Seirbhís Teiripe Urlabhra agus Teanga Cheantar na nOileán

Na Ceithre hAirde: Seirbhís Teiripe Cheantar na nOileán; Forbairtí beartaithe do Chumann Mícheál Breathnach; Glór Ár Linne ar ais arís; Aird ar ‘Ár gCluiche Féin’

Tá feachtas ar bun le héileamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tSeirbhís Teiripe Urlabhra agus Teanga do ghasúir bhunscoile i gCeantar na nOileán, Conamara, a aistriú ar ais go hIonad Sláinte Leitir Mór. Grianghraf: iStock/Getty
Tá feachtas ar bun le héileamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tSeirbhís Teiripe Urlabhra agus Teanga do ghasúir bhunscoile i gCeantar na nOileán, Conamara, a aistriú ar ais go hIonad Sláinte Leitir Mór. Grianghraf: iStock/Getty

Tá feachtas ar bun le héileamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tSeirbhís Teiripe Urlabhra agus Teanga do ghasúir bhunscoile i gCeantar na nOileán, Conamara, a aistriú ar ais go hIonad Sláinte Leitir Mór.

Tá achainí tosaithe ag príomhoide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, Bríd Ní Liatháin, agus tá os cionn 900 síniú faighte acu cheana féin.

Aistríodh an tseirbhís seo soir go hIonad Sláinte na Tulaí in Indreabhán, rud a chiallaíonn go bhfuil ar ghasúir a úsáideann an tseirbhís 35 chiliméadar sa bhreis a thaisteal agus go mbíonn breis agus dhá uair an chloig bainte óna lá scoile

Dar le Ní Liatháin, tá an socrú seo míréasúnta agus díobhálach d’fhorbairt agus d’fhoghlaim na ngasúr a bhaineann úsáid as an tseirbhís.

Dúirt sí, “Seo buille eile do mhuintir na tuaithe, muintir na Gaeltachta, muintir Cheantar na nOileán. Bíonn daoine ag tarraingt seirbhísí amach as an áit agus mura bhfuil achrann faoi leanfaidh siad orthu.”

“Níl ann seo ach céim amháin, beidh rud éigin eile ag imeacht an chéad lá eile. Ní mór dúinn seasamh a thógaint ar mhaithe leis na gasúr.”

Aire na Gaeltachta Dara Calleary agus baill de CLG Micheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Grianghraf: Aengus McMahon.
Aire na Gaeltachta Dara Calleary agus baill de CLG Micheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Grianghraf: Aengus McMahon.

Forbairtí beartaithe do Chumann Mícheál Breathnach

Úsáidfear maoiniú caipitil atá bronnta ar Chumann CLG Mícheál Breathnach i gConamara le dromchla nua a chur ar an gcarrchlós agus ar na cosáin coisithe, agus tógfar soilsiú poiblí agus tuilsoilse sa pháirc í féin.

Bhronn Roinn na Gaeltachta €388,000 ar an gcumann an tseachtain se caite le réimse oibreacha a chur i gcrích.

Tá suas le 700 ball ag an gcumann faoi láthair agus cuirfidh na hoibreacha seo go mór le cúrsaí rochtana agus sábháilteachta do na baill agus don phobal i gcoitinne.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary, “Tá nasc tábhachtach idir an spórt agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tá ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga.”

“Beidh feabhas mór ar thimpeallacht an chumainn mar thoradh ar an deontas seo a rachaidh go mór chun tairbhe do bhallraíocht an chumainn, do mhuintir na háite agus don phobal mórthimpeall.”

Is faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a ceadaíodh an maoiniú seo.

Glór Ár Linne ar ais arís

Tá Glór Ár Linne, scéim tacaíochta do bhannaí agus ealaíontóirí Gaeilge, ag glacadh le hiarratais don dara bliain faoi láthair.

Is é Raidió Rí-Rá a reáchtálann an tionscnamh le tacaíocht ón gclár Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tabharfaidh an scéim deis do rannpháirtithe freastal ar cheardlanna a dhíríonn ar an gcumadóireacht, taifeadadh ceoil, léiriúchán beo agus margaíocht.

Beidh deis ag rannpháirtithe freisin seinm beo ag imeachtaí éagsúla ar fud na cathrach.

Tá sraith imeachtaí beo beartaithe ó Mhárta 2026 i lár chathair Bhaile Átha Cliath chun ardán tábhachtach a chur ar fáil do cheol nua Gaeilge os comhair lucht féachana éagsúil.

Aird ar ‘Ár gCluiche Féin’

Mheall an chéad taibhiú den ghearrscannán ‘Ár gCluiche Féin’ neart airde ag an FilmPride Festival in Brighton Shasana, Lá Fhéile Vailintín.

Díríonn an saothar ar bheirt imreoirí óga peile Gaelaí, Tomás agus Seán, atá i gcaidreamh rómánsúil rúnda, agus an chaoi a dtéann siad i ngleic le brú na fearúlachta traidisiúnta agus leis na rialacha a bhaineann le saol an spóirt.

Thug an tsraith Heated Rivalry as Ceanada inspioráid don ghearrscannán seo. Tuigtear go mbeidh sé ar taispeáint ar TG4 go luath.

Is í Medb Johnstone a scríobh agus a stiúir an gearrscannán, le léiriú ó Úna Spillane agus Ann Ní Chíobháin, agus grianghrafadóireacht le Carol Tormey.