Cos ar chos, ó bhéal go béal

Leabhar cumhachtach corraitheach is ea Miñan, a bhfuil leagan Gaeilge de anois ar fáil

Bunaíodh an Gúm in 1926 chun leabhair a aistriú go Gaeilge agus chun ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.  Grianghraf: iStock/Getty
Bunaíodh an Gúm in 1926 chun leabhair a aistriú go Gaeilge agus chun ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Grianghraf: iStock/Getty

Tá eagrán speisialta den iris Comhar ann an mhí seo mar chomóradh ar 100 bliain den Ghúm. Is mithid sin, óir ba rómhinic an eagraíocht sin a bheith ina ceap milleáin do gach ní nach raibh ag dul ar aghaidh go seolta i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, agus gur dearmadadh go háiseach a raibh de mhaitheasaí curtha i gcrích aici.

Ar cheann de na maitheasaí móra sin ba ea scéim an aistriúcháin a chuir oiread sin de chlasaicí an domhain fara leabhair mhóréilimh na linne ar fáil don phobal i nGaeilge ghlanálainn den uile chineál. Is fíor gur lochtaíodh an scéim de thoisc gurbh ón mBéarla ba ea formhór na n-aistriúchán sin, ach bhí sin intuigthe ós ní é gurbh é an Béarla an teanga eile ba mhó a bhí ag lucht pinn. Ach díol suntais is ea líon na dteangacha éagsúla ar fáisceadh Gaeilge astu, an Fhraincis gan amhras mar theanga impiriúlach choncais eile, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Rúisis, an Bhreatnais, an Bhriotáinis, an Laidin bharbartha agus an Ghréigis chlasaiceach. Go deimhin, ba mhinic turas guairdeallach ag leabhar ar nós Quo Vadis le Henryk Sienkiewicz a scríobhadh sa Pholainnis mar gheall ar phobal a labhair an Eabhrais agus an Laidin a tiontaíodh go Béarla agus arbh uaidh a chuir Aindrias Ó Céileachair Gaelainn Chorcaí air.

Turas níos guairdeallaí céanna ó theanga go teanga a dhein Deartháir Beag – Miñan – le hIbrahima Balde agus Amets Arzullus Antia agus é arna aistriú le Séamus Mac Conmidhe (Creative Commons/Susa). Is é atá ann cuntas dírbheathaisnéisiúil a d’eachtraigh Ibrahima, arbh í an Fhuláinis a theanga dhúchais, do Amets a chuir Bascais air agus inar foilsíodh é i dtosach. Níl sé soiléir cén teanga inar aithris Ibrahima a scéal, ach dhealróinn gur Fraincis í, toisc é sin a bheith aige ón nGuine mar theanga oideachais agus riaracháin a thíre dúchais mar iarsheilbh de chuid na Fraince. Níl sé soiléir ach an oiread cén teanga ar bhain Séamus Mac Conmidhe leas aisti lena chur i nGaeilge, ach is róchuma, mar is scéal cumhachtach corraitheach atá ann, ceann de scéalta ár linne, scéalta an domhain.

Deartháir Beag (Miñan) le hIbrahima Balde agus Amets Arzullus Antia agus é arna aistriú le Seamus Mac Conmidhe 
(Creative Commons/Susa)
Deartháir Beag (Miñan) le hIbrahima Balde agus Amets Arzullus Antia agus é arna aistriú le Seamus Mac Conmidhe (Creative Commons/Susa)

Uaireanta shílfeá gur ceann de dhírbheathaisnéisí Gaeltachta na haoise seo caite a bhí á léamh agat ar leathanaigh thosaigh an tsaothair seo: an óige, an scoil, an bhochtaineacht, an saol mór lasmuigh, sclábhaíocht na muintire, seachas go bhfuil an tús seo suite sa Ghuine sa chúinne thiar theas d’ilchríoch na hAfraice. Nuair a fuair a athair bás (“Chuir mé mo lámh ar a chorp. Oighear go díreach”) is eisean an té is sine sa teaghlach agus caitheann sé éirí as an scolaíocht d’fhonn airgead a thuilleamh dóibh. Tá go holc agus tá go dian, ach gabhann a dheartháir óg - Miñan an teidil - ar seachrán ó thuaidh go dtí an Libia chun iarrachta ar an Eoraip a bhaint amach, agus ní foláir do Ibrahima dul á lorg agus a thabhairt ar ais, dá mb’fhéidir. Bíonn air a mháthair agus a dheirféaracha óga a fhágaint ina dhiaidh, agus is róléir an grá thar meán atá aige dóibh. B’éigean dá mháthair trí ghabhar a dhíol d’fhonn is go bhféadfadh sé íoc as an turas.

