Trí chéad scoil, tríocha míle dalta, lá mór amháin. Sin é mana Gaeilge24, imeacht mór de chuid Chonradh na Gaeilge a spreagann daltaí fud fad na tíre Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig: sa bhaile, ar scoil, sa siopa, sa chlub spóirt agus le cairde.
Tá Gaeilge24 ar cheann de na príomhimeachtaí a eagraíonn Conradh na Gaeilge do dhaltaí scoile gach bliain agus táthar ag súil go mbeidh na mílte páirteach ann arís i mbliana.
Nuair a chláraíonn rang nó scoil le haghaidh Gaeilge24, faigheann siad pacáiste do gach dalta ina bhfuil t-léine, banda láimhe, teastas, leabhrán beag le frásaí úsáideacha agus cárta urraíochta. Iarrtar ar na daltaí iad féin airgead a bhailiú don charthanas, a rachaidh i dtreo mhórfheachtais an Chonartha cosúil le CEARTA agus Athghaelú, imeachtaí náisiúnta cosúil le hArd-Fheis na nÓg agus eagraíochtaí ar nós Raidió Rí-Rá.
An aidhm atá le Gaeilge24 ná cuidiú le daltaí cur lena stór focal agus taithí a thabhairt do na daltaí sin atá ag ullmhú don scrúdú béil ach go háirithe. Is fiú 40% de mhóriomlán na marcanna san Ardteist anois é agus mar sin cuideoidh Gaeilge24 go mór le daltaí agus le múinteoirí comhrá nádúrtha a spreagadh sa seomra ranga.
READ MORE
An bhfuil suim ag do rang féin a bheith páirteach? Is é amárach, 21 Deireadh Fómhair 2026, an dáta deireanach le haghaidh réamhchláraithe. Téigh chuig cnag.ie le clárú nó le tuilleadh eolais a fháil.
Albam úrnua fógartha ag Doireann Ní Ghlacáin
Níl stop ar bith le Doireann Ní Ghlacáin na laethanta seo agus í ag podchraoltóireacht léi agus ag scaipeadh na Gaeilge thar lear. Ar ndóigh, nuair nach mbíonn Doireann le feiceáil ar an scáileán, bíonn sí ag seinm na fidle, ag ceol agus ag portaireacht fud fad na tíre. D’fhógair Doireann ar na mallaibh go mbeidh a céad albam aonair, An Tairseach, ag teacht amach i mí Eanáir 2027.
Tá an ceol fite fuaite i dteaghlach Uí Ghlacáin. D’fhoghlaim Doireann an fhidil óna hathair, a d’fhoghlaim an fhidil óna athair féin, agus d’fhoghlaim sí traidisiún an tsean-nóis ó theaghlach a máthar, Clann Uí Riada i nGaeltacht Chúil Aodha in Iarthar Chorcaí. Albam lán le ceol traidisiúnta agus portaireacht cheolmhar bhinn a bheidh in An Tairseach ina bpléifear cumhacht an cheoil, mórtas áite, béaloideas agus an Tairseach í féin – an spás idir an saol seo agus an saol eile.
Beidh Doireann ag dul ar camchuairt leis an albam seo a chur chun cinn i nGaillimh, i gCorcaigh, i Luimneach, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra agus Márta na bliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais faoin chamchuairt agus faoi na ticéid ar fáil ar Instagram @doireannnighlacain. Chomh maith leis sin, tá An Tairseach ar fáil le réamhordú ar Bandcamp anois. Seolfar an t-albam an 15 Eanáir 2027.
Céimithe Nua Tosaithe ar Chlár Ceannródaíoch GAIRM
Chuir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) fáilte roimh chohórt nua ar an scéim GAIRM an mhí seo. Mar chuid den scéim seo, tosaíonn céimithe ar chonradh fostaíochta dhá bhliain le hÚdarás na Gaeltachta agus baineann siad Dioplóma Iarchéime leibhéal 9 amach i gcomhar le OTA. Chomh maith leis sin, faigheann siad taithí ghairmiúil thar a bheith luachmhar mar oifigigh feidhmiúcháin i rannóga éagsúla an Údaráis ar fud na Gaeltachta, sna hoifigí réigiúnacha de chuid an Údaráis sna Forbacha, i nGaoth Dobhair, i mBéal an Mhuirthead, i nDaingean Uí Chúis nó i mBaile Mhic Íre.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, gurb í “an fhís atá againn don scéim seo ná go bhfuilimid ag cothú an chéad ghlúin eile de cheannairí agus bainisteoirí, bíodh sé san Údarás nó sa státseirbhís, áit a bhfuil éileamh ollmhór ar dhaoine le Gaeilge, éileamh a bheidh ag fás. Tá an-rath feicthe againn leis an gcéad ghrúpa rannpháirtithe agus táimid muiníneach go mbeidh an cohórt nua chomh díograiseach céanna.”
Dearadh an cúrsa go hiomlán as an nua in 2024 chun scileanna bainistíochta na rannpháirtithe a fhorbairt agus iad ag tabhairt faoi cheithre mhódúil déag thar thréimhse dhá bhliain. Chríochnaigh naonúr an scéim i mbliana agus tá thart ar 80% acu fostaithe ó chríochnaigh siad an clár i réimse leathan eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.
Gaillimh le Gaeilge ag earcú Oifigeach Pleanála Teanga
Tá duine ‘fuinniúil, díograiseach agus dearfach’ á lorg ag Gaillimh le Gaeilge chun tacú le comhordú agus le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe. Is post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana é seo a bheidh lonnaithe in Oifig Ghaillimh le Gaeilge i gcroílár Chathair na Gaillimhe, agus beidh gá le solúbthacht maidir le freastal ar chruinnithe, imeachtaí agus gníomhaíochtaí taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige ó am go ham.
Beidh gá le Gaeilge líofa, idir labhartha agus scríofa, don phost seo chomh maith le taithí chruthaithe ar thionscadail a phleanáil, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm ó thús deireadh agus cur amach den scoth ar theicneolaíocht dhigiteach agus na meáin shóisialta.
Más duine thú atá go maith ag obair le daoine eile, atá in ann smaointe nua a fhorbairt, agus atá ag iarraidh deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair, is féidir cur isteach ar an phost seo ag gleg.ie. Is é an 9 Samhain an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Má tá ceist ar bith agat faoin phost, is féidir teagmháil a dhéanamh le Bríd ag brid@gleg.ie nó ag 0872863075.











