Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
The Prodigy - Everybody in The Place (Fairground Mix). Bheadh an traic sin le cloisteáil chuile mhaidin ag teacht amach as mo sheomra roimh an scoil.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Olan Monk.
READ MORE
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?
Ba bhreá liom banna ceoil a chur le chéile ag plé le punk agus hardcore.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Dúirt Jeff Mills uair amháin nár chóir a bheith ag breathnú siar ar chúrsaí teicneo ach gur ceol na todhchaí atá i gceist, agus mar sin ceapaim go bhfuil an t-éacht sin fós le déanamh agam!
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Chuir Skrillex teachtaireacht agam ag rá gur mise ceann de na DJs is fearr dá bhfaca sé a riamh théis mo sheit ag féile CTM sa nGearmáin - bhí sé sin sách cool.
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Aon chomhairle a fuair mé sa láthair caite tobac taobh amuigh de Hangar.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
The Irishman, The Sopranos, The Singing Flame le hErnie O’Malley.
Ceapaim féin go bhfuil an borradh teanga seo mar thoradh ar an eacnamaíocht agus ar an meon polaitiúil a chreideann gur comhlacht é an t-oileán seo ar an gcaoi chéanna ar cheap Thatcher.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Bhí mo mháthair, Máirín Uí Choileáin, mar mhúinteoir Béarla, Drámaíochta agus OSSP agam sa mheánscoil in Indreabhán agus ní chuirfeadh sé iontas ar aon duine go raibh an-tionchar aici orm. Taobh amuigh den scoil tá leabhar scríofa aici dar teideal Aisteoirí An Spidéil faoin ghrúpa drámaíochta den ainm céanna agus an tionchar a bhí acu ar an gceantar agus ar an teanga de bharr a chuid oibre i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta. Dhéanfadh sí a dícheall i gcónaí ar scoil agus bhí sí i gcónaí ag iarradh chuile dhuine a bheith páirteach sa stuif a bhain leis an drámaíocht ar scoil. Is duine an-inspioráideach í mo mháthair.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
An chuimhne atá agamsa faoi mo theach agus mé ag fás aníos ná atmaisféar neamhspleách agus reibiliúnach, ach do dhícheall a dhéanamh i gcónaí agus a bheith go deas le daoine eile. Chomh maith leis sin bhí sé an-Ghaelach sa teach i dtéarmaí scannán, leabhar agus ceoil. Agus ní hamháin cultúr Chonamara - is as Baile Átha Cliath mo dhaide - bhí neart Thin Lizzy, The Commitments agus a leithéid le cloisteáil in Indreabhán fiú!
Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Bheadh mé seasta síoraí ag tarraingt pictiúr. Tá múinteoir ealaíne in Indreabhán darb ainm Elaine, agus bheadh mé sna ranganna sin ag déanamh mo chuid leaganacha féin den ealaín a bheadh ag The Prodigy, Daft Punk agus The Chemical Brothers.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?
SHXCXCHCXSH agus Tommy Holohan i Hangar in 2016. Is í an chéad oíche teicneo a raibh mé aige i mBaile Átha Cliath agus ceapaim gurb shin é an oíche gur shocraigh mé féin (agus neart daoine eile a bhí ann) a bheith dáiríre faoin DJáil.
Cad iad na rudaí is fearr atá cloiste agat le déanaí?
Songs for Nothing le Olan Monk. Chomh maith leis sin na halbaim is déanaí le SHXCXCHCXSH, Esdeekid, Just Mustard agus Oklou.
Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?
Pálás (RIP), Starling i Luimneach, Amharclann Oileán Atlanach i nGaillimh agus The Lighthouse i Margadh na Feirme, i mBaile Átha Cliath.
Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
Creidim go bhfuil gluaiseacht an-chruthaitheach sna healaíona in Éirinn faoi láthair. Ach, go réalaíoch, tá sé an-chosúil leis an sacar - níl aon infheistíocht ag dul isteach ar an mbunleibhéal anseo sa mbaile i dtéarmaí ionad, láithreacha ceoil nó clubanna oíche. Bhí mé i láthair ag an gcéad chruinniú a bhí ag an ngluaiseacht nua de Give Us The Night sa Grand Social in 2018 agus níl faic athraithe ag an rialtas in ainneoin an bhrú ar fad atá Sunil Sharpe srl. théis a chur orthu. Tá an córas ceoil anseo go hiomlán briste agus scriosta ag an meon caipitlíoch atá sa tír. Tá a fhios agam féin mar gur tháinig mé féin tríd an gcóras seo agus ní dhéanann sé ciall ar chor ar bith; tá orainn seinnt in áiteacha nach bhfeileann don cheol ar son faic ó thaobh airgid de ar feadh na mblianta, agus ansin nuair a fhaigheann muid píosa aitheantais ón dream thall i Sasana bíonn meas ag chuile dhuine anseo orainn. Is é an rud ceannann céanna atá i gceist le Sraith na hÉireann agus foireann sacair na tíre. Tá a fhios ag chuile dhuine nach bhfeidhmíonn an córas ach leanann muid ar aghaidh ar an gcaoi chéanna i gcónaí. Sílim go bhfuil orainn ár meon a athrú agus dul i gceannas ar ár n-ionaid chruthaitheacha phoiblí mar nach bhfuil an rialtas anseo fiú amháin in ann teach a thógáil!

Cén cineál áite a spreagann thú?
Is breá liom a bheith san amharclann liom féin, déanaim an méid is mó machnaimh faoi mo shaol a fhad is atá mé ag breathnú ar scannán i m’aonar.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?
I rith mí amháin i mbliana, bhí mé sa seomra céanna le Catherine Connolly, Christy Moore agus Mary Lou McDonald, bhí mé in uaimh lán le sciatháin leathair le haghaidh searmanas Págánach i gCill Chainnigh ar Oíche Shamhna, agus scóráil mé dhá chúl in bPáirc Éamonn Deacy le foireann Galway United Legends ag cluiche teistiméireachta Stephen Walsh. Thosaigh mé an turas seo mar DJ teicneo.
Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Is teanga ‘disruptive’ í an Ghaeilge agus téann ‘disruptions’ díreach i gcoinne na hidé-eolaíochta nualiobrálaí a gcuireann muid ar fad suas leis, a bhuí le Mícheál agus Simon s’againne sa Dáil agus leis an dream ar fad a tháinig rompu le 100 bliain anuas. Ceapaim féin go bhfuil an borradh teanga seo mar thoradh ar an eacnamaíocht agus ar an meon polaitiúil a chreideann gur comhlacht é an t-oileán seo ar an gcaoi chéanna ar cheap Thatcher - tháinig an ghluaiseacht punk mar thoradh air sin agus tá muid ag feiceáil an ruda chéanna anseo.













