‘Bhí scanradh agus sceoin ar na daoine sna sráideanna’

Bhí Aela Ní Ghaoithín i Maracó anuraidh nuair a bhuail crith talún an tír. Maraíodh na mílte sa tubaiste.

Foclóir: Cithfholcadán - shower; máthair mhór - grandmother; idir dhá chomhairle - in two minds; tubaisteach - disastrous; léirscrios - devastation; miontúr - minaret; íospartaigh - victims; iarchrith - aftershock; ag triall - journeying.

Bhí mé sa chithfholcadán agus mo mháthair mhór sa leaba agus í ag léamh nuair a chuala mé a glór. ‘Aela, crith talún! Alea, crith talún!’ Ba ansin a d’airigh mé an t-urlár fúm ag crith.

Chaith mé orm mo róba folctha. Bhí na soilsí ag luascadh ó thaobh go taobh ón tsíleáil. Chuaigh mé ó sheomra go seomra ag múchadh na soilsí. Nuair a shroich mé seomra mo mháthar mór, ina seasamh ag an fhuinneog a bhí sí agus í ag faire ar na daoine a bhí thíos sa tsráid. Ba léir go raibh sceon agus imeagla orthu, iad ag scairteadh agus ag rith. Bhí bonnáin ag gleo as achan treo.

Bhí sé i ndiaidh a 11 an chloig san oíche i dtús mhí Mheán Fhómhair in 2023. Ar saoire a bhíomar beirt sa chathair chósta seo i Maracó agus ba in árasán suaimhneach i gceantar Talborjt in Agadir a bhíomar ag fanacht.

READ MORE

Bhí scanradh agus sceoin ar na daoine sna sráideanna. Iad siúd a raibh carranna acu, bhíodar ag imeacht as an gcathair faoi luas. Bhí gleo na mbonnán ó na carranna agus na seirbhísí éigeandála le cloisteáil i ngach aird.

Cha raibh a fhios againn caidé a bhí le tarlú.

Go hobann stop an talamh ag crith agus bhí an áit go hiomlán socair.

Bhí mo mháthair mhór agus mé féin idir dhá chomhairle: fanacht san fhoirgneamh nó imeacht de dheifir.

Cha raibh a fhios againn an raibh crith talún eile ag gabháil a tharlú. Luaigh sí liom gur léigh sí leabhar blianta ó shin fá chrith talún na bliana 1960 in Agadir. San am sin bhí 5,000 duine ag cur fúthu in Talborjt. Níor tháinig slán ach deichniúr an uair sin.

Cuireadh plean tógála i bhfeidhm ina dhiaidh sin chun a chinntiú, dá mbeadh crith talún eile ann nach dteipfeadh go tubaisteach ar na foirgnimh agus nach dtarlódh a leithéid de thragóid arís.

Ar deireadh chinn an bheirt againn fanacht san fhoirgneamh ina rabhamar. Bhí sé déanach san oíche agus níor léir dúinn cá rachaimis ag an am sin den oíche.

Shocraíomar ar fanacht gléasta inár n-éadaí lae ar fhaitíos go mbeadh orainn éalú níos moille san oíche.

Ba fhaoiseamh dom go raibh an t-idirlíon fós ag obair. Ba léir ón eolas a bhí le fáil ag an bpointe sin gur sna Sléibhte Arda Atlais - níos gaire do Marrakech ná d’Agadir - a bhí eipealár an chreatha.

Lean an eagla sa tsráid ar feadh thart ar uair an chloig ach lean na bonnáin ar aghaidh gan stad agus d’éist mé leo go dtí gur éirigh liom dul chun suain fá dheireadh.

Nuair a mhúscail mé ar mhaidin lá arna mhárach, fuair mé scéala gur maraíodh níos mó ná 600 duine sa chrith. Faraor, de réir mar a d’imigh na laethanta, tuairiscíodh gur maraíodh beagnach 3,000 agus gur gortaíodh 5,500.

