Coire na cruinne

Ba cheart dúinn stad a chur le téamh an domhain ach ní dhéanfaidh


Tá deireadh an domhain ag teacht, mar adeir na soiscéalaithe ar fad ar chúinne na sráide. Is é is aite, in ainneoin na bpiseog a ritheann leo dar leis an eolaíocht eolaíochtúil, ná go bhfuil an ceart acu. An treibh eolaíochta seo is mó adeir an méid sin, cé nach air na cúiseanna céanna é.

Sa dioscúrsa poiblí amuigh ansin tá polasaí i bhfeidhm gur cheart dhá thaobh na ceiste a thabhairt.

I gcás an fhorthéamha dhomhanda de tá an dream adeir go bhfuil ár gcaiscín meilte agus ár bport seinnte gan trácht ar ár gcnaipe a bheith déanta, agus os a choinne anonn, an drong a mhaíonn má tá an liathróidín seo againn féin ag dul i dteocht nach bhfuil ann ach cuid de ghnáthchúrsa na beatha a bhfuil fuar againn air, mar adéarfá.

Seans maith gurb í seo an cheist is mó atá le réiteach againn ar an saol seo, nó ar na saolta seo, má dheonaítear a thuilleadh dúinn. Seans maith gurb í an t-aon cheist amháin í atá le réiteach ag an nglúin seo agus ag na glúnta beaga atá romhainn, ach nach cuma? Mura ndúradh fós é, tá á rá anois: “Is róchuma liom faoin aimsir fháistineach, mar cad a dhein an aimsir fháistineach riamh armoshonsa?”

READ MORE

Sinne gur tuataigh thútacha thuathalacha sinn, ní féidir linn breith a thabhairt idir na doirbhígh is na soirbhígh ceal oiliúna eolaíochta.

Is beag duine nach nglacann go bhfuil forthéamh domhanda ar bun agus ar greadadh go diair ; is é ponc an amhrais, áfach, ná an sinne nó brúchtaíl na gréine faoi ndeara sin.

Ní féidir liom dul eatarthu go cruinn saineolach, ach amháin gur ródhócha go bhfuil sé ciallmhar go maith cloí le tuairimí na saoithe don chuid is mó dhe.

Is ea, tá’s agam gur chreid eolaithe go bhféadfaí ór a dhéanamh as iarrann, go raibh sé ag cur fearthainne ar an ngrian, gur fhás uain ar chrainn, ach ina choinne sin, más ag dul ar son obráide croí atá tú, ba mhaith leat a fhios a bheith agat gur máinlia a thuigeann cúrsaí a ghnó atá os do chionn le tua seachas treabhadóir a bhíonn ag fuirseadh.

B’fhearr go mbeadh taithí ag píolóta ar aerárthaí seachas ar asail.

Is é sin, bíonn an ceart ag na saineolaithe, ar uaire. Go deimhin, is féidir leis an saineolas sin dul i bhfeidhm ar an saol chomh maith, abair droichid a thógáil, nó daoine a chur chun na gealaí. Mary Harney féin, agus is leasc liom aon rud dearfach a rá mar gheall ar bhall de na Pídíos lofa a scrios an tír, d’éirigh léi an toitcheo a bhí os cionn na hardchathrach a scaipeadh le dlí beag simplí amháin. Ba sholaoid léir an méid sin go bhfuil baint éigin ag an duine daonna dona lena bhfuil ar siúl os ár gcionn.

Má théann seangáin bheaga agus eilifintí móra araon i bhfeidhm ar an timpeallacht, is dócha go ndéanfaimidne difear chomh maith.

Is í an mhórcheist ná cad is féidir a dhéanamh mar gheall air. Ba chabhair mhór cogadh núicléach a chuirfeadh as don chuid is mó den chine saghas daonna, ach ní heol dom go bhfuil sin á mholadh ag duine ar bith.

Is é a bhítear á iarraidh ná go laghdófaí ar na hastúcháin charbóin ar fud an domhain seo. Scéal liom daoibh: níl seo chun tarlú dubh, bán, riabhach ná stríocach féin. B’fhéidir go bhféadfaí maolú éigin a dhéanamh ar bhroimneach bó trí thabhairt ar dhaoine gan a bheith ceanúil ar an stéig chaoldroma ghriollta agus iompáil i leith na gcaorach ar shliabh nó na n-iasc in íochtar na mara. Ach ní móide go gcasfadh sin an roth aon phioc suas is anuas leis an tionsclaíocht bhuile agus leis na simnéithe móra Tíotain agus iad ag stolladh tobac.

Ionann stad a chur le téamh an domhain agus an stair a fhilleadh ar ais inti féin ionas go mbeimis inár bhfiagaithe agus inár bhfáiteallaithe feasta. Braithim, áfach, nach mbeadh aon duine sásta leis sin, go háirithe iad siúd nach féidir leo sleá a chaitheamh. Ó lasamar an chéad tine san Afraic leathmhilliún éigin bliain ó shin táimid ar an mbóthar seo. Beag an baol go stopfaimid anois.

Tar éis don teachtaireacht ghruama seo a fhógairt, tá chomh maith sult a bhaint as a bhfuil fágtha den domhan, pé méid cúpla míle bliain atá fanta againn – má tá sin féin.