Scéal na lorgaireachta sin is ea formhór an leabhair, an turas anróiteach tríd an ngaineamhlach, uaireanta ar leoraí, uaireanta ar bhus, uaireanta de shiúl na gcos: “Shiúil mé ar feadh naoi n-uair an chloig déag, go dtí a sé a chlog ar maidin. Sléibhte gainimh, gleannta gainimh, gaineamh ba ea gach rud.” Dhein sé gach saghas oibre sclábhaíochta ar an taobh eile. In áit amháin cuireadh i bhfeighil na mílte cearc é in aon haingear fairsing ollmhór agus dúradh leis dá ndéanfaí dearmad go raibh sé ann go gcaithfeadh sé an mhin a ithe chomh maith: “Ithe leis na cearca, codladh leis na cearca, gach rud leis na cearca.”

Is é an trácht atá aige ar na dálaí do na himircigh i dtuaisceart na hAfraice an ní is mó ar ceart dúinn suntas a chur ann. Braitheann tú go bhfuil an Afraic go léir i mbun gluaiseachta ina sluaite pobal agus nach bhfeadair go leor díobh cá bhfuil a dtriall. Níos measa ná sin “príosún ollmhór atá in Libia”, go háirithe na campaí teifeach a bhfuil cur síos scanrúil aige orthu, idir choiriúlacht, sclábhaíocht, chiapadh, ocras agus oilc eile nach bhfuil deacair a shamhlú. Níos measa arís, is lag an meas atá ar na hAfracaigh seo sa taobh ó thuaidh den mhór-roinn: “Sna tíortha Arabacha, sa Mhagraib, níl meas ar bith acu orainn.” Is féidir leis an gciníochas a bheith daingean i measc daoine a bhfuil drochmheas ciníoch orthu féin, mar is eol do mhuintir na hÉireann, ach a dhearmadtar go hoiriúnach.

Níos measa ná sin ‘príosún ollmhór atá in Libia’, go háirithe na campaí teifeach a bhfuil cur síos scanrúil aige orthu, idir choiriúlacht, sclábhaíocht, chiapadh, ocras agus oilc eile nach bhfuil deacair a shamhlú.

Toisc nach scéinséir é seo agus nach bhfuil puinn tábhachta leis an bplota ann féin, is féidir a nochtadh nach bhfuair sé a dheartháirín óg féin riamh. Is amhlaidh gur báthadh i Loch an Bháis é, is é sin sa Mheánmhuir, ar nós na mílte mílte eile gan ainm, gan áireamh. “A Miñan, cad chuige a raibh tú ag iarraidh dul chun na hEorpa?” a screadann sé amach nuair a fhaigheann sé an scéala. Óir, ní raibh sé féin ag iarraidh dul ann ach an oiread leis na milliúin eile nach raibh aon dul as acu.

File agus iriseoir é Amets Arzullus Antia ó Thír na mBascach ar thaobh na Fraince den teorainn, agus is amhlaidh gur casadh Ibrahima air de ghlantimpist theagmhálach nuair a bhí an Fulani óg ón nGuine ag lorg tearmainn. Bhí Amets i mbun cabhrú le teifigh dul i ngleic le cathair ghríobháin mhaorlathas na n-údarás le dúil is go dtiocfadh a n-iarrachtaí slán ón abar ina raibh siad. De réir is mar a labhair siad le chéile is ea a tuigeadh gur scéal é seo gur ghátarach é a insint. Bhí an ceart aige. D’fhás an leabhar as na comhráite a bhí acu le chéile ó bhéal ar fad. Mar sin, is stíl éasca bunaithe ar an gcaint atá ann siar amach, ach stíl mhacánta í chomh hamh le práta ar an iomaire agus dá réir sin a ghabhann go feirc. Mar a deir Amets in iarfhocal gairid an tsaothair: “Is leabhar a scríobhadh gan pháipéir an leabhar seo.”

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar