Stadas na Gaeilge

A chara, - Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don litir a foilsíodh ar an 29ú Aibreán ó Ultan Ó Conchubhair

A chara, - Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don litir a foilsíodh ar an 29ú Aibreán ó Ultan Ó Conchubhair. Tugadh an forlíonadh faoin Aontas Eorpach amach chun cabhrú le daltaí scoile, i raon ábhar mar shampla OSSP, Stair agus Tíreolas.

Cén chabhair í sin do dhaltaí sna Gaelscoileanna más gá an t-eolas iomlán a aistriú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge? Níl na deiseanna céanna ag na daltaí a dhéanann staidéar trí mheán na Gaeilge. Chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta urraíocht ar fáil don fhorlíonadh seo, ach cén fáth mar sin nár foilsíodh é i nGaeilge freisin? - Is mise,

CLÍONA NIC DHOMHNAILL, An Dara Bliain, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co Baile Átha Cliath.