Údar an chiúnais

Ní bheadh de mhortabháil mhór ar mhuintir na tíre ach ‘teacht in inmhe’

Foclóir: Mortabháil - responsibility; údar - reason; teacht in inmhe - to mature; éarthach - repellent; Stráice Gaza - Gaza Strip; scáfar - dreadful; scéin - terror; An Mheánoirthear - the Middle East; teorainn - limits; longa cogaidh - warships.

Níorbh áibhéil ar bith é i bhFeabhra na bliana seo caite nuair a tuaradh go bhféadfadh mórbhuamáil na Rúise ar chathracha agus ar shibhialtaigh na hÚcráine a bheith ar an chaibidil ba thromchúisí i stair na cruinne le fada an lá. Ba léir nach raibh Arm na Rúise ag iarraidh gortú agus marú sibhialtach a sheachaint agus iad i mbun a gcuid ionsaithe.

Cáineadh iompar na Rúise mar ba chóir agus tugadh gach cineál tacaíochta don Úcráin in am an ghátair. Ach táthar ann nach gcuireann a leas ar cairde. Is beag nár ghlac roinnt tráchtairí leis gurbh ionsaí orainn féin é agus níorbh fhada gur spreag ionradh na Rúise athmhúscailt na sean díospóireachta maidir le fiúntas neodracht na hÉireann.

Dúradh gur cheart d’Éire dul i bpáirt le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (Ecat) nó le comhghuaillíocht míleata éigin eile san Eoraip.

READ MORE

Ní bheadh de mhortabháil mhór ar mhuintir na tíre ach ‘teacht in inmhe’.

B’éarthach agus ba scáfar freisin iad na tuairiscí nuachta a craoladh ar an 7ú Deireadh Fómhair.

Ionsaí fuilteach a bhí déanta ag Hamas ar ghnáth Iosraelaigh agus a d’fhág 1,400 maraithe agus cuid eile acu fuadaithe. Anuas ar an scéin agus an uafás bhí an tuar agus an tuiscint go mbeadh dearg ár dá bharr sa gceantar sin a dtugann Eorpaigh “An Mheánoirthear” air. Agus, dá dtarraingeofaí na tíortha maguaird isteach sa chogadh bheadh cogadh mór réigiúnach a d’fhéadfadh leathnú ina chogadh domhanda mar thoradh air.

Ar an dtoirt bhí Ursula von der Leyen, Joe Biden agus eile ar eitleáin go hIosrael chun a chur in iúl do rialtas na tíre sin go mbeadh gach tacaíocht a theastódh uatha ar fáil agus (d’aon ghnó agus go sonrach) níor chuir siad teorainn chearta daonna ná dlíthe na cogaíochta leis sin.

Ar ndóigh an rud a bhí acu a dhéanamh, an deis a thapú le socrú cuí, cóir, buan síochána a éileamh. Ina ionad sin, mhéadaigh siad ar riastradh cogaidh Iosrael agus ghlac siad le cuid den fhreagracht mhórálta as na huafáis a lean. Tá na scéalta uafáis á gcraoladh gach lá ó shin agus tá slad díbheirgeach á dhéanamh ar shibhialtaigh na Palaistíne atá sáinithe i Stráice Gaza mar a bheadh éisc i mbarraile.

Chuir an t-aire rialtais Spáinneach Ione Belarra i leith an Aontais Eorpaigh agus Stát Aontaithe Mheiriceá go raibh dlúthbhaint acu le choiriúlacht chogaidh Iosrael. Go dtí an Aoine seo caite, nuair a labhair an Taoiseach Leo Varadkar amach, theip ar rialtas na tíre seo mórán níos mó ná lag-cháineadh a dhéanamh. Spreag an t-ár na mílte léirsitheoir a shiúil ar shráideanna ar fud an domhain ag éileamh deireadh leis an gcogadh.

Tá dlúthghaol ag mórthíortha Ecat le hIosrael leis na blianta - ní hamháin ó thaobh na comhpháirtíochta agus comhghuaillíochta de – ach mar sholáthróirí an armlóin sin atá á chaitheamh anuas ar chloigne mhuintir na Stráice Gaza.

Tá go leor de na glórtha sin a d’áitigh le gairid gur cheart dul i bpáirt le hEcat sách ciúin faoi láthair. Agus longa cogaidh thíortha Ecat ar faire sa Mheánmhuir mar thacaíocht d’Iosrael, tuigtear údar an chiúnais.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.