Cáineadh ar an gCáinaisnéis

Bhí Buiséad na seachtaine seo caite ina údar mór díomá d’eagrais teanga

An Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus an Aire Airgeadais Simon Harris ar lá an bhuiséid. Grianghraf: Paul Faith/Getty Images
An Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus an Aire Airgeadais Simon Harris ar lá an bhuiséid. Grianghraf: Paul Faith/Getty Images

Táthar ag súil go dtiocfaidh soiléiriú go luath ar cá háit go díreach a ndáilfear an t-airgead a fógraíodh d’earnáil na Gaeilge i mBuiséad 2027 an tseachtain seo caite.

Tionólfar cruinnithe an tseachtain seo idir oifigigh Fhoras na Gaeilge agus státseirbhísigh chun caiteachas Bhuiséid 2027 a phlé.

Agus an t-éileamh poiblí agus beartais Stáit don Ghaeilge de shíor ag fás, bhí díomá nach beag ar ghníomhaithe agus ar eagrais Ghaeilge an tseachtain seo caite nuair nár fógraíodh ach ardú níos lú ná €1 mhilliún (€160.8 milliún ina iomláine) don earnáil.

Cháin Conradh na Gaeilge “an t-ardú is lú in aon cháinaisnéis le dhá Rialtas anuas”. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “ní hamháin go bhfuil deiseanna caillte ach beidh ceist ciorruithe i mbuiséid eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta áirithe ag teacht chun cinn arís.

“Beidh an Rialtas ag caitheamh céatadán níos lú de mhórchiste an Stáit in 2027 (0.16%) i gcomparáid le 2026 (0.17%). Is ionann sin agus céim siar in áit céim chun cinn. Níl sin sásúil. Níl sin dearfach.”

Tháinig laghdú suas le 50% ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge ó 2008 i leith ach tá fás suntasach tar éis teacht ar chúraimí an eagrais ag an am céanna.

I mí Eanáir 2025, bhí ar an bhForas ciorruithe tromchúiseacha a fhógairt de bharr ghéarchéim mhaoinithe na heagraíochta.

Faoiseamh mór a bhí ann anuraidh nuair a fógraíodh ardú 30% sa bhuiséad don bhliain seo. Cuireadh €25 mhilliún sa bhreis ar fáil do Roinn na Gaeltachta agus cuireadh €2 mhilliún breise ar fáil don Fhoras.

Chuir Foras na Gaeilge aighneacht réamh-bhuiséid faoi bhráid an Rialtais i mbliana inar dúradh go bhfuil “riosca córasach” cruthaithe de dheasca easpa maoinithe. Cé gur chabhair a bhí san €2 mhilliún a fuair an Foras anuraidh, tuigtear nach raibh a dhóthain ann ach a ligfeadh don eagras ‘anáil a tharraingt’.

Cé go bhfuil uaillmhian agus dualgais an stáit ag méadú i bhfianaise reachtaíocht cearta teanga, d’fhógair an Foras go bhfuil “acmhainn an chórais seachadta ag laghdú”.

D’éiligh an Foras €2.6 milliún le haghaidh mórscéimeanna teanga i mbliana ach ní bhfuarthas fiú leath an mhéid sin agus tuigtear, i bhfianaise rátaí boilscithe agus costais eile, go bhfuil buairt áirithe ann i dtaobh an infheistithe a bhí beartaithe.

I measc na mórscéimeanna teanga ar chlár oibre Fhoras na Gaeilge tá scéim d’Ionaid Phobail Ghaeilge, scéimeanna féilte agus ealaíon, deiseanna úsáide do dhaoine óga, maoiniú do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge, pleanáil teanga agus feachtais feasachta.

Beidh ar oifigigh an Fhorais a mheas anois cá háit ar féidir an t-airgead atá ar fáil a chaitheamh ar na forbairtí a leag Foras na Gaeilge amach ina n-aighneacht bhuiséid.

Ní Foras na Gaeilge amháin nach bhfuair an t-airgead a éilíodh. Anuraidh, ceadaíodh €5.4m sa bhreis do TG4 agus d’éiligh an stáisiún €11 mhilliún sa bhreis i mbliana (€76.4 milliún san iomlán), ach nuair a tháinig an crú ar an tairne níor ceadaíodh pingin rua sa bhreis.

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, gur “cúis mhór díomá” é nár fógraíodh méadú don stáisiún sa cháinaisnéis.

“Tá Éire cheana féin i measc na maoinitheoirí is ísle san Eoraip ó thaobh na meáin seirbhíse poiblí a mhaoiniú.”

Dúirt sí freisin go mbeidh “impleachtaí” ag an gcinneadh ar TG4 in 2027.

Bhain an Buiséad stangadh freisin as gníomhaithe teanga nuair nár luadh géarchéim thithíochta na Gaeltachta.

Ba thráthúil mar sin, ar oíche Aoine na seachtaine seo caite, gur fhoilsigh taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide páipéar taighde a thug foláireamh go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag bagairt ar inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Dúirt na taighdeoirí gur léiríodh difríocht shuntasach idir teacht isteach na ndaoine agus praghsanna na dtithe sa cheantar ina ndearnadh an taighde.

“Nuair a chuirtear é seo le heaspa tithe buanchónaithe mar thoradh ar thithe samhraidh agus ar thithe ar cíos gearrthréimhseach is bagairt é do thodhchaí phobal labhartha na Gaelainne in Iarthar Dhuibhneach,” a dúirt an Dr Ann Nolan, príomhthaighdeoir an tionscadail.

Ag tagairt don airgead a cuireadh ar fáil sa Bhuiséad le daoine a chumasú sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga, dúirt lucht an taighde nach leor idirghabháil teanga amháin chun creimeadh na teanga a aisiompú. Tá gá le cur chuige comhtháite chun tabhairt faoi na dálaí struchtúrtha atá mar chúis leis an gcreimeadh sin.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an taighde agus dúirt go léiríonn na torthaí go bhfuil “géarghá le freagairt chuimsitheach, tras-rialtais, chun todhchaí na Gaeltachta mar phobal beo Gaeilge a chosaint.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times