Deiseanna fostaíochta le hamharclann náisiúnta na Gaeilge

Dhá phost – Stiúrthóir Ealaíne agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin - le líonadh ag an Taibhdhearc.

Fuair an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, borradh maoinithe ar na mallaibh nuair a d’fhógair an rialtas go gcuirfear €20m ar fáil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa phobal.

Ceadaíodh breis agus €4m d’Oireachtas na Gaeilge agus €5.5m do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus ceadaíodh €5.78m do Thaibhdhearc na Gaillimhe thar thréimhse cheithre bliana.

Athrú iomlán ó bhonn a bhí ann i dtaobh polasaí an Stáit maidir le móreagraíochtaí a bhfuil baint acu le ealaíona na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cé go bhfuil eagrais phobail agus chultúrtha eile i saol na Gaeilge fós fágtha ar an ngannchuid, níl aon dabht faoi ach go gcuirfear sreabhadh fuinnimh faoi na heagrais a fuair an chabhair.

Is mór an logha é an maoiniú nua don Taibhdearc dar ndóigh, agus tá súil go gcuirfidh sé bonn láidir faoi straitéis na hamharclanna sna blianta 2025-2027. I measc spriocanna na straitéise sin tá an sprioc glúin nua drámadóirí Gaeilge a fhorbairt; drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta; deiseanna fostaíochta agus oiliúna a chruthú agus lucht féachana agus cleachtóirí de gach cineál agus cumas a mhéadú.

READ MORE

Beidh gá le foireann nua daoine chun na spriocanna sin a bhaint amach agus d’fhógair Cathaoirleach an Taibhdhearc, Siobhán Nic Fhlannchadha le gairid go bhfuil dhá phost – Stiúrthóir Ealaíne agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin An Taibhdhearc le líonadh.

Poist thábhachtacha iad seo i saol amharclannaíocht na Gaeilge agus is féidir sonraí a fháil ar an suíomh antaibhdhearc.com nó d’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh le John Deely ag recruit@pinpoint.ie.

. - Éanna Ó Caollaí