Peann Amháin

Scéal le Éabha Mae Riggott, 13 bliana d’aois, Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Lá amháin bhí peann ann. Nuair a d’imigh na páistí ar fad abhaile ón scoil d’oscail an peann a shúile. Bhreathnaigh sé thart.

“Cá bhfuil mé?” a d’fhiafraigh sé de fhéin. “Ná habair gur fhág m’úinéar anseo arís mé,” ar sé. D’éirigh sé agus léim sé sall go dtí an áit a raibh an páipéar ar fad coinnithe ar bhord an mhúinteora. Bhí an peann bocht uaigneach agus ní raibh aon duine ann chun spraoi leis. Bhreathnaigh sé síos ar phíosa páipéir. Thosaigh sé ag scríobh ar an bpáipéar agus bhí sé sásta. “Anois, tá cairde deasa agam,” a dúirt sé leis féin. Ní raibh an peann uaigneach ón lá sin amach agus ba chuma leis dá bhfágfaí sa scoil é.