áine Ní Mhuiri an-mhaith mar shean-Phoblachtánach mná agus thaitin Dermot Touhy liom go mór i bpáirt an Fhine Gaelaí a dtugann Ní Mhuirí íde béil uafásach dhó. Tá naoi bpáirt déag sa drama seo agus ní haon ionadh nach léirítear ro-dhomhain iad, cés moite de pháirt Mháirtín. Tugann Ó Fatharta léiriú deas chumach sa pháirt.


http://url.ie/7k96