Fírinne shóisialta an Chogaidh idir SAM agus an Iaráin

Tá sos cogaidh ann anois, ach is deacair spriocanna an chogaidh a thuiscint ón gcéad lá

Íomhá d'Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald J. Trump, teilgthe ar scáileán digiteach in Times Square, Nua-Eabhrac.  Grianghraf: Timothy A Clary/AFP via Getty Images
Íomhá d'Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald J. Trump, teilgthe ar scáileán digiteach in Times Square, Nua-Eabhrac. Grianghraf: Timothy A Clary/AFP via Getty Images

Má dhéantar aistriú garbh air, is é ‘Fírinne Shóisialta’ a thugann Donald Trump ar an ardán meán sóisialta a bhunaigh sé.

Níl pioc den fhírinne ná den ghnáth-thuiscint shóisialta le brath ann.

Dá mbeinn féin ag lorg teidil a dhéanfadh cur síos cuí ar an suíomh, phiocfainn ‘Bréaga Frithshóisialta’.

D’fhoilsigh sé teachtaireacht thuathalach an tseachtain seo caite ag bagairt ar an Iaráin, iarracht eile chun imeagla a chur ar an tír sin. A leithéid d’íde béil! Ní fheicfeá a mhacasamhail in aon áit. Chuir sé an tarcaisne i gceann na héagóra agus é ag rá ar ‘Truth Social’:

“Gheobhaidh sibhialtacht iomlán bás anocht, gan aon seans í a thabhairt ar ais go deo arís. Níor mhaith liom go dtarlódh sé sin, ach is dócha go dtarlódh. Mar sin féin, tá athrú rialtais iomlán agus críochnúil bainte amach againn. Tá dearcaithe éagsúla, daoine níos cliste agus níos lú radacaithe i réim. B’fhéidir anois go bhféadfadh rud éigin réabhlóideach iontach tarlú – cá bhfhios? Feicfimid anocht, ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair fhada agus chasta an Domhain. Beidh críoch faoi dheireadh le 47 mbliana de shlad, d’uisce faoi thalamh, agus de bhás.”

Agus ceann eile uaidh, níos measa fós. Olc. Fíor-Olc. An ceann is measa sa domhan, chun úsáid a bhaint as modh cainte Trump.

“Ar Dé Máirt buailfimid na stáisiúin cumhachta agus na droichid go léir san Iaráin. Ní bheidh a leithéid ann riamh!!! Oscail an Caolas focáilte sin, a bhastairdí craiceáilte, nó caithfear chun Ifrinn sibh.” Ar feadh bliana nó níos mó tá sé in ann a rá cibé rud is mian leis agus dealraíonn sé nach bhfuil éinne in ann é a stopadh. Tá dea-bhéasa agus prótacal caite i dtraipisí aige.

Maíonn a lucht tacaíochta gurb é seo a nádúr, nach bhfuil sé snasta, gur tarbh é. Chun margadh a bhaint amach, téann sé thar fóir d’aon ghnó, agus ansin tagann sé ar chomhréiteach níos réasúnta.

Ach tá srian leis sin agus tá sé sin sáraithe aige arís agus arís.

Gheall sé an Iaráin a bhuamáil ar ais go dtí an Chlochaois. Bhí sé ag déanamh tagairt ansin do thír atá ar na sibhialtachtaí is sine ar domhan, agus tír agus sochaí i bhfad níos casta ná an léiriú garbh a dhéanann sé uirthi.

Ach téann sé níos leithne ná sin. Tá sé tar éis a oifig a úsáid chun díoltas a bhaint amach ar a chuid naimhde, trína mbriseadh as a bpoist, trí ionchúisimh a chur ina gcoinne, agus trí bhagairtí pearsanta agus poiblí a dhéanamh orthu. Má éisteann tú le haon cheannaire polaitiúil Éireannach, cloiseann tú tagairtí leanúnacha do rialacha an dlí, do dheasghnathanna idirnáisiúnta, agus don iltaobhachas. Chaith Trump iad sin ar fad ar leataobh.

