Náisiúnachas agus ciníochas

Caithfidh muid bheith cruinn leis na téarmaí a úsáideann muid


Gan choinne, tá siad ag éirí buartha faoina bhfuil amach romhainn san Eoraip chúng. Páirtithe de chuid na heite deise ag bailiú guthanna go gránna, agus nuachtáin an lae ag cumadh scéalta bréige ar dalladh.

Ar airigh tú faoin mbean ón gCirgeastáin a raibh dáréag páiste aici ag tarraingt airgid leasa shóisialaigh ó dhá cheann ar fhichid de thíortha an Aontais Eorpaigh?

Nó an Nigéireach a bhí marbh a raibh trí phost éagsúla aige sna Stáit Aontaithe, in Éirinn, agus san Astráil in éineacht?

Tá na scéalta sin ar fud na meán, agus caithfear éisteacht! Duine ar bith a bhfuil oideachas air, tuigtear dó go bhfuil siad ar fad fíor. Táid siad clóbhuailte dubh is bán, agus an rud a scríobhtar is é a shlogtar. Cé mise le rá nach bhfuil giob den fhírinne iontu?

READ MORE

Na bréaga gan chrích a thug ardú meanman agus ardú vótaí don eite dheis ar fud na leithinse bige domhanda seo ar imeall na hÁise, is minic go dtráchtar orthu mar ‘náisiúnachas’. Dá réir sin, is páirtithe ‘náisiúnachais’ agus is neachanna ‘náisiúnachais’ iad Orban na hUngáire agus mo dhuine san Iodáil agus an neach eile sin sa Pholainn. Ní mar sin a thaibhsítear an focal ‘náisiúnachas’ domsa. A mhalairt ar fad.

Bhí léachtóir staire agam tráth a shainmhínigh ‘náisiúnachas’ mar an dúil sin atá ag tíortha ionsaí agus gabháltas fearainn a dhéanamh ar thíortha eile. Nuair a mhínigh cuid againn dó – dá óige sinn – gurbh shin ‘impiriúlachas’, ní mó ná sásta a bhí sé linn. Nílim ag rá gur theip ar aon duine againn dá dheasca, ach ba dhóbair dúinn.

Mar sin í an deighilt mhór: an náisiúnachas mar chosaint ort féin mar dhuine, mar bhall de phobal; agus a mhalairt, an náisiúnachas cúng a dheighleann daoine eile amach, ar geall le ciníochas é. Tá rófhurasta iad a chumasc agus is róbhaol gurb é galar sin na cúinge a cheanglaítear leis san allagar simplí laethúil.

Tógaimis sampla thar a bheith simplí agus saonta. Tá An Chatalúin ag iarraidh saoirse ón Spáinn. An ‘náisiúnachas’ é sin, nó an ‘náisiúnachas’ de chuid Mhaidrid atá ann? Nó an impiriúlachas an rialtais láir atá ann?

Tá na focail seo sleamhain agus slibireálta agus sobhealaithe agus níl aon phort foclóra ina luífidh siad síos. Cad déarfá le Gaillimh,…mo leithscéal…cad déarfá le bundúchasaigh Shasana Nua, nó le ciníocha dorcha na hAstráile nó le Tutsíocha Ruanda nó le háitreabhaigh Van Diemen’s Land ris a ráitear Tasmania inniu, nó le ….?

Is é is cás liom an sleamhnú brí idir ‘náisiúnachas’ agus ‘impiriúlachas’. Is fíor go bhfuil imir de náisiúnachas mallaithe áirithe ann ina gceaptar go bhfuil cine amháin níos fearr ná cine eile (féach torthaí na gcluichí Oilimpeachta mar fhreagra); agus náisiúnachas cúng cloigeannmhaistrithe ina samhlaítear go bhfuil fuil íonghlan ann (féach do chuid DNA féin mar fhreagra breise).

Is é is suim liom ná an ‘náisiúnachas’ a dhéanann dínitiú agus glacadh le croí maith mór lena bhfuil de mhaitheasaí againn, a shéanann gur fearr sinn ná aon chine eile, ach a dhiúltaíonn go glanoscartha le fíochmhaireacht gan teorainn gur táire sinn ná gach náisiún/stát/cine/dream/díorma eile sa bhith. Agus sin í an phéist atá ina suan san aigne chóilínithe, go rómhinic i ngan fhios di.

Abraimis na Nipmuc, och ní hea, na hIbibio, och damait, na Bidjigail in oirdheisceart na hAstráile, cad a bhí le déanamh acu? Ar náisiúnachas mallaithe a bhí i gceist lena gcosaint orthu féin?

Bímis i bhfad níos cruinne lenár gcuid téarmaíochta. Dúil san fhaisisteachas agus sa chiníochas a ghluaiseann go leor de pháirtithe suaracha meoin nua na hEorpa.

Ná gairmtear ‘náisiúnachas’ de sin, ach faisisteachas agus ciníochas.