Le linn ama a bhfuil spásanna pobail gann, agus dóchas tithíochta ag dul in éagmais i gcónaí, ba splanc dhóchais a sholáthair an tIonad Pobail Áine Ní Dheagláin sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath.

Bhaist National Geographic ‘Brooklyn Átha Cliath’ ar na Saoirsí le gairid - ráiteas atá áibhéalach agus a dhéanann beag is fiú den áit in aon gheábh amháin. Is iomaí cúis freastal ar an gceantar: tithe cluthair tábhairní, Sráid Vicar, bialanna blasta Shráid na Mí, ionaid spéisiúla staire. Carachtar na háite cúis lena háilleacht áfach, rudaí nach bhféadfá a phleanáil, agus ar fiú caomhnú: tá sean-nósanna cathrach go tréan fós sna gnólachtaí áitiúla, margaidh ar an tseanstíl, tithe gleoite na mbrící dearga, pobail agus comharsanachtaí i dteagmháil rialta lena chéile, agus meascán sláintiúil de dhaoine de bhunú na háite, mic léinn, daoine óga atá ag saothrú sa gcathair, agus teaghlaigh óga. Bunús parthais, ach ligean dó bláthú. Faraor nach bhfuil an aidhm sin á chothú ag pleanáil áitiúil, ná ag na comhlachtaí corparáideacha atá ag ceannach agus ag díol sa gceantar.
An mhí seo caite, ghlac baill den Revolutionary Housing League (RHL) agus CATU seilbh ar Ardeen House, teach tábhairne atá dúnta ó bhí 2011 ann. Tugadh Ionad Pobail Áine Uí Dheagláin air. Ba phoblachtánach agus gníomhaí í Áine Ní Dheagláin a gabhadh í nuair a theip ar iarrachtaí éirí amach 1803 lena raibh baint aici, in éindí le Robert Emmet agus Michael Dwyer. Chaith sí deireadh a saoil sna Saoirsí sular cailleadh í in 1851.
An bhliain seo caite, bhí 14,000 foirgneamh folamh i mBaile Átha Cliath, fad is atá ar a laghad 11,000 duine gan dídean, agus 1 as gach 10 n-áit ar cíos sa gcathair ina Airbnb
Mhúsclódh sé cumha croí an áit a fheiceáil: páipéar aoibhinn na mballaí, beár suntasach adhmaid, gloiní fós taobh thiar dó, mar a fágadh an áit oíche éicint ag súil go bhfillfí an lá dár gcionn. Tá cruth breá ar an áit, le spás aoibhinn ócáide in airde staighre, cé gur thíos staighre amháin atá oscailte don phobal anois. Sprioc an RHL ná spás pobalbhunaithe agus pobaldhírithe a dhéanamh den áit. Dar leo gur gníomh díreach anois an t-aon rogha atá acu, agus achainíocha na mblianta tite ar chluasa bodhra polaiteoirí. Cás ar leith an ceantar seo toisc forbairtí suntasacha corparáideacha le gairid - óstáin, árasáin atá folamh toisc iad a bheith róchostasach don ghnáthdhuine, agus lóistín daor mac léinn.
READ MORE
Níor ghlac sé ach dhá lá ar údaráis iarracht a dhéanamh an dream a ruaigeadh. Ar an 27 Bealtaine chuir an Ard-Chúirt faoi ordú eatramhach baill den RHL. Faoin 3 Meitheamh bhí Eoghan Lynch agus Seán Doyle os comhair na cúirte. Is le Black Sheep Investments teach tréigthe Ardee. B’é an stiúrthóir Jack Teeling (den chomhlacht fuisce a bunaíodh in 2017 agus a bhfuil ionad turasóireachta acu sa gceantar) a thuairiscigh go raibh grúpa théis briseadh isteach ar an láthair le hionad pobail agus caife a oscailt ann.
Dúirt Teeling leis an gcúirt go raibh iarratas pleanála déanta leis an gComhairle Cathrach maidir leis an bhfoirgneamh. Cé gur fíor dó, is cleas coitianta é cur isteach chead pleanála agus fios nach nglacfaí leis, le teacht timpeall ar fhíneáil agus rialacha maidir le foirgnimh thréigthe.
Ó shin, tá láithreacht leanúnach ag na Gardaí ag an ionad, áit a bhfuil ceardlanna agus ciorcail chomhrá shíochánta á reáchtáil, agus an caife ar oscailt i gcaitheamh an lae. Rinneadh ruathair ar an áit Dé Sathairn 20 Meitheamh, nuair a leaindeáil seirbhísí speisialta armtha le scanradh a chur orthu siúd a bhí ag cosaint na háite. Rinneadh ruathar freisin ar thithe agus bailte na ngníomhaithe féin. Dar leis an TD Paul Murphy gur “iarracht imeagla a chur ar na gníomhaithe” a bhí ann agus ráiteas á lorg aige ón Aire Cothromais, nár tháinig fós agus na focla seo á chur ar phár. Tá baill den RHL ag fanacht thar oíche san ionad len a chosaint. Is minic nuair a chuirtear ruaig ar dhreameanna ó spásanna ar glacadh seilbh orthu go ndéantar scrios d’aon turas ar aon rud a d’fhéadfadh an áit a dhéanamh inrochtana arís: leithris a bhriseadh, dorais a bhaint, troscán a bhriseadh. Scannal saolta go ndéanfar tuilleadh scrios nuair a bhí rogha ann tógáil ar an láthair chéanna.

An bhliain seo caite, bhí 14,000 foirgneamh folamh i mBaile Átha Cliath, fad is atá ar a laghad 11,000 duine gan dídean, agus 1 as gach 10 n-áit ar cíos sa gcathair ina Airbnb. Ag cruinniú poiblí de chuid an RHL, ardaíodh ceist freisin tuige nár cuireadh dlí riamh ar chomhlachtaí príobháideacha sa gceantar, a sháraigh cead pleanála le blianta beaga anuas: tithe sóisialta mífheiliúnacha, riachtanais go dtógfaí spásanna poiblí nár osclaíodh don phobal riamh, áiseanna a bhí mar choinníoll don chead pleanála ach nár cuireadh ar fáil riamh. “Is cúirt dlí seachas cúirt chothromais lena bhfuil muid ag plé. Agus córas atá ag freastal ar chomhlachtaí corparáideacha seachas ar an bpobal” arsa Seán Doyle leis an slua.
Agus an t-alt seo á scríobh, tá baill den RHL fós ar an láthair, cé go bhfuil an áit á glanadh amach de réir a chéile. Is bocht an scéal agus is boichte an radharc é: an spás aoibhinn seo - ina raibh pobal faoi bhláth, cruinnithe corraitheacha, ceardlanna garchabhrach, ceachtanna teanga, agus oícheanta scannán do chách - na maisiúcháin agus soilse á mbaint agus á múchadh le go bhfágfar fuar folamh arís í.
Dar leis an RHL áfach nach deireadh an scéil a ruaigeadh. Tá beartaithe acu spás eile a ghlacadh sa gcathair. Agus spás eile i ndiaidh sin, go dtí go n-éistfear lena nglór, agus go dtabharfar tús áite do phobal, daoine, agus cultúr ár gcathrach, thar mhianta fuarchúiseacha corparáideacha.
Foclóir:
éagmais = absence
cluthair = cosy/snug
caomhnú = preservation/conservation
ruaigeadh = eviction/driving out
tréigthe = abandoned/deserted
eatramhach = interim/temporary
inrochtana = accessible
mífheiliúnach = unsuitable












