An Dream Dearg: Ag tarraingt aird ar chearta teanga

Baol go mbainfear mí-úsáid as an teanga i gcomhthéacs thoghchán na bliana seo chugainn mura gcuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm in am

 

FOCLÓIR: Grúpa feachtasaíochta - campaign group; gníomh diongbháilte - resolute action; uilíoch- universal; ruaigeadh - driven out; gealltanas - promises; aistear - journey; Comhaontú Chill Rìmhinn - St Andew’s Agreement.

D’eagraigh an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg agóid taobh amuigh de Stormont an tseachtain seo caite le haird a tharraingt ar cheist na reachtaíochta maidir le Gaeilge ó thuaidh.

Labhair Tuarascáil le Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg, faoin bhfeachtas atá ar siúl acu cearta teanga agus aitheantas don Ghaeilge a fháil.

“Nuair a amharcann tú siar ar stair na sé chontae feiceann tú gur ruaigeadh an teanga ó chodanna áirithe den chóras oideachais, ruaigeadh í ón saol poiblí agus ruaigeadh í ó na cúirteanna,” a dúirt sé.

“Bhí an Ghaeilge i gcónaí in áit na leathphingine.”

“Bhí ar phobal na Gaeilge ár dtodhchaí féin a cheapadh dúinn féin agus ár gcuid seirbhísí féin a sholáthar beag beann ar an stát mar go raibh an oiread sin de chos ar bolg ar an teanga.”

Bhíothas ag súil go dtiocfadh athrú ar chúrsaí tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 ach ní mar sin a tharla.

“Gealladh go leor rudaí don Ghaeilge - go háirithe an gheallúint go ndéanfaí ‘gníomh diongbháilte’ ar son na teanga i dtaobh seirbhísí oideachais, craoltóireachta agus rudaí eile,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“I 2006 (i gComhaontú Chill Rìmhinn), d’éirigh linn gealltanas measartha sonrach a fháil ó rialtas na Breataine go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge a bhí bunaithe ar an reachtaíocht ó dheas.

“Is geallúint é sin nár cuireadh i bhfeidhm riamh.”

“Ó 2006 amach reáchtáladh trí chomhairliúchán poiblí ar an gceist. Achan uair bhí tromlach na bhfreagróirí i bhfabhar na reachtaíochta nó i bhfabhar stádais oifigiúil don Ghaeilge. In ainneoin sin ar fad cuireadh bac ar aon bhille a cuireadh i láthair ag leibhéal an Tionóil nó ag leibhéal an fheidhmeannais.

“Fuair muid an comhaontú is déanaí i mí Eanáir anuraidh agus bhí an reachtaíocht teanga sin le bheith i bhfeidhm laistigh de 100 lá.”

Ach cé nach bhfuil an reachtaíocht féin sásúil, tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht.

“D’aithin muid fosta go raibh dul chun cinn suntasach déanta againn mar phobal. Bhí an feachtas tugtha againn go dtí an chéim sin agus ní raibh muid ag amharc air mar cheann scríbe ach mar phíosa breise ar an aistear fada atá déanta againn. Tuigimid go bhfuil go leor den aistear sin le taisteal againn go fóill.”

“Tá rud amháin ar gá a bheith soiléir faoi. Ní chomhlíonann an reachtaíocht teanga a gealladh an cineál reachtaíochta atá uainn. Dá mbeadh an reachtaíocht a gealladh i 2006 againn, bheadh an Ghaeilge mar chomh theanga oifigiúil anseo ó thuaidh.

“Dóibh siúd ar mhian leo oideachas a fháil trí Ghaeilge, ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil. Ní cóir go mbeadh siad faoi aon mhíbhuntáiste i dtaobh áiseanna, acmhainní, i dtaobh spásanna, nó i dtaobh rochtain ar Ghaelscoileanna mar atá amhlaidh faoi láthair.

Cur i gcoinne
Cé go gcloistear cuid de na hargóintí céanna a chloistear ó dheas nuair a luaitear cearta teanga, tarraingítear ceist na féiniúlachta anuas go rí-mhinic ó thuaidh.

