An Pápa agus na Baluba

Ceann de na tíortha is saibhre ar domhan é; agus ceann de na tíortha is boichte, leis.

Beidh cuimhne ag daoine d’aois áirithe cérbh iad na Baluba, ach beidh siad i ngan fhios glan ar nós Captaen Rock nó na Mollaí Maguidhir ó aoiseanna eile atá dearmadta anois ag go leor eile.

Is amhlaidh gurbh iad a dhein luíochán ar Óglaigh na hÉireann agus iad ar mhisean síochána agus slándála sa Chongó sa bhliain 1960. Maraíodh naonúr díobh ionas gur tháinig an focal ‘Baluba’ isteach sa chaint mar mhasla ar dhuine fiáin barbartha. Tugadh ‘balubas’ ar fhoireann peile na Mí go coitianta, agus is beag duine a mhaífeadh nach raibh sé fíor.

Is é is íoróiní faoi seo ná go raibh cultúr saibhir ealaíonta acu, go dtí go dtáinig na fir Bheilge agus dreamanna eile ag iarraidh creiche, ionas go bhféadfá a rá go rabhadar scriosta agus ina dtráilleanna faoi dheireadh an 19ú haois. Is de shuimiúlacht gur de chaolach agus dóib a bhíodh a gcuid tithe cois locha déanta, rud a chuirfeadh Yeats féin spéis ann mura mbeadh go raibh sé róthógtha le tóraíocht na sí ar shleasa Bhinn Bulbain. In ainneoin cos ar Bheilg a bheith anuas orthu faoi bhuataisí iarainn d’éirigh leo éirithe amach rialta a eagrú go dtí 1917.

Cuimhne léanmhar bheo an áir faoi dear gur shíl siad gur saighdiúirí tuarastail ón Eoraip a bhí in Arm na hÉireann agus gur de sin an slad a lean.

READ MORE

Ar éigean faoiseamh ón gcogaíocht sa Chongó ó shin. Fearann claímh agus gunna agus sleá agus barbarthacht é ina bhfuair, meastar, breis agus 5 mhilliún duine bás in Dara Cogadh an Chongó nó Cogadh Domhanda na hAfraice mar a thugtar air go minic. Ní raibh ansin ach cogadh amháin a fearadh, an ceann seo idir 1998 agus 2003, agus tá tuairim is 120 grúpa míleata éagsúil á bhféachaint le chéile ann i gcónaí. Saibhreas do-áirithe na tíre is bun leis an iomaíocht, saibhreas ola, gáis, agus go háirithe mianraí. Má tá aon ghléas agatsa i measc na ngiuirléidi atá agat go flúirseach, má tá cóbalt istigh ina phutóga, is féidir a bheith nach mór deimhnitheach de gur buachaill nó cailín beag a thochail aníos é lena méara loma sa Chongó.

Ceann de na tíortha is saibhre ar domhan é; agus ceann de na tíortha is boichte, leis.

Cé dúirt, mar sin, ‘Baintear bhur lámha den Afraic!’ agus ‘Is é paisean na sainte a smearann bhur gcuid diamant le fuil!’ ‘Ná bí ag tachtadh na hAfraice; ní mianach atá ann le scamhadh, nó timpeallacht atá le dúshaothrú.’?

Reibiliúnach Marxach atá ag iarraidh an chórais chaipitiligh a chur de dhroim seoil, nó fealsamh ainrialach ar gráin leis ord agus reacht, nó Maoach ar a chuaird bholscaireachta ón tSín? Níorbh ea, in aon chor, ach Il Papa Francesco é féin agus é sa Chongó an tseachtain cheana.

Níor tugadh mórán airde air abhus murab ionann agus Biden ag tabhairt óráide uaidh do Chomhdháil na Stát Aontaithe, nó Volod Zalenskyy ag caint sa Bhruiséil ag iarraidh arm cogaidh, nó ceiliúrán éigin ó Hollywood ar bótocsáileadh a prumpa.

B’fhéidir go raibh cúis mhaith againne neamhaird a dhéanamh air. Tar éis an tsaoil agus é ag caint mar gheall ar chaimiléireacht sa pholaitíocht, is é a chomharlaigh sé don phobal- ‘Más amhlaidh go ndéantar clúdach donn litreach a thairiscint duit, ná titear isteach sa ghaiste.’ Braithim go mbeadh daoine áirithe thar a bheith míchompordach leis an méid sin anseo.

Mar sin is dá réir sin, dealraíonn go raibh na Baluba thar a bheith sásta leis an bPápa, mar a bhí na Econda, Mbele, Ióba, Bangba, Zantu, Dupo, Onobo, Nautu, Lamba agus formhór an 200 éigin náisiún atá sa Phoblacht.

Sa Phoblacht áirithe seo, áfach, bhí tost nár scagadh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar