I ndíolchuimhne

Tá breis agus trí scór beathaisnéis nó leabhar tráchtaireachta scríte ar an gCoileánach go dtí seo

An piléar a scaoileadh le Mícheál Ó Coileáin tráthnóna inniu céad bliain ó shin is piléar é ar airíodh a mhacalla ar fud an domhain, má mhaitheann Lexington, Massachusetts dom é. Go deimhin is go dearfa is go siúrálta féin tá a mhacalla fós ag sonadh trí pholaitíocht na hÉireann agus ní ag dul i laghad atá sé. Is ea, déantar an cneasú thar ghoimh a shlánú oiread agus is féidir idir an dá pháirtí mhóra a thit as ubh lofa an chogaidh chathardha, ach coinnítear an plé nimhe go beo ar shlite eile.

Níl tuairim dá laghad agam cad déarfaidh an Taoiseach agus an Tánaiste inné ag comóradh cuimhneacháin Bhéal na Bláth 100 bliain marú an Choileánaigh. B’fhéidir gurb ait leat an meascán gramadaí san abairt sin, an aimsir fháistineach agus an aimsir chaite san aon abairt amháin. Níl ann ach nach foláir an colún seo a scríobh roimh bhladar an Domhnaigh.

B’fhéidir gurb ait leat, leis, gur bladar a thugaim ar an rud adéarfaidh siad inné. Más aon teist óráidí bliantúla an chomórtha sin, agus an méid adúirt an Tánaiste mar gheall ar an gCoileánach tá seachtain ghairid ó shin ann is mé atá lánsuite de gur polaitíocht an lae inniu seachas stair an lae inné a bheidh/bhí idir chamáin phléite acu.

Ráinig go rabhas ag siúl ar na leabhair atá scaipthe ar fud na n-urlár sa tigh agam le déanaí go dtí gur bhain ceann acu tuisle asam. ‘The Big Fellow’ le Frank O’Connor is ea a bhí ann, an bheathaisnéis ar Mhícheál Ó Coileáin a bhreac sé le paisean agus le díocas i d30í na haoise seo caite. Leabhar é, an chéad eagrán, a léigh mé im dhéagóir sa bhaile nuair a bhí smut éigin dem mheabhair ag bláthú go torthúil ar mhaithe le holc nó le maith. Clúdach glasliath, páipéar tiubh, smearadh tae nó caifé thall is abhus, agus poll dóiteáin in áit amháin ar a laghad nuair a thit an toitín ó lámh an léitheora. Is móide an taitneamh riamh leabhar mar sin a léamh, mar bíodh is go bhfuil na focail mar an gcéanna le haon eagrán eile, samhlaíonn tú go bhfuil tú in aon tráth aimsire leis an údar.

READ MORE

Tá breis agus trí scór beathaisnéis nó leabhar tráchtaireachta scríte ar an gCoileánach go dtí seo, agus go bhfios dom, ní raibh oiread is ceann amháin díobh cáinteach nó leathcháinteach féin. Agus ní cáinteach atá O’Connor ach an oiread. Is cuma nó laochadhradh é ‘The Big Fellow’, bíodh gur mó de Frank atá ann ná de Mhícheál. Leabhar binn brothathallach lán d’áibhéil is de dhul thar fóir ach a bhuaileann abhaile gan amhras anonn gurbh é Mícheál Ó Coileáin an fear pleanála gunnaí ab fhearr a bhí in Éirinn riamh (ar an taobh seo againne). Murach é, ní bhainfí saoirse an tSaorStáit amach.

Beidh le feiceáil, ach ní shílim go ndéarfar/gur dúradh sin ag Béal na Bláth inné. Luaigh an Tánaiste nár cheap an Coileánach nach raibh a mhalairt de rogha ar an ngunna ann (IT Lúnasa 15). Má bhí duine ar bith riamh a thuig deargriachtanas an ghunna, an fhoréigin, an sceimhle, na robála banc, an airgid aniar, an lámhaigh sa leaba, an luíocháin shleamhain ó chúl sceiche , an ghátair a bhí le stát-aireacht na Breataine a dhúnmharú ar shráideanna Londain san am, b’é an Coileánach é. Ar a laghad ar bith, ná séantar an méid sin, cibé scodal bualtraí eile a scaoilfear chugainn.

Tá athscríobh na staire ann, ach tá lombhréagnú na fianaise ann chomh maith. Ní bheadh aon stát Éireannach ann murach cogadh na saoirse lena chuid fola gránna. Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin a admháil?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar