Le tamall anois tá daoine ag tabhairt aird as an nua ar phíosa ealaíne atá le feiceáil i dTigh Uí Mhuirithe i gCo Phort Láirge, tábhairne ársa atá i mbun a ghnó ó osclaíodh é in 1847, an bhliain ba mheasa den Ghorta Mór.
Tá an teach ósta traidisiúnta seo suite ar an mbóthar a théann i dtreo Ché Heilbhic, é ina sheasamh go bródúil ar bhior leithinse na Rinne. Nuair a athosclaíodh an tábhairne i ndiaidh na hathnuachana agus an athchóirithe a tharla ann le linn na dianghlasála, bhí sé amhail is go raibh múrphictiúr nua nochta don chéad uair: thosaigh custaiméirí ag déanamh iontas den seanphictiúr a bhí le fheiscint ar chúlbhalla. Cruthaíodh é seo trí bliana is tríocha ó shin ach le soilse nua agus le deisiú péinte, baineadh siar astu. Bhí gach aoinne meallta ag na híomhánna éagsúla - tá saol na farraige agus na hiascaireachta le mothú go láidir ann agus tá líonta lán de mhaicréil agus scadáin, seanbhuidéil den leann dubh ar an gcuntar agus ar a laghad dháréag atá le haithint sa phictiúr chomh maith, iad ar fad imithe ar shlí na Fírinne anois, rud a chuireann go mór le cumhacht agus le tocht na n-íomhánna drámatúla.
Feidhmíonn an balla mar gheata ar ré atá imithe, ré a mhair tráth i Rinn Ua gCuanach…
I lár an phictiúir, tá Nioclás Tóibín, an t-amhránaí cáiliúil ar an sean-nós, arb as an gceantar é, agus é ansin ar an mballa i mbun amhráin. In aice leis an dTóibíneach, tá máthair an tábhairneora, Máire Bean Uí Mhuirithe, an t-aon bhean atá sa ghrúpa, bean a bhí “mar bhainisteoir ar an áit go dtí an lá a fuair sí bás… Tá sí anseo an t-am ar fad, ag coimeád súil ar gach aon rud mar a dhéanadh sí nuair a bhíomar óg,” arsa a mac, Bilest Ó Muirithe, an tábhairneoir, a thug an coimisiún don ealaíontóir óg, Bríd Ní Chionnfhaolaidh, chun píosa ealaíne a chruthú ar bhalla inmheánach an tí ósta siar sna nóchaidí.
“Tá na daoine san beo i gcónaí nuair atá siad ar an mballa, an dtuigeann tú,” a deir sé. “Muna mbeadh sé sin ann,” arsa sé, “ní bheadh an pub mar an gcéanna in aon chor. Bheadh rud éigin stairiúil agus suimiúil caillte. Tá mé bródúil as (an múrphictiúr) gan dabht.”
READ MORE
Feidhmíonn an balla mar gheata ar ré atá imithe, ré a mhair tráth i Rinn Ua gCuanach, áit atá suite in oirdheisceart na tíre ar imeall na farraige. De réir mar a imíonn na blianta is ea is mó a éiríonn muintir an pharóiste Gaeltachta seo níos ceanúla ar an múrphictiúr.
Is í an t-ealaíontóir Bríd Ní Chionnfhaolaidh, a bhí ina scoláire ag freastal ar Choláiste Ealaíne Crawford i gCorcaigh agus í ag tosú ina gairm, a chruthaigh é.
“Bhí stíl dhifriúil agam nuair a bhí mé ag tosnú amach. Ní hea go bhfuil mo stíl tar éis athrú mórán ach nuair a bhí sé (an múrphictiúr) á athdheisiú agam bhí mé cúramach gan aon rud a athrú rómhór nó a dhéanamh rócheart,” a deir sí. Ag cuimhneamh siar ar na laethanta a chaith sí ag obair air in 1992, deir sí gur “thóg sé timpeall sé seachtaine chun é a chríochnú, is dóigh liom. Gach deireadh seachtaine tháinig mé anuas ón gcoláiste agus d’oibrigh mé air. Ní raibh aon phlean againn (í féin agus Bilest Ó Muirithe). Leanamar ar aghaidh leis. Diaidh ar ndiaidh tháinig sé le chéile.”
I measc na ndaoine eile atá le feiceáil ar thírdhreach an bhalla, tá uncail an ealaíontóra, Labhrás Ó Cionnfhaolaidh, geansaí donn chriú an bháid tarrthála á chaitheamh aige, caipín curtha siar ar chúl a chinn, é ina sheasamh leis féin, a lámha fillte ar a bhrollach aige agus a cheann leataobhach ag faire go hamhrasach orainn. “Bhí mé an-cheanúil air,” a deir Ní Chionnfhaolaidh faoi. “Fear an-mhacánta a bhí ann. Nuair a bhíomar óg, d’imímis amach ag iascaireacht leis. Bhí bád aige thall i mBaile na nGall.”
Feictear Bean Uí Mhuirithe ina seasamh taobh thiar de chuntar atá lán de sheanbhuidéil leanna, idir mhór agus bheag, iad leagtha amach mar shaighdiúirí ar pháirc an chatha. Tá atmaisféar na n-oícheanta san nach dtarlaíonn a thuilleadh le tuiscint ón múrphictiúr, pearsana an pharóiste ag cur na ruaige ar an dorchadas lasmuigh, ceol binn na Gaeilge in úsáid acu. Is ceiliúradh é seo ar phobal nach maireann a thuilleadh.
Sa phictiúr tá Bá Dhún Garbhán agus Cé Heilbhic ar thaobh amháin den radharc agus feictear an bád tarrthála ag imeacht ar bharr na dtonn ar an dtaobh eile. I lár na n-íomhánna tá scoileanna de mhaicréil nó de scadáin. I mbád tá an líon á scaoileadh amach ag iascaire áitiúil, Liam Ó Riagáin, nach raibh teorainn le “neart a choirp, éirim a aigne nó a léirshamhlaíocht” mar a mhaígh iarchuntas báis amháin faoi nuair a cailleadh é. Tá Séamas Ó Lonáin, go raibh cáil air mar scéalaí agus seanchaí, ina sheasamh ann, a lámh sínithe in airde aige amhail is go bhfuil sé i mbun na haithriseoireachta. Tá Micil Tóibín, fear séimh a bhí ina bhall de chriú an bháid tarrthála ann chomh maith. Tá go leor eile. Níor dearmadadh ar charachtair na bpearsan seo, go raibh cuid acu séimh nó cairdiúil, cuid eile acu magúil nó spraíúil, cuid acu ciúin, cuid eile cliste agus léanta. Gach duine acu go raibh an-ghean ag daoine orthu.
Anois san oíche feictear daoine suite faoin múrphictiúr, iad i mbun cainte, ag ragairneach agus ag baint spraoi as an gcomhluadar, compordach in aice leis an bpíosa ealaíne. Uaireanta, imríonn an mórphictiúr deismireacht orthu, agus samhlaítear ag pointí áirithe i rith aon oíche gur féidir guthanna na bhfear seo a mhair 30 bliain ó shin a chloisteáil dá ngríosú agus ag magadh orthu, iad beo fós agus ag baint scléip as an oíche.
Foclóir: teach ósta = bar; an tábhairne = the tavern; trí bliana is tríocha ó shin = thirty three years ago; múrphictiúr = mural; a bhrollach = his chest; ar pháirc an chatha = on the battlefield












