Aoife agus Freddy

Scéal le rang a dó-ceathair, Scoil Mhichíl Naofa, Baile an Sceilg, Co Chiarraí

Léiriú le Rang 2, 3 & 4, Scoil Mhichíl Naofa, Baile an Sceilg, Co Chiarraí
Léiriú le Rang 2, 3 & 4, Scoil Mhichíl Naofa, Baile an Sceilg, Co Chiarraí

Lá amháin, fadó fadó, bhí cailín óg ann agus Aoife ab ainm di. Bhí Aoife ag iarraidh cat agus buachaill.

Ní raibh aon deartháireacha nó deirfiúracha ag Aoife. Bhí cara aici, buachaill darbh ainm Freddy. Bhí huscaí darbh ainm Lupin ag Freddy.

Chuaigh Freddy agus Aoife agus Lupin ar laethanta saoire go Bostún. Chonaic siad cat ar an mbóthar i mBostún agus thóg siad an cat sin.

Chuaigh siad go dtí an t-ostán agus chonaic siad púca sa seomra.

Léiriú le Rang 2, 3 & 4, Scoil Mhichíl Naofa, Baile an Sceilg, Co Chiarraí
Léiriú le Rang 2, 3 & 4, Scoil Mhichíl Naofa, Baile an Sceilg, Co Chiarraí

“AAAAAHHHHHHH!!!” a scread Aoife agus Freddy go hard. “AAAAHHHHH!!” a scread an púca freisin, agus rith sé amach an doras. Rith Lupin agus an cat amach ina dhiaidh. Chuireadar eagla ar an bpúca.

Chuala na daoine thíos staighre an gleo agus an ruaille buaille. Rith siad suas go dtí an seomra agus dúirt siad, “Cad a tharla…?”