Cúpla focal na n-iarrthóirí sa rás go hÁras an Uachtaráin

TÁ GEALLÚINT tugtha ag seisear iarrthóirí sa toghchán uachtaránachta go mbainfidh siad breis líofachta amach sa Ghaeilge sa chás…

TÁ GEALLÚINT tugtha ag seisear iarrthóirí sa toghchán uachtaránachta go mbainfidh siad breis líofachta amach sa Ghaeilge sa chás go dtoghfar iad.

Tá leibhéal ard líofachta cheana féin ag iarrthóir amháin sa rás, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, an t-iar-Aire Gaeltachta, Michael D. Higgins.

I ráitis i nGaeilge agus i mBéarla a thugadar don cholún seo, dúirt an seachtar iarrthóirí gur chreid siad gur chóir go mbeadh an tUachtarán ábalta cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge líofa.

Thug seisear iarrthóirí, a bhfuil leibhéil éagsúla Ghaeilge acu, le fios go leanfaidís sampla Mary McAleese a shocraigh líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge nuair a toghadh í ina hUachtarán i 1997.

READ MORE

Beidh deis ag na hiarrthóirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh Dé Máirt seo chugainn i ndíospóireacht dátheangach teilifíse a chraolfar ar TG4.

Dúirt iarrthóir Shinn Féin, Martin McGuinness, go raibh grá aige don Ghaeilge ach gur “unrequited love” a bhí ann. “Tá sé ag breith crua orm í a fhoghlaim agus braithim nach bhfuil grá aici domsa, go fóill pé scéal é,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur fhág an chríochdheighilt cuid mhaith de phobal an oileáin seo gan aon deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ach go raibh athrú tagtha ar an scéal sin.

Dúirt sé gur thacaigh sé féin go láidir leis an teanga le linn a thréimhse mar aire oideachais sa Tuaisceart.

Bhí “ról suntasach” ag an Uachtarán i gcur chun cinn na Gaeilge agus dúirt sé gur mhaith leis, agus é ina Uachtarán, daoine eile a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ina theannta ar “bhóthar na líofachta”.

Thug McGuinness le fios gur chláraigh sé leis an scéim “Líofa” ó thuaidh sular shocraigh sé a bheith mar iarrthóir sa rás. Faoin scéim sin thug sé “geallúint dáiríre” go mbeadh sé líofa sa Ghaeilge faoin mbliain 2015 ach dá dtoghfaí é bheadh súil aige “a bheith líofa i bhfad roimhe sin”.

Tá tús curtha chomh maith ag an iarrthóir neamhspleách Seán Gallagher ar fheabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Dúirt an fiontraí aitheanta go raibh sé ag fáil ranganna Gaeilge príobháideacha ó chara leis le tamall anuas d’fhonn cur lena líofacht.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán mar gurb í “ár dteanga náisiúnta” í agus mar go raibh an tUachtarán ionadaíoch ar chách: “Tá ár dteanga ar cheann de na rudaí a dhéanann sainiúil sinn agus ba chóir go léireoimis meas uirthi agus go ndéanfaimis ceiliúradh uirthi.”

Bhain Seán Gallagher Gaeilge onóracha amach san Ardteist ach dúirt sé go raibh a chuid Gaeilge imithe i léig ó shin. Thug sé geallúint ag tús a fheachtais go mbainfeadh sé líofacht amach sa Ghaeilge.

Chuirfeadh sé fáilte roimh thuairimí phobal na Gaeilge “faoin mbealach is fearr go bhféadfadh an tUachtarán an Ghaeilge a chur chun cinn”.

Dúirt an Seanadóir David Norris, iarrthóir neamhspleách, gur mar “theanga bheo” a chuir sé aithne ar an nGaeilge mar go raibh na comharsana a bhí aige nuair a bhí sé óg líofa. Rinne sé go maith i nGaeilge onóracha san Ardteist, a dúirt sé.

“Ó thaobh na líofachta ní bheinn ach cuíosach ach cé go mbíodh fanaicigh ann sna seanlaethanta a bhíodh an-dian, buíochas le Dia tugtar maithiúnas dom sa lá atá inniu as na botúin bheaga a dhéanaim agus tugtar spreagadh agus tacaíocht dom nuair a labhraím í,” a dúirt Norris.

