TK Whitaker

A chara, – Is rí-oth le Cumann Merriman bás an Dr TK Whitaker. Le tamall de bhlianta anuas ba Bhall Oinigh de chuid an Chumainn é, in aonchomhhluadar le hiaréarlaimh an Chumainn (na hUachtaráin de Valera, Ó Dálaigh agus Ó hIrighile agus Seamus Heaney, file) agus an tÉarlamh reatha, an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn.

Dheineadh Ken Whitaker freastal rialta ar Scoil Gheimridh an Chumainn agus bhaineadh sé sult ar leith as na léamha filíochta agus na seisiúin amhránaíochta ar dlúthchuid iad de scoileanna Merriman.

Seirbhíseach poiblí a sheas leis an nGaeilge, agus a thuig saibhreas an chultúir Ghaelaigh agus a tábhacht leanúnach do mheanma na tíre a b’ea Ken Whitaker.

Rinne sé a chion ciúin féin ar iliomad slí le go mairfeadh an Ghaeilge féin agus a hoidhreacht agus go ndéanfaí iad a sheachadadh slán ag na glúnta atá le teacht.

READ MORE

Go ndéanaí Dia A mhaith air. – Is mise,

LIAM Ó DOCHARTAIGH,

Cathaoirleach Eatramhach

Cumann Merriman.