Is ar chósta thiar na hAlban a tháinig taighdeoirí ó Ollscoil Ghlaschú ar leapacha oisrí ceilte i ndiaidh dóibh anailís a dhéanamh ar logainmneacha Gàidhlig agus Albainise. Deir siad gur léiriú suntasach atá san obair seo ar an cheangal láidir “idir teanga, eolas traidisiúnta agus gnáthóga nádúrtha”.
Bhain an fhoireann úsáid as logainmneacha Gàidhlig agus Albainise ar chósta na hAlban a raibh na focail Gàidhlig eisir, eisirein agus eisirean (oisre/oisrí) mar chuid díobh, chomh maith le logainmneacha a léirigh gnáthóga oisrí cosúil le hoitreacha nó tóchar taoide. Tháinig siad ansin ar leaba oisrí nach raibh aon taifead air roimhe seo, agus d’aithin siad go raibh seans ann go raibh oisrí in áiteanna eile ar Mhuile agus ar Ìle chomh maith.
Tá na taighdeoirí ag obair ar an tionscadal seo, ar a dtugtar Project Eisirean, le roinnt blianta anuas agus is comhoibriú é idir taighdeoirí éiceolaíochta agus timpeallachta, saineolaithe Gàidhlig agus oideachais in Ollscoil Ghlaschú agus eagraíochtaí pobail áitiúla ar chósta thiar na hAlban. Dar leis na saineolaithe éiceolaíochta, is fionnachtain “iontach” í seo a chuideoidh leo ina n-iarrachtaí líon na n-oisrí a mhéadú ar an chósta amach anseo.
Is í an Dr Anna McGregor, léachtóir in Ollscoil Ghlaschú agus saineolaí ar an éiceolaíocht chósta, atá i gceannas ar an tionscadal agus is aici a bhí an smaoineamh logainmneacha a úsáid le hoisrí a aimsiú. Dúirt sí gur “tionscadal fíor-chomhoibritheach” atá in Project Eisirean, lena “leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le teanga agus eolas dúchasach a choinneáil beo, agus an ról is féidir leis a imirt le cuidiú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an timpeallacht ina maireann muid”.
READ MORE

Tá aidhmeanna an tionscadail seo ag teacht go hiomlán leis an straitéis atá ag an Native Oyster Restoration Alliance (NORA), a dhéanann comhordú ar thionscadail ar fud na hEorpa chun athchóiriú sceireacha oisrí a fheabhsú.
Dúirt Hein Sas, Rúnaí NORA: “Is féidir le Project Eisirean a bheith mar eiseamláir do thionscadail eile ar an dóigh a bhfuil an oidhreacht chultúrtha in ann cuidiú linn láithreáin athchóirithe oiriúnacha a aithint. Chomh maith leis sin, tá rannpháirtíocht na bpobal áitiúil riachtanach chun glacadh le bearta athchóirithe. Is cinnte go gcuidíonn sé sin le cur i bhfeidhm Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hAthchóiriú an Dúlra i dtíortha éagsúla san Eoraip.”
Mar chuid den obair chun leapacha oisrí a neartú, tá an fhoireann taighde le tástáil a dhéanamh anois ar ghorlann shoghluaiste oisrí. Tá súil acu go bhféadfaí larbhaí oisrí a chur ar fáil do phobail ar an chósta ar an bhealach sin agus cuidiú le leapacha oisrí a athbhunú i gceantair ar leith. Tá an chéad ghorlann shoghluaiste á tástáil anois i bPort a’ Mhuilinn in Earra-Ghàidheal agus tá sé beartaithe tuilleadh gorlann a thriail amach anseo.
D’iarr foireann Project Eisirean ar Gillebrìde MacMillan, duine de na cumadóirí Gàidhlig is mó le rá in Albain, amhrán a scríobh don tionscadal lena dtugtar aitheantas don ról atá ag oisrí i stair chósta na hAlban agus lena ndéantar ceiliúradh ar an obair atá ar bun inniu chun iad a thabhairt ar ais. Cuirfear an t-amhrán i láthair ag comórtas Mhargrat Duncan ag Am Mòd Nàiseanta Rìoghail 2026 i nGlaschú.
Dúirt Fiona Mackenzie ó An Comunn Gàidhealach, a eagraíonn Am Mòd Nàiseanta: “Is sampla cumhachtach é an tionscadal seo den dóigh a léiríonn teangacha dúchasacha eolas agus tuiscint ar leith atá riachtanach chun ár n-oidhreacht agus ár mbaile a thuiscint. Tá ról tábhachtach ag an Ghàidhlig maidir leis an timpeallacht nádúrtha a chosaint.
“Is mór an sásamh é an caidreamh buan idir ár bpobail chósta, an timpeallacht mhuirí agus an Ghàidhlig a chur in iúl, agus tá sé thar a bheith oiriúnach dúinn é sin a cheiliúradh tríd an cheol. Is mór an onóir a bheidh ann an scéal seo faoi athnuachan éiceolaíoch agus chultúrtha a fheiceáil á chur i láthair ar stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta ag Am Mòd Nàiseanta Rìoghail i nGlaschú níos déanaí i mbliana.”
Meastar go bhfuil deis ann cur chuige Project Eisirean a úsáid in Éirinn, áit a bhfuil réimse leathan logainmneacha Gaeilge ag baint leis an chósta agus leis an timpeallacht mhuirí. I measc na logainmneacha sin tá Poll na nOisrí i gContae an Chláir; is fusa don chainteoir Gaeilge a thuiscint go raibh oisrí le fáil ann, ós rud é gurb é Poulnasherry Bay an t-ainm Béarla atá ar an chuan. Tá Oileán na bhFaochóg i nDún na nGall níos doiléire fós: Illannaweeghoge an leagan Béarla atá air, agus bheadh saineolaí de dhíth le ciall ar bith a bhaint as an logainm sin.
D’fhéadfadh na logainmneacha sin cuidiú le taighdeoirí na háiteanna ina raibh oisrí le fáil roimhe seo a aithint, agus b’fhéidir go dtiocfaidís ar leapacha oisrí nach raibh aon taifead orthu roimhe seo, mar a tharla ar an Eilean Muileach agus ar Ìle. Gach seans go dtabharfadh an cur chuige sin léargas nua ar stair chósta na hÉireann agus ar an eolas faoin timpeallacht atá caomhnaithe sna logainmneacha Gaeilge.










