An ghaoth san eornain

Alan Titley: Bhíothas á cháineadh a luathacht is a bhain sé an Palme d'Or

Alan Titley: Bhíothas á cháineadh a luathacht is a bhain sé an Palme d'Or. Scannán ar bith a bhaineann le stair na tíre, baineann sé leis an aimsir láithreach.

Dá ndéanfaí scannán faoi chath Chluain Tarbh bheadh an pobal scoilte ina dhá leath. Mhúsclófaí staraithe chun an fhírinne stairiúil a mheá agus bheadh polaiteoirí suaite ar eagla go ndéanfadh sé dochar don trádáil leis na tíortha Lochlannacha.

Ní móide gurb é an taobh daonna is mó a phléifear maidir le scannán Ken Loach The Wind That Shakes the Barley. Bíodh gur scéal daonna sa chéad áit é, scéal daonna é a bhfuil an saol poiblí ina mháistir air. Scéal daonna a léiríonn go cumhachtach nach bhfuil a leithéid de rud is saol príobháideach ann i leataoibh ón saol poiblí, agus nach ann don saol poiblí i leataoibh ón duine aonair. Is ar sceimhle a chéile a mhairimid araon.

Seachas muintir Iarthar Chorcaí a bheith ag casadh le hiomáint a imirt i bhfíorthús an scannáin níl aon nóta cam eile ar éigean ann. Tá dealramh na fírinne ar an mblas cainte trí chéile mura mbeadh gearán éigin ag canúineolaithe caolchúiseacha a bhfuil staidéar faoi leith déanta acu ar cheantar na Banndan siar. Ba dhóigh leat go bhfuil na héadaí cruinn ceart go fiú is má tá siad i leith na glaineachta. Na sráidbhailte chomh nocht ina gcuid ainnise mar nár theagmhaigh turasóir ar bith leo fós.

READ MORE

Thar aon rud eile tá ionraiceas lom ag baint leis. Meascán de chúiseanna a thugann ar dhuine ar bith dul le réabhlóid, is meascán is meascaithe fós a thugann air cloí léi. Daoine a ghabhann le gunna de bharr idé-eolaíochta, daoine a ghabhann le gunna mar nach bhfuil an dara rogha acu, daoine a ghabhann le gunna ar airgead an rí. Spiairí ag spiadóireacht le teann creidimh, agus spiairí a thiteann isteach ann toisc gurb é sin an ní is fusa dóibh a dhéanamh.

Ní beag dá neart an díriú ar aon phobal beag amháin. Agus ní mór nach bhfuil pobal eile na hÉireann ann in aon chor. Is é seo náisiún na mbailte fearainn ag troid ar son bailte fearainn an náisiúin. Tá an chaint ard ann, ach is caint íseal í ar ghualainn saighdiúirí an rí ag siúl go poimpéiseach ar do chuid sráideanna agus tú ag umhlú go talamh rompu le corp critheagla. Is lag mar reitric í focail mhilse an náisiúnachais suas is anuas le fírinne shearbh do theach a chur trí thine, agus is láidir má bheadh aon duine neodrach nuair a thosnófaí ar do chuid comharsana a lámhach.

Is samhlaoid an méid sin féin ar an gcaidreamh cumhachta riamh anall. Níl puinn tábhachta dúinne anois gur Dúchrónaigh a léiríodh ag réabadh is ag creachadh, cé gurbh é sin an t-aon ní a mheáigh do mhuintir Chorcaí le linn an chogaidh fhuascailte. Dúchrónaigh iad mar ba dhúchrónaigh iad saighdiúirí na Rúise in aghaidh na hAfganastáine, is amhais na hIndinéise in aghaidh Timóir Thoir, is na Sínigh in aghaidh an Tibéid, is an Janjaweed in aghaidh mhuintir Darfur, is cóip na gcarabhán Meiriceánach in aghaidh mná, fir is páistí na hIaráice ar a misean gabháltais gan taise gan trócaire.

Gineann gabháltas an cheist nach bhfuil aon dul aisti. Cén gaol agat le toscaí na gabhála? Glacadh léi, aontú léi, dul ina coinne go síochánta, labhairt go fiata, comhoibriú, magadh fúithi, dul ar imirce más féidir, aor a chumadh, dráma a scríobh, dul ar stailc ocrais phoiblí, guaillí a chraitheadh, feadaíl san aer, do chraiceann féin a shábháil, do shúile a dhúnadh, gunna a chur id ghlac, gunna a chur faoi d'adhairt, píce a chur sa tuí, píce a bhaint as an tuí, labhairt go séimh, gan faic a rá, labhairt go líofa is gan faic a rá, bheith liom leat, bheith liom liom, bheith idir eatarthu agus idir idir, complacht a eagrú, an scilling a ghlacadh, an namhaid a lámhach, do dheartháir a lámhach...?

N'fheadair aon duine conas mar a bheadh aige féin dá dtiocfadh na saighdiúirí ar ais. Is cinnte go bhfuilid ann daoine go tiubh a d'fháilteodh rompu dá mbeadh cótaí dearga orthu, nó réaltaí agus stríocaí ar a meirge. Ina choinne sin, is daoine iad a bhformhór nach gcuirfeadh in aghaidh impireachta ar bith dá mbeadh crúba féin ar a cosa, adharca ar a ceann agus tine ruibhe ag séideadh as gach poll. Tuigimid an méid sin mar táid ag tuirlingt inár measc gach lá in árphort na Sionainne, ar a slí go dtí Iarthar Chorcaí na hIaráice, áit a bhfuil gaoth an bháis ag siabadh trí eornain fhann na ndaoine, gan dídean, gan fhothain, gan chosaint.