Ceanada agus Sasana a bhuaigh cluichí leathcheannais Chorn an Domhain i rugbaí na mban ag an deireadh seachtaine.
Is iadsan atá anois ag súil le dul céim amháin níos faide agus an chraobh ar fad a thabhairt leo Dé Sathairn. Faraor géar, níor éirigh le mná na hÉireann an Fhrainc a shárú sa chluiche ceathrú ceannais.
Faraor géar, níor éirigh le mná na hÉireann an Fhrainc a shárú sa chluiche ceathrú ceannais. Tháinig deireadh le haistear fhoireann rugbaí na hÉireann i gCorn an Domhain nuair a buaileadh iad ar an 14 Meán Fómhair. B’iontach an tús a bhí ag na hÉireannaigh sa chluiche le Sam Monaghan ag aimsiú úid, gan ach dhá nóiméad go leith caite. Shlánaigh Dannah O’Brien an t-úd ach cealaíodh é mar gheall go ndeachaigh an liathróid chun cinn leis an bpas a tugadh do Sam Monaghan. Léirigh foireann na hÉireann díocas agus diongbháilteacht agus tháinig úd eile dhá nóiméad go leith ina dhiaidh sin. Thug mná na hÉireann an-taispeántas sa chluiche ach chruthaigh an Fhrainc go láidir. Chabhraigh an ghaoth leis an bhFrainc sa dara leath agus ba iad a bhí caithréimeach ag deireadh an chluiche, 18-13. Choinnigh na hÉireannaigh orthu go dtí an nóiméad deireanach.
…is cinnte go mbeidh siad ag druidim níos gaire don bhua amach anseo agus iad ag caitheamh súil chun cinn ar chomórtas na Sé Náisiún.
Ní bhíonn bua gan dua agus más féidir leo ceachtanna a fhoghlaim agus cur lena gcuid taithí ó bheith ag imirt i gcoinne na bhfoirne is fearr, is cinnte go mbeidh siad ag druidim níos gaire don bhua amach anseo agus iad ag caitheamh súil chun cinn ar chomórtas na Sé Náisiún. Beidh go leor foghlamtha ag imreoirí na tíre seo ó na cluichí a d’imir siad le mí anuas. Bhí bua suntasach acu i gcoinne na Spáinne le scór 43‑27 sa chluiche grúpa. Sa chluiche eile, bhuail siad an tSeapáin 42‑14 in Northampton. Cé nár éirigh go maith leo i gcoinne na Nua-Shéalainne, bhí áit bainte amach ag na hÉireannaigh sa chluiche ceathrú ceannais cheanna féin.
READ MORE
I ndiaidh tréimhse dhúshlánach le gortuithe tromchúiseacha agus cluichí móra caillte, ba léir gur theastaigh ó na hÉireannaigh foireann láidir a chur amach, foireann a bhí dáiríre faoin méid a bhí rompu in aghaidh na bhfoirne ab fhearr domhan. Caithfear a rá gur baineadh éacht amach ag Corn Domhanda Rugbaí 2025. Anuraidh, bhí foireann na hÉireann ag uimhir 10 sa rangú idirnáisiúnta agus bhí rangú ní b’airde ag na foirne eile i gcomórtas na Sé Náisiún. An bhliain roimhe, níor bhuaigh mná na hÉireann cluiche ar bith sa chomórtas sin. Tá athruithe móra ar an bhfoireann ó shin. Ar an gcéad dul síos, ceapadh príomhchóitseálaí nua, Scott Bemand, agus foireann oiliúna chumasach ag obair in éineacht leis freisin. Bhí deis ag an bhfoireann bainistíochta ullmhúchán maith a dhéanamh tar éis dóibh cáiliú do Chorn an Domhain i mí Aibreáin 2024.
Ba iad comhchaptaein na foirne ná Sam Monaghan agus Edel McMahon. Foireann óg a bhí ag Éirinn agus cé go bhféadfá a rá nach raibh an taithí chéanna acu is a bhí ag foirne eile, bhí roinnt imreoirí ar nós Aoife Wafer, Stacey Flood agus Beibhinn Parsons ann a raibh réimse leathan taithí acu. Údar dóchais a bhí ann nuair a d’fhill Aoife Wafer tar éis cúig mhí don chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Fraince. Ag deireadh fheachtas na Sé Náisiún ghortaigh Aoife a glúin. Chuaigh sí faoi scian agus bhí súil ag lucht tacaíochta na tíre go mbeadh sí réidh do na cluichí móra. De réir na fianaise físe, baineadh plaic aisti in aghaidh na Fraince agus cuireadh cosc imeartha dhá chluiche dhéag ar Axelle Berthoumieu, i ndiaidh an chluiche.
Le blianta beaga anuas, tá borradh mór tagtha faoi spórt na mban in Éirinn. Tá níos mó spéise ag daoine, idir óg agus aosta, i gcluichí na mban, go háirithe sa pheil Ghaelach, sa chamógaíocht agus sa rugbaí. Ina cheann sin, d’éirigh le foirne náisiúnta i réimsí éagsúla, cosúil leis an sacar agus leis an lúthchleasaíocht, dul chun cinn mór a dhéanamh go hidirnáisiúnta, rud atá ag spreagadh glúin nua chun imeartha. Sular cuireadh tús le Corn an Domhain, léiríodh imní mhór maidir le hacmhainní agus cúrsaí traenála. Tá córais curtha i bhfeidhm chun rannpháirtíocht na mban a spreagadh agus iad a mhealladh le rugbaí a imirt. Ar ndóigh, tá tuilleadh infheistíochta geallta. Tar éis scór bliain de mhaoiniú do spórt na mban in Éirinn, tá breis agus €30 milliún infheistithe ann tríd an gciste náisiúnta. D’fhógair an rialtas infheistíocht €4m faoin gClár um Mhná sa Spórt (WIS) do 2025.
Ach creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfadh mná tacaíocht do mhná eile. Ní leor breathnú ar chluichí móra ar an teilifís nó freastal ar na cluichí móra amháin fiú – caithfidh mná tacú lena chéile ag gach leibhéal, cluichí áitiúla san áireamh, agus aird a tharraingt ar a n-éachtaí spóirt. Nuair a thacaíonn mná le mná eile, cruthaítear pobal níos láidre agus níos muiníní. Le níos mó tacaíochta, bheadh spórt na mban ag bláthú agus leanfadh an fás agus an fhorbairt, rud a thabharfadh deis do chuile dhuine a bheith páirteach, cuma cén aois nó cúlra. Is san Astráil a reáchtálfar Corn an Domhain in 2029 agus tá súil ag lucht tacaíochta na tíre foireann ban na hÉireann a fheiceáil ag imirt ann arís!
Foclóir: Úd = try; Faraor = unfortunately; díocas = eagerness; diongbháilteacht = merit; taithí = experience; bláthú = flowering.