An tÉireannach ar Riasc Tottenham

Níl an dúlra le cloí sa chathair challánach chadránta féin


Go mbínnse i m’óige ag ceapadh go hearráideach le hais Éireann nár mhórán de thalamh bhán ná de chrainnte a bhí sa Bhreatain Mhór. Cén chaoi a mbeadh, a bhínn ag ceapadh, agus í ina tír mhór thionsclaíoch?

Ach go bhfuaireas amach sna déaga arda dom go raibh dul amú orm; nach amháin go raibh ‘tuath’ sa Bhreatain ach go mba mhó an slacht a bhí uirthi ná in Éirinn; an tuath in Éirinn á milleadh ag sraitheanna de bhungalónna.

Go mbínn ag meabhrú ansin go mba shuáilcí córas na dtiarnaí talúna thall ná an tsaoirse bhradach abhus.

Tír álainn é Sasana gan trácht ar chor ar bith ar Albain, an Bhreatain Bheag ná an Corn. Is minic a chuimhním ar na goirt mhóra arbhair bhuí a d’fheicinn ón traein i gcomharsanacht Sevenoaks nuair a bhíos ag obair ansin i mo mhac léinn dom sna 1960í luatha.

READ MORE

An lá inniu féin go mbím ag déanamh iontais don tírscáil ar mo bhealach ó aerfort Stansted go Londain.

Is áibhéalach a bhfuil d’eanaigh agus d’éanlaith le feiceáil ón traein. Capaill freisin. Cuirtear áthas ar mo chroí nuair a fheicim capaill go suaimhneach i bpáirc, a n-eireabaill dá lascadh go réchúiseach ar a gceathrúna acu d’fhonn cleabhair a ruaigeadh.

Agus tá dúichí áille dúlra taobh istigh den phríomhchathair mhór. Tá mac liom i Londain, cónaí i gceantar Walthamstow air. Nuair a théim ar cuairt chuige, gidh go gceapann sé go gcaithfidh sé clár imeachtaí a leagan amach faoi mo chomhair, is é a deirimse leis: ‘Ná bac!’ Arae tá Gleann Lee agus Riasc Tottenham buailte air, agus ní iarraimse mórán thar a bheith ag siúlóid iontu sin.

Dheamhan a dtógann sé dhá nóiméad ama orm a dhul óna theach go dtí Ascaill an Chapaill Dhuibh agus trasna na hascaille údan tá cosán cúlráideach.

Deirim ‘cúlráideach’ óir cé go bhfuil lánchead ag gach aon a dhul ag taisteal air, ag spaisteoireacht le gadhar nó ar rothar, is cinnte nach mbíonn sé plódaithe.

Tá scrobarnach d’fhásra ar chaon taobh den chosán, sceacha is driseacha, agus, cé go ngearrtar siar géagáin a éiríos róritheach, ní scoitear aon cheo róghéar sa chaoi’s ina séasúr go mbíonn na driseacha luchtaithe le sméara dubha; na sceacha troim brata le flós cumhra; a mbarra fá choinne jelly ar na crainnte fia-úll.

Riasc Tottenham

Taobh istigh den fhásra faoi chlé tá canáil agus cé go bhfuil sí caol cuireann sé ríméad orm a dtagann de chréatúirí isteach inti. Nuair a chluineann tú sciotar is éard atá lachain, cailleach dhubh, nó dúil fhiáin éigin, théis a theacht i láthair.

Achairín ar aghaidh gabhfaidh tú thar dhroichead agus seo tús Riasc Tottenham. Féadfaidh tú cosán ciorclach cré a thabhairt ort féin anseo; nó sin an cosán díreach tarramhacadaim.

Tomacha driseacha is sceacha fá do chuaird más é an cosán cré do roghain. Iontas na n-iontas, is annamh nach bhfeicim piasún. Iontas na n-iontas, a deirim, mar gur minic a dhearcaim madra rua sna réigiúin chéanna. Babhta go dtángas ar chonablach nathrach!

Bím ag faire ar an lusra agus á gcur i gcomórtas leo seo sa bhaile. Créachtaigh, saileacháin, donnlusanna, liodáin úcaire, feothanáin Mhuire, slóchtáin. Castar mná as an iasacht orm ag piocadh duilliúir i gcoinne anraith nó mar ghlasraí.

Ar ball tiocfaidh tú ar dhroichead eile, agus ar chanáil eile ar mó ná an chéad cheann í. Ar an gcanáil seo bíonn báirc mhóra ar ancaire, ceangailte do phostaí ar an mbruach.

Cónaí iontu. Ceanna díofa lonnaithe anseo chomh fada go bhfuil preabáin bheaga talúna lena n-ais faoi churadóireacht acu; a bpeataí madraí sínte siar ag tógáil aeir.

Madraí nó eile bíonn francaigh le feiceáil. Ní hannamh a fheicfeas tú ceann ag sifleáil trasna an chosáin siúlóide i mbólaí na mbárc. Ainneoin seo, ámh, bíonn cearca uisce agus cearca ceannannna ag farae go socair san uisce agus, scaití, tagann lachain is géabha fiáine anuas ina gcuideachtain.

Cé nach aon chairde liom francaigh nílim faiteach rompu mar a bhíonn daoine go minic. Is é an t-údar leis seo, a cheapfainn, ná go mbíodh an corrfhrancach sa teach againn féin nuair a bhíos ag fás aníos toisc go mbíodh stácaí arbhair san iothlainn againn agus an corrmhála gráin i dtaisce sa lota.

An chorroíche, más ea, sa leaba dúinn, chloisimis sianaíl fhrancach agus chloisimis freisin iad ag rásaíocht ar leacracha an urláir adhmaid.

An corrcheann go gcuireadh sé a smut féasógach síos ag gliúcaíocht. Níor dhiachair dúinn sin.

Ag críoch an chosáin, i dTottenham Hale féin, tá Ósta an Chalaidh mar a ligim scíste sul má thugaim faoin athchoisíocht.