Taighde ar fonamh

Tá na milliúin euro agus cianóga geala airgid á gcaitheamh ar an ollscolaíocht gach bliain

Tá na milliúin euro agus cianóga geala airgid á gcaitheamh ar an ollscolaíocht gach bliain. Is minicí ná a chéile nach dtuigtear, áfach, go bhfuil an caiteachas seo ag dul chun leasa an phobail i gcoitinne.

Tá tuairiscithe le déanaí de réir taighde a dhein an tIarThaoiseach Gearóid Mac Gearailt ar son Ollscoil na hÉireann - taighde "ground-breaking" de réir an chuntais treabhadóireachta seo - go n-éiríonn thar barr leis na mic léinn sin ar an ollscoil a bhaineann pointí sárarda amach san Ardteistiméireacht.

Agus b'shin mise ag tochas mo chinn chomh maith le pobal Éireann ag cuimhneamh gur éirigh go dona leo. Is é a mhaígh an tuairisc go raibh ceangal idir na daoine a raibh cumas acadúil acu ar an dara leibhéal agus na daoine a raibh cumas acadúil acu ar an tríú leibhéal. Féach sin, airiú! Agus cuid againn lándeimhnitheach go raibh mo dhuine úd i dtóin an ranga (agus a bhfuil na múrtha de leaga liatha airgid anois aige) ar tí céadonóracha a bhaint amach an túisce is a leagfadh sé cos thar thairseach na hollscoile anonn.

Dheineas féin agus cara liom taighde ar bhochtáin na cathrach, agus d'fhionnamar go raibh níos lú airgid acu ná mar a bhí ag daoine eile; bhí na húdaráis chomh tógtha sin lenár gcuid taighde gur thug siad deontas mór maith dúinn chun scagadh a dhéanamh ar theaghlaigh ár linne.

READ MORE

Is fíor a rá gur chaitheamar an deontas go cúramach agus bhí áireamh againn ar gach uile fheoirling. Lucht taighde agus meastóireachta, dúirt siad go raibh ár gcuid modheolaíochta gan cháim, agus mhol siad ár gcur chuige mar eiseamláir shnasta chruinn eolaíochtúil a bheadh ina lóchrann sa disciplín go ceann glúine eile ar a laghad. B'é toradh ár gcuid taighde go raibh níos mó páistí i dteaghlaigh mhóra ná mar a bhí i gcinn bheaga. Is maith mar a shaothraíomar ár ndeontas.

Tá scata d'fhiontair oideachasúla á phleanáil agam faoi láthair: tá geall idir mé féin agus cara liom a mhaíonn gur fearr a shealbhaíonn duine teanga má chaitheann sé blianta fada á foghlaim, agus mise ag rá gur leor grá agus dea-thoil agus go dtitfidh sí ón spéir anuas chuige.

Fairis sin, táimid idir dhá chomhairle maidir le cumas lúthchleasaíochta na ndaltaí úd a chaitheann seacht lá na seachtaine ag alpadh burgairí Mac Mór agus a shuíonn ar a bprumpa, seachas iad siúd a ghabhann amach ag traenáil de ló is d'oíche ar aiste ghlasraí is fíorfheola. Seans maith go nochtfaidh an suirbhé náisiúnta toradh éigin soiléir dúinn, cá bhfios?

Agus is fónta mar atá an cleachtadh taighde seo ag leathnú amach sa saol mór leis, go háirithe nuair is iad lucht gnó a íocann na billí. Is maith le fostóirí a gcuid giollaí a thomhas, ní hamháin ar a bhfad is ar a leithead, ach suas is síos laistigh agus timpeall a n-anama chomh maith.

Is ámharach anois dúinn go bhfuil miosúr ag na quizdhochtúirí seo a scrúdaíonn fothaí na meabhrach is na hintleachta agus nach bhfuil aon dul uaidh maidir le cruinneas is le hiontaofacht de. Sícimeitric is ainm don eolaíocht seo agus is ar bhonn an-simplí a fheidhmíonn.

Fiafraítear a leithéid seo nó siúd d'iarratasóir, agus heileó, tá sé braite agat sa chruinne gan ghó. Nochtann a leithéid seo de cheistneoir an uile ní faoi dhuine ar bith: "Sa chás is go luífeadh tú síos le madra, an n-éireofá le (a) héirí na gréine, (b) dreancaidí, (c) galar nach féidir a lua, (d) glam a chuirfeadh scanradh ar chách, nó (e) ballraíocht sna Possessive Democrats?"

Agus dá mbeadh amhras ar bith ort dob fhéidir an freagra a thástáil le ceisteanna eile ar nós: "Dá mbeadh an rogha agat, arbh fhearr leat (a) eolas ar rún na beatha agus cad is fírinne ann, (b) carthanacht agus grásta Dé a bheith ag sileadh ó gach poll ded chorp, (c) airgead mór agus teach galánta i mBaile Átha Cliath 4, nó (d) ballraíocht sna Possessive Democraps?"

Ní fírinne go ceistneoir, gan amhras, agus ní ceistneoir go taighde agus ní féidir breith ar an gcéad scéal go mbéarfaidh an graf ort.

Deineadh taighde i dtíortha éagsúla maidir le breoiteacht Ariel Sharon le déanaí agus fuarthas amach gur síleadh i Meiriceá gurbh é díoltas Dé gur roinn sé an talamh naofa ar lucht tuáille agus féasóg faoi dear an rith fola ina inchinn; ach gur mheas na Pailistínigh gur shlog sé an iomad páistí beaga gan urchóid. In Éirinn shíl siad gur bhall de na Possessive Dumbocrats é.