'Síocháin' ag díbirt an phobail

BEOCHEIST: RINNEADH “SÍOCHÁNÚ” ar an bhfavela iomráiteach Rocinha, i gcathair Rio de Janeiro, ag deireadh na bliana 2011. Leathbhliain…

BEOCHEIST:RINNEADH "SÍOCHÁNÚ" ar an bhfavela iomráiteach Rocinha, i gcathair Rio de Janeiro, ag deireadh na bliana 2011. Leathbhliain níos déanaí, tá ardú chomh mór sin tagtha ar an gcostas maireachtála sa cheantar go bhfuil muintir na háite ag fágáil.

Léimeann an grianghrafadóir Leandro Lima (29) ó shuíochán cúil gluaisrothair agus íocann an tiománaí.

Bíonn muintir Rocinha, favela a bhfuil an chuma uirthi go bhfuil sí ar crochadh ó thrí aill shléibhe, ag brath ar thacsaithe gluaisrothair chun a mbealach a dhéanamh tríd an gceantar.

Imíonn an gluaisrothar leis de sciuird; ligeann Leandro do jíp armtha dul thart sula dtrasnaíonn sé an bóthar. Ón jíp, coinníonn saighdiúirí súil ghéar ar an bpobal, meaisínghunnaí lena nguaillí acu.

READ MORE

I Mí na Samhna na bliana seo caite, chuir na póilíní míleata agus aonaid de chuid arm na Brasaíle an ruaig ar na buíonta drugaí a raibh smacht acu ar gach uile ghné den saol in Rocinha le 30 bliain.

Cuid í gabháil an cheantair – a bhfuil cónaí ar 75,000 duine ann de réir na bhfigiúirí oifigiúla, ach ar a dhá oiread de réir mhuintir na háite féin – d’ollphlean na n-údarás “síochánú” a dhéanamh ar gach uile favela i gcathair Rio de Janeiro.

“Caithfear deireadh a chur le scáthshochaithe den chineál seo a fheidhmíonn taobh amuigh de dhlí na tíre,” a deir Sérgio Cabral, Gobharnóir Stát Rio de Janeiro.

Tá cleachtadh ag Leandro Lima ar mheaisínghunnaí. “Rugadh agus tógadh in Rocinha mé. Bhíodh airm le feiceáil i ngach uile áit agus mé ag fás aníos. Agus shíl mise go raibh sé aisteach gur cheap daoine ón taobh amuigh go raibh sé sin aisteach.”

Le teann díomá faoin íomhá aontaobhach dhiúltach a chruthaíonn na meáin faoi cheantair cosúil lena cheantar féin, bhunaigh Leandro agus roinnt áitritheoirí eile an suíomh nuachta gairmiúil www.faveladarocinha.com.

Tá an suíomh, a mheallann suas go 15,000 cuairteoir in aghaidh an lae, ar cheann d’fhíorbheagán áiteanna i dtírdhreach na meán sa Bhrasaíl a cheistíonn próiseas síochánaithe na bhfavelas in Rio.

“Bhíomar dóchasach go leor nuair a fógraíodh go ngabhfaí an favela,” a deir Leandro. “Ach anois, leathbhliain níos déanaí, níl an ceantar chomh sábháilte céanna dúinne, áitritheoirí, is a bhí roimhe. Nuair a bhí na buíonta drugaí i gceannas, ní ghoideadh éinne ó mhuintir na háite. Anois bíonn daoine á n-ionsaí agus á robáil gach lá.”

Ach is dea-scéal é an síochánú do dhaoine ó cheantair eile sa chathair: agus an ruaig curtha ar na buíonta drugaí, is féidir leo cuairt a thabhairt ar Rocinha den chéad uair ina saol.

Agus níos minice agus níos minice, fanann na cuairteoirí: ceantar lárnach go maith atá ann, agus thar oíche, tá tóir as cuimse ar Rocinha mar áit chónaithe. Agus is drochscéal sin dóibh siúd a tháinig ar an saol ann.

“Ó rinneadh ‘síochánú’ ar an gceantar mhéadaigh na cíosanna faoi dhó,” a deir Leandro. “Is é 100 reais (€240) in aghaidh na míosa a íocann tú ar thigín fíorbhunúsach le dhá sheomra faoi láthair. Tá bainc agus siopaí faisin ar an bpríomhshráid anois, ach na siopadóirí a bhí i mbun gnó ann ar feadh a saoil, tá orthu bogadh go barr an chnoic nó a bpraghasanna a chur suas.

“Tá an costas maireachtála ró-ard do bhunadh an cheantair. Tá go leor teaghlach ag bogadh amach, go himeall na cathrach ar fad.”

Ba léir do Leandro ar an lá ar cuireadh tús leis an ‘síochánú’ cén todhchaí a bhí i ndán dá cheantar dúchais:

“Thosaigh ionradh na bpóilíní agus na bhfórsaí armtha ag leathuair tar éis a haon ar maidin.

“Ag leathuair tar éis a sé an mhaidin chéanna, gan barr an chnoic gafa go fóill, bhí 150 duine de chuid Sky TV sa cheantar, ag díol boscaí agus glacadóirí leo siúd ar fad ar gearradh a gceangail teilifíse bhradacha.”

Is deacair le rá, áfach, cén fhaid a mhairfidh an borradh eacnamaíoch atá faoi Rocinha faoi láthair.

“Tá a fhios ag an saol agus a mháthair gur mar gheall ar Chorn an Domhain 2014 agus Cluichí Oilimpeacha 2016 atá síocháin á cur i bhfeidhm sna favelas,” a deir Leandro.

“Ach rinne na húdaráis neamhaird dínn ar feadh scór go leith bliain roimhe seo. Is beag dul amú atá orainn faoina bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh 2016 thart.”

Nochtann meangadh gáire brónach ar a aghaidh: “Tá ceantar mar seo ar nós páiste a tréigeadh; tagann a thuismitheoirí ar ais tar éis 30 bliain, ag iarraidh a shaol ar fad a eagrú dó. Saonta an té a cheapfadh go n-oibreodh sé sin amach thar oíche.”