Ceoltóirí Éireannacha a bhfuil gealladh fúthu in 2026

Agus muid ag súil chun cinn ar an mbliana nua amach romhainn, tugann Emma Ferrari léargas dúinn ar chuid de na ceoltóirí Éireannacha ar chóir súil - nó cluas - a choinneáil orthu sna míonna atá le teacht.

Hilary Woods
Hilary Woods

Cable Boy

Cúigear as Baile Átha Cliath a bhfuil stíl ar leith acu a mheascann shoegaze le groove agus beagán dioscó. ‘Goth-rock’ a thugann siad féin ar an seánra atá á chruthú acu. D’eisigh siad cúpla singil in 2025 - Useful Gift agus WIWY ina measc. Chas siad sa Workman’s roimh Bold Love ag deireadh na bliana seo caite, agus más aon chomhartha an fuinneamh agus fonn damhsa lenar líon siad an seomra an oíche sin, tá bliain mhór ar na bacáin dóibh, ina bhfuil siad lena gcéad albam a eisiúint agus a scileanna mar bhanna beo ar an ardán a léiriú ag féilte ar nós Croílár 2026.

Hillary Woods

Ní raibh aon mhoill ar Hillary Woods agus í ag cur tús le 2026, agus gigeanna curtha di i Londain agus dhá oíche díolta amach i mBaile Átha Cliath aici cheana féin. Eisíodh a EP Nightcriú ag deireadh na bliana seo caite. Cruthaíodh agus taifeadadh an-chuid de ar Inis Oírr, agus tá braistint sceirdiúil, shíochánta, ach fhiáin an oileáin chéanna le mothú sa gceol. Is é seo an chéad uair a bhfuil glór an ealaíontóra le cloisteáil ina saothar, a bhíonn taibhsiúil agus dorcha - rud feiliúnach, mar a bheadh sí ag glaoch orainn trí dhorchadas na bliana ina bhfuil muid faoi láthair.

Jessie & the Veil
Jessie & the Veil

Jessie & the Veil

Bliain ó shin, ní raibh aithne ag Jessie Dingle ar an gcúigear eile atá anois ina banna ceoil faoin teideal Jessie & the Veil. Thug Jessie faoin scéim Glór Ár Linne in 2025, agus chaith sí an bhliain ag cruthú go dícheallach ní hamháin amhráin don stiúideo agus íomhá don ardán, ach straitéis éifeachtach do na meáin shóisialta freisin. Tháinig an banna le chéile le seónna beo a chasadh, sliotán ag Electric Picnic agus sa Grand Social ina measc, agus ba léir láithreach go raibh rud éicint speisialta acu. Ina gúnaí a thugann fantaisíocht agus rómánsaíocht le fios, tá idir bhinneas agus stangadh i nglór Jessie, a chasann amhráin a bhfuil scéalaíocht agus teachtaireacht iontu, faoi anáil leithéidí Jeff Buckley agus The Cranberries. Tá chéad singil an bhanna, ‘An Bhfuil Tú i nGrá Léi?’, le seoladh, go feiliúnach, ar Lá Fhéile Bríde, an 1 Feabhra.

Calum Agnew

Ó Whelan’s “Ones to Watch” go buaiteoir an teidil “New Local Hero”, comórtas Hot Press na bliana seo caite, is beag duine san earnáil nach bhfuil súil amháin acu ar Calum Agnew, réalta óg as contae na Mí atá ag cruthú ceoil, as Béarla agus i nGaeilge, ó bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí deiseanna ardáin aige ag Other Voices, Electric Pincic agus ar The Six O’Clock show, áit ar chuir sé a phopcheol anamúil os comhair na sluaite. Tá sé ag fáil faoi réir le tús spleodrach a chur le 2026 anois lena EP Bad Boy atá le seoladh i mí Feabhra.

Saibhín

Amhránaí a bhfuil glór cumhachtach agus láithreacht mhealltach aici í Saibhín, ceoltóir Meicsiceach-Éireannach a bhfuil fréamhacha curtha aici i saol an cheoil i mBleá Cliath le tamall de mhíonna anuas. Chuir sí barr maise ar an mbliain seo caite le gig i spás thuas staighre in Arthur’s ar Shráid Thomáis, áit a mbíonn snagcheol agus gormacha le cloisteáil go minic, i ndiaidh di dhá shingil a eisiúint agus seit a chasadh ag Electric Picnic. In éindí le seisear eile, cuireann sí sluaite faoi gheasa lena glór agus ag damhsa le buillí agus rithimí sa gceol a spreagann idir chaoineadh agus cheiliúradh.

Max Zanga agus Matt Ó Baoill ón mbanna Tebi Rex
Max Zanga agus Matt Ó Baoill ón mbanna Tebi Rex

Filmore!

Leath Tebi Rex, agus an intinn a bhí freagrach as an gcuid is mó d’íomhá, coincheapa agus roghanna stíle an bhanna, is ea Max Zanga. Le linn 2025 d’fhógair sé féin agus Matt Ó Baoill go raibh ceann scríbe bainte amach ag an togra rapcheoil sin, agus chuir siad deireadh maisiúil lena ré le halbam, Fin, agus seó deiridh bliana sa Button Factory. Ach fear le ladhar i ngach scéal is ea Max agus bhí cos amháin aige cheana féin i seánra eile (rapcheol le blas indie rac) faoin ainm Filmore!. Seoladh an togra sin le linn Ireland Music Week 2023, ach anois go bhfuil deireadh le Tebi Rex tá spás fáis ag an bpersona eile seo…

Saoirse Miller

Glór atá le cloisteáil ar Entrance Places de chuid Rory Sweeney ar an albam Old Earth, a bhain uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann anuraidh (éacht nach beag d’eisiúint ailtéarnach neamhspleách), agus bean a d’eisigh EP dá cuid féin i gcaitheamh 2025. Óna leagan meallacach den amhrán Casadh an tSúgáin go seó ilmheán taibhsiúil ag Other Voices ag deireadh na bliana, bogann an ceoltóir seo idir réimsí go snasta agus beidh le feiceáil cé na goirt úra a fhiosróidh sí sa mbliain úr.

Foclóir: ar na bacáin = in store, on the horizon

feiliúnach = fitting, apt

seónna beo = live shows

sliotán = slot

meallacach = beguiling, entrancing