Is dócha gur fhuascail eachtraí na hoíche sin cuimhní na ndaoine ar an gcrith talún eile a tharla níos mó ná trí scór bliain roimhe sin.

Sa bhliain 1960 – ceithre bliana i ndiaidh do Mharacó saoirse a fháil ón Fhrainc - bhuail crith talún ar mhéid 5.8 cathair Agadir. Maraíodh idir 10,000 agus 15,000 duine idir Mharacaigh agus Eorpaigh.

Rinneadh damáiste fiánta ar an chathair. Phléasc na píopaí uisce agus ní raibh uisce ann leis na tinte a mhúchadh.

Bhí sé deacair tarrtháil a eagrú siocair nach raibh an córas teileafóin ag obair. Bhí na mílte corp ag lobhadh sa smionagar agus fágadh boladh an ghalair agus an bháis san aer.

Thuig saineolaithe gur áit leochaileach a bhí in Agadir ó thaobh na seismeolaíochta de. Cuireadh an locht faoin scrios a tharla ar chúiseanna nádúrtha chomh maith le modhanna traidisiúnta tógála nár fhág acmhainn ar bith sna foirgnimh seasamh in aghaidh creathanna mór talún. Bhí comhairle sheismeolaithe, gheolaithe agus innealtóirí lárnach i dtionscnamh atógála chathair Agadir.

Bhí forbairt iontach déanta ar an chathair thurasóireachta seo fán am ar tháinig an chéad chrith talún cinniúnach eile.

Ar an drochuair, mar a fuair muid amach anuraidh, ní raibh gach áit i Maracó chomh hullmhaithe céanna don mhéid a tharla.

Aon mhíle dhéag síos sa talamh a tharla crith talún 2023. Bhí cumhacht 6.8 ann agus thart ar 20 nóiméad ina dhiaidh sin, bhuail iarchrith a raibh 4.9 de chumhacht ann. D’fhág an dá chrith talún léirscrios ina ndiaidh. Leagadh tithe agus scriosadh bóithre.

Ceathracha cúig míle siar ó dheas ó chathair stairiúil Marrakech a bhí an t-eipealár agus ba sna sléibhte agus i gceantair thuaithe i gCúige Al-Haouz a tharla an damáiste a ba mheasa.

Chuir méid an damáiste moill ar an chabhair. Bhí lear mór áiteanna ann nach dtiocfadh leis na seirbhísí tarrthála dul chomh fada leo ach amháin ar asail nó ar ghluaisrothair.

I measc na sráidbhailte sléibhe a raibh scrios déanta orthu, bhí: Adassil, Amizmiz, Ighil agus Chichaoua. Rinne saighdiúirí, muintir an Chorráin Dheirg agus gnáthdhaoine gach iarracht dul i gcabhair orthu siúd a raibh sé de dhíth orthu.

Dáileadh bia, uisce, éadaigh agus blaincéid orthu. Dáileadh na mílte pobail orthu siúd a bhí fágtha gan dídean agus tógadh ospidéal machaire.

San iomlán, maraíodh 3,000 duine agus fágadh 380,000 gan dídean.

Scriosadh suas le 600 scoil sa chrith talún ach tá sé geallta ag Rí na tíre, Muhammad VI go dtógfaidh sé míle scoil as an nua.

Atógfar Mosc Tinmel atá ag freastal ar mhuintir sléibhe ón 12ú haois i leith.

Tá cathair ársa Marrakech lárnach in earnáil turasóireachta Mharacó. Rinneadh damáiste do go leor de na foirgnimh cháiliúla sa tseanchathair agus do na ballaí thart timpeall na cathrach.

Rinneadh damáiste do Mhosc Koutoubia agus leagadh an miontúr ó Mhosc Kharbouch. Meastar go gcosnóidh an dochar a rinne an crith talún $7 bhilliún le cur i gceart – agus tá a lán fós le déanamh.

Tá atógáil ar bun anois ach in ainneoin an briseadh croí agus an damáiste agus imní faoi laghdú i líon na dturasóirí i Maracó, tá na mílte ag triall ar Marrakech achan lá arís.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here