Pleananna móra ag an scáthghrúpa TINTEÁN
Bhí scaifte maith ar na sráideanna taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite agus iad i mbun agóide le héileamh ar an Aire Tithíochta James Browne gníomhú láithreach ar an ghéarchéim tithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Ba é an grúpa TINTEÁN, atá ina chomhiarracht ag Conradh na Gaeilge agus ag an ghrúpa feachtais BÁNÚ, a d’eagraigh an agóid.
Tá sé mar aidhm ag feachtas TINTEÁN géarchéim tithíochta na Gaeltachta a chur i mbéal an phobail mhóir agus cuidiú le muintir na Gaeltachta fud fad na tíre dul i ngleic leis na riachtanais phráinneacha tithíochta atá ag bagairt ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na gceantar seo.
Ag caint le Scéal an tseachtain seo ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe ag an scáthghrúpa, dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge John Prendergast go bhfuil siad ag plé le ceisteanna ar nós “leasú a dhéanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta 2024 chun cumhachtaí tithíochta a bhronnadh ar Údarás na Gaeltachta le go mbeidís in ann talamh a cheannach agus tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht,” agus go mbeadh “rannóg tithíochta ar bun taobh istigh den Údarás agus daoine fostaithe acu le bheith ag féachaint ar na ceisteanna seo agus ag comhoibriú leis na Comhairlí Contae, le hUisce Éireann agus le forais Stáit eile”.
READ MORE
Léirigh Prendergast go bhfuil tús de chinéal éigin curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an obair seo agus Comhordaitheoir na dTithe Folmha, Colm Mac Eachmharcaigh, fostaithe acu i gcomhpháirt leis na Comhairlí Contae Gaeltachta go léir, ach go bhfuil sé “tábhachtach go leathnófaí an obair sin amach go mbeadh an tÚdarás i lár an aonaigh maidir leis na ceisteanna tithíochta seo”.
10,000 leantóir bainte amach ag Raidió Rí-Rá ar Instagram
Bhain Raidió Rí-Rá sprioc ar leith amach ag deireadh na míosa seo caite agus 10,000 leantóir acu ar a leathanach Instagram. Bíonn an stáisiún cairtcheoil ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae ar rrr.ie nó ar aip Raidió Rí-Rá, agus cuireann an fhoireann obair chrua isteach chun ceol den scoth agus ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a chraoladh do dhaoine óga ó mhaidin go hoíche. Is í an aidhm is mó atá ag Raidió Rí-Rá ná ceadúnas náisiúnta FM a bhaint amach le go mbeidh siad le cluinstin “sa charr, sa chistin agus ar an raidió ar fud na hÉireann”..
Ag caint le Scéal an tseachtain seo caite, dúirt Aisling Ní Dhonnabháin, Bainisteoir Margaíochta Raidió Rí-Rá, go léiríonn an chloch mhíle seo “go bhfuil éileamh ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil agus ar an ábhar a bhíonn á chruthú againn. Tagann sé seo ag am an-oiriúnach toisc go mbeimid ar FM timpeall na tíre do mhí an Mhárta, mar chuid den fheachtas leanúnach atá againn a bheith ar FM go lánaimseartha. Tá súil agam go mbeimid in ann stáisiún uile-oileáin a bheith againn ag craoladh ar FM gach lá den bhliain amach anseo.”
Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill 2026 fógartha
Tá áthas ar Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill ar ais don séú bliain as a chéile. Tá siad anois ag glacadh le haistí acadúla i réimse na foclóireachta ó mhic léinn 3ú leibhéal ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.
Dhá theideal éagsúla atá fógartha acu i mbliana agus is iad sin ‘An fhadhb is mó le foclóirí na Gaeilge ná...’ agus ‘Idir mhín agus gharbh: níl áit i bhfoclóir Gaeilge don droch-chaint nó don ghraostacht’. Beidh ar na hiomaitheoirí aiste 2,000 focal a scríobh faoi cheann amháin de na teidil sin. Glacfar le haistí i nGaeilge amháin agus iarrtar ar mhic léinn a bheith cúramach faoi chúrsaí gramadaí, litrithe, stíle agus poncaíochta. Ní ghlacfar le haistí ach amháin ó dhaoine atá ag freastal ar chúrsa 3ú leibhéal.
Beidh painéal daoine ó Fhoras na Gaeilge agus daoine seachtracha freagrach as measúnú a dhéanamh ar na haistí. As na haistí a mheastar a bheith ar an chaighdeán cuí, bronnfar €200 ar an aiste is fearr i ngach cúige agus ar an aiste idirnáisiúnta is fearr, agus bronnfar €100 sa bhreis agus Bonn Néill Uí Dhónaill ar an aiste is fearr ar fad.
Ar mhaith leatsa dul san iomaíocht? Seol d’aiste chuig focloir@forasnagaeilge.ie roimh 5pm, Dé hAoine, 10 Aibreán 2026. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin chomórtas ar teanglann.ie.
Bailiúchán suntasach nuachtríleanna seolta ag Institiúid Scannán na hÉireann
‘Amharc Éireann: Léargas ar Éirinn’ an t-ainm atá ar bhailiúchán nua nuachtríleanna stairiúla a sheol Institiúid Scannán na hÉireann an tseachtain seo caite. Tá an bailiúchán seo nuachtríleanna de chuid Gael Linn ó na 1950idí agus na 1960idí ar fáil le sruthú saor in aisce anois ar sheinnteoir Chartlann IFI. Chomh maith leis sin, tá léarscáil thumthach idirghníomhach nua d’Éirinn le fáil ar ardáin dhigiteacha IFI, a ligeann d’úsáideoirí an bailiúchán a iniúchadh go mion agus scéalta a bhaineann le sráidbhailte nó contaetha a aimsiú.
Is é an comhlacht teicneolaíochta Éireannach Axonista a léirigh an léarscáil idirghníomhach, agus tá an aip IFI Archive Player ar fáil le híoslódáil ó Google Play, an App Store, Amazon TV, Android TV agus Roku.