Dá dtoghfaí é, dhéanfadh sé ionadaíocht ní hamháin ar “phobal na hÉireann” ach “ar shaibhreas ár gcultúir, oidhreachta agus teanga chomh maith”.

Dúirt sé go léireodh sé mar Uachtarán gur féidir líofacht a bhaint amach in achar gearr “ach fócas agus fuinneamh a bheith ag duine”.

Dúirt sé go raibh sé riachtanach go dtuigfeadh an tUachtarán “fíneáltacht” na teanga mar go bhfuil tús áite ag an leagan Gaeilge den Bhunreacht ar an leagan Béarla.

Dúirt iarrthóir Fhine Gael, Gay Mitchell, go raibh sé chun an Ghaeilge a “athfhoghlaim” agus go raibh sé riamh báúil don teanga: “Tá neart Gaeilge ag mo bhean Norma agus d’fhreastail ár gceathrar clainne ar Ghaelscoil. Go deimhin, nuair a phósamar chuireamar an stró orainn féin Beannacht an Phápa a fháil as Gaeilge agus tá sé fós ag crochadh os cionn na tine sa seomra suite.”

Dúirt sé gur chreid sé “go hiomlán” gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán: “Tá an spreagadh atá tugtha ag Mary McAleese don Ghaeilge ar cheann de na rudaí éagsúla ar mhaith liom a thabhairt liom óna huachtaránacht.”

Dúirt Mitchell go raibh ar chumas an Uachtaráin “dea-shampla” a thabhairt maidir le labhairt na Gaeilge: “Sin a dhéanfaidh mé tríd í a labhairt chomh minic agus is féidir, go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta, agus trí thacaíocht láidir a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.”

Rinne an t-iarrthóir neamhspleách Mary Davis an cúrsa Ardteiste ar fad trí Ghaeilge agus tá leibhéal “réasúnta ard” líofachta aici fós dá bharr. Tá “meirg” ar a cuid Gaeilge ach dúirt sí gurbh “iontach” mar a bhí sí ag teacht ar ais chuici agus í ag bualadh le cainteoirí Gaeilge.

Dúirt sí go raibh “oibleagáid” ar an Uachtarán Gaeilge a labhairt de bharr stádas bunreachtúil na teanga agus mar go raibh dualgas ar an Uachtarán labhairt ar son phobal na tíre ar fad, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Dúirt Davis go raibh buntáiste aici mar go raibh “bunús” sa teanga aici agus leanfadh sí uirthi ag cleachtadh mar Uachtarán.

Luífeadh a plean “Áras na nDaoine” a dhéanamh de “Áras an Uachtaráin” le cur chun na Gaeilge mar go mbeadh sí ag casadh go rialta le lucht na teanga: “Próiseas imeasctha atá ag teastáil a mheascann an teanga le ról an Uachtaráin go nádúrtha agus ar bhonn rialta.”

Mar Uachtarán thabharfadh sí cuairt go minic ar cheantair Ghaeltachta agus bheadh “ról láidir” aici maidir le cothú “mórtais” i dtaobh na teanga agus na hoidhreachta.

Dúirt iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, go mbeadh sé i gceist aige mar Uachtarán an Ghaeilge a thógaint ón “imeall agus í a chur in áit níos lárnaí sa tsochaí”.

Dúirt sé go raibh áit lárnach ag an nGaeilge ina shaol féin agus gur labhair sé í beagnach gach lá – bíodh sé le cairde nó in agallamh raidió nó teilifíse.

Dúirt sé go dtabharfadh sé spreagadh do thuismitheoirí agus daoine óga araon an Ghaeilge a chloisteáil “ó bhéal an Uachtaráin gach lá”.

“Léireoinn mar Uachtarán go raibh meas againn ar ár gcultúr féin agus go raibh meas dá réir againn ar chultúir daoine eile,” a dúirt iar-Aire na Gaeltachta.

Thagair sé chomh maith do stádas leagan Gaeilge an Bhunreachta a bhfuil tús áite aige ar an leagan Béarla.

I ráiteas a tugadh don cholún seo thar ceann Dana Rosemary Scallon, iarrthóir neamhspleách, dúradh go raibh sé i gceist aici líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge dá dtoghfaí í agus gur chreid sí gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán.

Dúradh go raibh an tslí inar éirigh le Mary McAleese “an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta” mar “spreagadh” ag an iar-Fheisire Eorpach.