“Cluineann muid na bréag-argóintí ar fad: go bhfuil an reachtaíocht teanga chun a bheith ró-chostasach, go bhfuil comharthaíocht Ghaeilge chun cur isteach ar fhéiniúlacht daoine agus eile. Is argóintí iad nach bhfuil mórán de bhunús praiticiúil leo ach úsáidtear iad chun bac a chur ar dhul chun cinn,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Achan uair a cuireadh i gcoinne seo is cur-i-gcoinne polaitiúil a bhí ann. Rinne muid, mar phobal, iarracht i gcónaí an teanga a bhaint amach as an dioscúrsa idir-pháirtithe sin nó fiú an dioscúrsa idir-phobal sin. Is le gach duine an Ghaeilge - thuaidh, theas, Caitliceach, Protastúnach agus gach cineál eile.”

“Cluineann muid go leor argóintí i gcoinne na reachtaíochta ach i ndáiríre nuair a bhaineann tú na mbréag-argóintí as tá go leor de seo fréamhaithe sa seicteachas. Tá go leor de fréamhaithe ar an bhforlámhas cultúrtha a théann siar na céadta bliain.

“Lorg í seo ar an choilíneachas a rinne iarrachtaí ár dteanga a ruaigeadh agus ár dteanga a mharú thar na blianta,” a dúirt sé.

Tá baol ann dar leis go mbainfear mí-úsáid as an teanga i gcomhthéacs thoghchán na bliana seo chugainn mura gcuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm roimhe sin.

“Mura dtarlaíonn sé tá mise ag rá go poiblí go bhfeicim géarchéim pholaitiúil ag teacht. Nuair a dhéanann an dá pháirtí mhóra agus an dá rialtas comhaontú agus nuair a chúlaíonn páirtí amháin ón gcomhaontú sin, céardtuige go gcuirfeadh an pobal aon mhuinín in aon chomhaontú eile amach anseo?

“Is ceist bhunúsach í seo,” a dúirt sé

Creideann sé go n-aontódh éinne réasúnta gur chóir dóibh siúd a shínigh an comhaontú seasamh lena mbriathar.

“Mura dtarlaíonn sé sin spreagfaidh sé agus cothóidh sé géarchéim as an nua agus muid ag tarraingt i dtreo toghcháin.

“An ról atá againn mar phobal ná an Ghaeilge a tharrtháil uaidh sin.”

“Cuideoidh an reachtaíocht linn sin a dhéanamh mar go bhfréamhóidh (sé an teanga) sa dlí in áit sa chogadh idir-pháirtí sin.

Ach an bhfuil dóchas aige go mbainfear acht cuimsitheach amach ar deireadh?

“Tá dóchas ollmhór agam. Tá mise mar chuid de phobal ó thuaidh atá thar a bheith tugtha don chuspóir, atá thar a bheith gníomhach agus atá thar a bheith eagraithe. Amharc ar na rudaí ar mhair an pobal tríothu le blianta fada anuas, amharc ar na troideanna, na polasaithe agus na cearta a bhain siad amach le caoga bliain anuas!

“Is ceist bheag í ceist na teanga i gcomparáid leis na ceisteanna móra sin!

“Tá mise iontach dóchasach go mbeidh an pobal s’againne ag an doras agus ag cnagadh le seo a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad chéim eile.

“Tá dualgas orainn mar phobal agus mar ghlúin atá anois ag stocaireacht do na cearta seo an cheist seo a choinneáil ag barr an chláir pholaitiúil.

“Tá mise lán-chinnte go bhfuil an pobal aontachtach i bhfad chun tosaigh ar a n-ionadaithe tofa” a dúirt sé.

“Tá mé iomlán cinnte de go bhfuil an pobal ar an talamh chun tosaigh ar na polaiteoirí. Bíonn de ghnáth ar cheisteanna sóisialta, bíonn de ghnáth ar cheisteanna cearta agus de ghnáth bíonn ar an bpobal na páirtithe agus na polaiteoirí a thabhairt leo.

“Dar ndóigh baineadh ceann scríbe iontach amach an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go mbeadh an chéad naíscoil lán-Ghaeilge le bunú in oirthear Bhéal Feirste.

“Cé a chreid 5, 10 nó 50 bliain ó shin, go mbeadh a leithéid ann agus go mbeadh fáilte uilíoch roimh a leithéid de sholáthar oideachais?

“Sílim gur ábhar mór ceiliúrtha dúinn, gur ábhar iontach dóchais dúinn go bhfuil a leithéid ann.

“Is fíorú é ar an obair iontach atá ar bun ag leithéid Linda Ervine.”