An tseachtain seo caite, bhí eachtra eile náireach ann nuair a chaith sé masla pearsanta ar uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron. D’fhógair sé don domhan mór nach gcaitheann bhean chéile Macron go maith leis agus rinne sé tagairt do bhuille a thug sí dó. Tá sé tar éis a lán ama a chaitheamh ag tabhairt íde béil chomh maith do Keir Starmer os rud é nach ndeachaigh an Ríocht Aontaithe isteach sa chomhghuaillíocht leis na Stáit Aontaithe agus Iosrael.

Agus cén fáth a rachadh Starmer isteach sa chogadh seo? Nó aon tír Eorpach? Ionsaí lomnochta a bhí ann ag dhá thír agus é mar aidhm acu an Iaráin a scriosadh agus athrú réimis a chur i bhfeidhm.

Agus cén fáth a rachadh Starmer isteach sa chogadh seo? Nó aon tír Eorpach? Ionsaí lomnochta a bhí ann ag dhá tír agus é mar aidhm acu an Iaráin a scriosadh agus athrú réimis a chur i bhfeidhm.

Ach rinne siad beag is fiú de sheasmhacht na hIaráine cé go raibh sé i bhfad níos treise ná mar a cheapadar. Tá neart deachtóirí agus réimis thruaillithe ar fud an domhain, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil cead ag tíortha eile dul isteach agus iad a scriosadh.

Tá impleachtaí domhanda ag an bpraiseach seo. Tá dúnadh Chaolas Hormuz tar éis an ghéarchéim ola is mó riamh a spreagadh, b’fhéidir níos measa ná géarchéim na 1970idí. Tá an méadú ollmhór ar phraghsanna anseo ina thoradh díreach ar chinneadh santach agus neamhthrócaireach Trump, le spreagadh ó Benjamin Netanyahu.

Bhain na hIosraelaigh leas as an gcogadh seo chun ionradh fuarchúiseach agus neamhthrócaireach a dhéanamh ar an Liobáin agus chun líon gan áireamh de choireanna cogaidh a dhéanamh. Idir an dá linn, tá codanna móra den Bhruach Thiar á chur faoi chois acu go mídhleathach.

Is bulaí é Trump. Le linn na chéad bliana go leith dá uachtaránacht, bhí sé dochreidte nach raibh duine ar bith cróga go leor, sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip, chun seasamh suas ina choinne. Nuair a thosaigh sé ag bagairt ionradh a dhéanamh ar an nGraonlainn, thaispeáin sé cé chomh lag is a bhí an Eoraip in éadan bagairtí den chineál seo.

De réir a chéile, thuig siad gurb é an t-aon bhealach le dul i ngleic le bulaí mar Trump ná bulaíocht a dhéanamh ar ais air féin.

Rinne an tSín é sin le bagairt gan mianraí neamhchoitianta a sheoladh chuig na Stáit. Ar bhealach, rinne an Iaráin é freisin, trí chomhghuaillithe Mheiriceá sa Mheánoirthear a bhuamáil agus tríd smacht dian a chur ar Chaolas Hormuz.

Ar deireadh thiar thall, téann sé ar ais go dtí an cheist ar cuireadh sa seanamhrán Cill Chais.

“Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad, tá deireadh na gcoillte ar lár?”

An rud céanna le breosla. Táimid i bponc gan é agus tuigeann an domhan mór le mí nó níos mó go bhfuilimid fós ag brath go mór air. Chuir an gheit mhór a thug an ganntanas do mhargaidh an domhain stop le sodar Trump agus Netanyahu.

Ní fheicim féin go raibh aon spriocanna ann seachas an Iaráin a mhilleadh. Níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Tá na haidhmeanna a bhí acu curtha ar neamhní.

Foclóir:

Aistriú garbh = rough translation

Tuathalach = sinister/tactless

a mhacasamhail = its equal

críochnúil = complete

bagairtí pearsanta = personal threats

praiseach = mess

i bponc = in a fix

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times