Deireadh le seachaint na filíochta

BEOCHEIST : TÁ FANTA amach agam ón bhfilíocht ó d’fhág mé an mheánscoil mar dhalta

BEOCHEIST: TÁ FANTA amach agam ón bhfilíocht ó d'fhág mé an mheánscoil mar dhalta. Seachas an smearadh filíochta a bhí agam ar an ollscoil is gnách liom an fhoirm seo litríochta a sheachaint mar a bheadh fliú na muice féin ann.

Bhí mo sháith agam de mheafair is d’íomhánna agam faoin am ar scríobh mé na scrúduithe Ardteiste agus, pé scéal é, nach féidir teacht ar na teicníochtaí sin in úrscéal maith bleachtaireachta?

Ach an rud is tábhachtaí, is dócha, ná gur féidir úrscéal maith bleachtaireachta a leanúint is a thuiscint gan mórán dua, rud nach bhféadfainn a rá faoin bhfilíocht mar is cuimhin liom í.

D’uireasa na haimnéise ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar laethanta tuirsiúla a chaitheamh ag cur nótaí mínithe de ghlanmheabhair mar nár thuig mé dánta a dhóthain a ligfeadh dom mo nótaí is m’fhreagraí féin a chumadh.

READ MORE

Ach le bliain nó dhó anuas tá athrú intinne ag teacht orm agus cúpla rud ag tabhairt orm athbhreithniú a dhéanamh ar an dochma a bhí orm filíocht a leamh.

Ní raibh aon éalú ón bhfilíocht Ghaeilge nuair a bhí cúrsa Gaeilge na hArdteiste á mhúineadh agam féin le déanaí agus ar chúiseanna éagsúla tharla go raibh dánta de chuid Louis de Paor is Biddy Jenkinson á gcur os comhair mo shúl agam chomh maith.

Ach ba é ba mhó a thug an fhilíocht slán dom ná Cnap-Uaisle (Coiscéim, €7.50), an cnuasach is déanaí ón bhfear liteartha, Liam Prút. Bhí aithne agam cheana ar an bPrútach mar aistritheoir, mar eagarthóir is mar scríbhneoir acadúil.

Beidh aithne ar dhaoine eile air mar údar scéalta do pháistí is mar chriticeoir liteartha. Ach anuas ar na buanna sin is file go smior é, rud is léir ó Cnap-Uaisle, an t-ochtú cnuasach filíochta dá chuid.

Ba é a mheall mé chun an leabhair ar an gcéad dul síos ná na gearrchuntais a thugann Prút ar bheatha is ar shaothar scata filí nach maireann.

Uaidh sin ba ghearr go raibh mé ag gabháil do dhánta a phléann le fathaigh i saol na Gaeilge, daoine mar Dháithí Ó hUaithne agus Pádraig Ó Fiannachta.

Agus taitneamh bainte agam as na dánta sin, gan aon dréim agam lena leithéid, rith sé liom go mb’fhéidir go mbainfinn sult éigin as dánta nach bpléann le fathaigh i saol na Gaeilge.

Bhain, agus in aon lá amháin rinneadh spior spear ar an iarracht den fhaitíos a bhí agam faoin bhfilíocht.

Ní hé nach raibh meafair is íomhánna sna dánta seo. Ach ba mheafair is íomhánna iad a bhí soiléir dom gan dul i muinín aon leabhar nótaí.

Ba dhánta iad nár dheacair a thuiscint, Gearr-stair na gcoláistí ullmhúcháin, mar shampla, nó The American Way of Death.

Ba dhánta iad a chuir ag machnamh ar an seanrud as an nua mé mar a rinne The Status of Irish. Ba dhánta iad a bhain siar asam le barr géire mar a rinne Oíche Chiúin agus an cur síos neamaiteach scanrúil atá ann ar an ionradh ar an Iaráic.

Buntáiste eile atá le lua leis an gcnuasach seo ná an éagsúlacht atá le fáil ann.

Tá idir dhánta éadroma grinn is aortha binbeacha, tá dánta a phléann le rudaí tábhachtacha tromaí sa saol poiblí is sa saol pearsanta agus tá dánta faoi imeachtaí ar lú i bhfad an tábhacht atá ag baint leo.

Ach thar aon rud eile is cnuasach é seo ina gceiliúrann an t-údar a chomh-scríbhneoirí Gaeilge, a bhformhór ar shlí na fírinne ach roinnt bheag díobh fós beo beathach.

Sna dánta agus sna gearrchuntais bheathaisnéiseacha sin léirítear an urraim dhomhain atá ag Prút dóibh is a chomhbhá leo.

Deir sé i leith Dhónail Mhic Amhlaidh go bhfuil a shaothair lán “de dhaonnacht agus comhbhá an scríbhneora seo a chuir oiread sin comaoine ar na Gaeil.”

I bhfianaise an chnuasaigh seo d’fhéadfaí an moladh ceannann céanna a thabhairt don Phrútach.

Fuair mé seilbh ar Cnap-Uaisle samhradh na bliana seo caite. Cuireadh ionadh orm mar sin nuair a fuair mé amach gur seoladh an leabhar Márta na bliana seo.

Ba bhotún bunúsach é, dar liom, nár seoladh é go gairid roimh an Nollaig le go ndíolfaí na cóipeanna breise a cheannófaí mar bhronntanais Nollag do dhaoine a chuirfeadh ar an tseilf iad in aice le leabhair eile neamhléite.

Ach anois agus an saothar filíochta seo léite agam tuigim nárbh aon bhotún é: is leabhar é seo atá oiriúnach mar bhronntanas ó cheann ceann na bliana, is cuma cén fhéile a bheadh i gceist.

Thairis sin, is leabhar ar fiú é a léamh.