CLG Mail

Ní nuachtán é an Daily Mail a ligfinn faoi scairt asail den teach - agus is amhlaidh don leagan Angla-Éireannach é.

Ní nuachtán é an Daily Mail a ligfinn faoi scairt asail den teach - agus is amhlaidh don leagan Angla-Éireannach é.

Eagla a bheadh orm go dtógfainn galar marfach éigin a dhéanfadh Sasanach maith múinte díom agus a d'fhágfadh an cúr le mo bhéal agus mé ag tabhairt amach faoi Sheoiní Eachtrannach.

Pléisiúr mar sin féin a fheiceáil go raibh an Daily Angla-Éireannach Mail ag tabhairt suntas ar leith don CLG ar an leathanach cúil.

Is dócha gur chuidigh sé le cúis an Mail go raibh na Dubanna agus Tír Eoghain i mbun griolsa Dé Domhnaigh. Bíodh sin mar atá, nach mór an moladh é do chluichí Gaelacha go gcaithfidh nuachtán Little England aird de chineál ar bith a thabhairt ar pheil an phortaigh agus iomáint an asail. Bua d'Éirinn na gcluichí Gaelacha, by Jove.

READ MORE

(Is dócha gur beag seans go bhfeicfidh muid colún Gaeilge!)