Roinnt mhaith taighde as Gaeilge

Tá roinnt mhaith tionscadail a seoladh trí Ghaeilge ar taispeáint ag an BT Young Scientist Exhibition atá ar súil i mBaile Átha…

Tá roinnt mhaith tionscadail a seoladh trí Ghaeilge ar taispeáint ag an BT Young Scientist Exhibition atá ar súil i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Ina measc tá taighde inar scrúdaigh beirt as Coláiste Phobail Osraí i gCo Chill Cheannaigh an tionchar atá ar an tsláinte ag na próiseanna a úsáidtear go forleathan chun dath na bhfiacla a ghealú.

Dúirt Sinéad Nig Uidhir (16) go bhfuair siad eolas ar an idirlinn faoi’n ngael idir ailse béal agus geallúchán fiacla. Spreag an t-eolas sin an bheirt chun a thuile taighde a dhéanamh.

Rinneadar comparáid idir na modhanna eagsúla a úsáidtear chun geallúchán fiacla a bhaint amach, agus fuaireadar amach gurb é an modh geallúchán nádúrtha (sód bhacáil) an modh is fearr agus is sábháilte atá ar fáil.

READ MORE

Ba léir on tsuirbhé freisin nach raibh eolas ag suas le 43 faoin gcéad d’fhiaclóirí faoin ghael idir na próiseanna geallúcháin agus cúrsaí sláinte.

Dúirt Cliodhna Ní Cheallaigh (16) gur chuir sí níos mó suime ina cuid fiacla tar éis dóibh an taighde a dhéanamh.

Bhí béim éagsúil ar fad ar chúrsaí ag tionscal Niamh Ní Ghiobuin (16), Michaela Ní Mhaoldomhnaigh (16) agus Ciara Ní Raifeartaigh (15) as Coláiste Ailigh i Co. Thír Chonaill. Rinneadar imscrúdú ar an tionchar atá ag úsáid an fón póca ar an dtiomáint.

Dúirt Niamh go bhfaca siad daoine gan aird ar bith acu ar an dtiomáint agus iad ag caint ar an bhfón.

Ghlac caoga duine páirt sa dtaighde. Déanadh meas orthu agus iad ag tiomáint gan fón póca in usáid acu agus arís nuair a bhíodar ag tiomáint ach iad ag caint ar fón ag an am céanna. Dúirt Michaela go raibh easpa cúram agus iad ag parcáil nuair a bhí an fón in usáid acu.

D’admhaigh formhór na ndaoine a ghlac pairt sa tsuirbhé baile a ghnóthaíodar go mbaineann siad úsáid as an bhfón agus iad ag tiomáint.

Dúirt Ciara gur obair dhian é an taighde, ach ag an am céanna go bhfuil siad uillig bródúil go bhfuil sé déanta.

Claire O'Connell

Claire O'Connell

Claire O'Connell is a contributor to The Irish Times who writes about health, science and innovation