Go ceann tamaill

D’airíomar faoi Mai Lai in Vítneam toisc go raibh duine amháin macánta agus béalscaoilte

Tá na heitleáin imithe as radharc sa spéir, tá na sluaite ar an talamh scaipthe, cuid de na foirgnimh leagtha, cibé rud is gnáthshaol ann ag stracadh le tosnú arís. Tá na saighdiúirí eachtrannacha bailithe leo, a bhfuil fágtha den chúnamh carthanachta idirnáisiúnta balbh. Is ea, tá dearmad glan déanta ar Kabul agus ar an Afganastáin cheana seachas foscéal uafáis mar gheall ar an Talaban.

Nuair a ghabhann tú trí bhailte beaga na hAlban, is beag rud is truamhéalaí ná na galláin chuimhneacháin do na fir óga a maraíodh i gcogaí na Breataine, go áirithe an chéad chogadh mór. Liostaí gan áireamh ó bhun go barr, Dómhnallaigh is Cambhéalaigh is MacLeoidigh is eile go dtagann mearbhall ort.

In Washington tá an balla móra dubh eibhir ar a bhfuil ainmneacha na 58,000 saighdiúir Meiriceánach a maraíodh ina n-ionsaí míthrócaireach ar Vítneam. Is ceart agus is cuí go mbeadh a leithéid ann mar chuimhne ar na mí-ámharaigh bhochta agus ionas go mbeadh ionad goil ag a ngaolta agus a lucht aitheantais.

Is é nach bhfuil in aon áit i Meiriceá, áfach, ná balla cuimhneacháin do na Vítneamaigh ar chuir siad as dóibh, lán dhá mhilliún díobh. Tá measta dá dtógfaí a leithéid sin de bhalla go sínfeadh breis is naoi míle d’fhad.

READ MORE

B’é gníomh deiridh na Stát Aontaithe ar tí imeachta ó Khabul ná gluaisteán lán de sceimhlitheoirí a loscadh ina smionagar. Mo leithscéal, tá breall orm, gluaisteán lán de lucht cabhrach, deichniúr cruinn díobh, Zemari Ahmadi, fear eile agus páistí óga ina smála dóite.

Cé gur sceimhlitheoirí Isis a bhí meáite ar iad féin agus daoine eile a shiabadh san aer ba ea iad ar feadh seachtaine is gairid gurbh éigean dóibh an botún a admháil. B’in botún a tharla agus súile an domhain orthu. Is í an cheist mhór ná cé mhéid ‘botún’ mar sin a tharla ó tosnaíodh ar an gcogadh ‘in aghaidh na sceimhlitheoireachta’?

Chun a gceart a thabhairt don Uachtarán Biden ba mhithid deireadh a chur leis ‘na cogaí síoraí’ sin, nó sa chás seo, ceann a mhair 20 bliain. Lena linn sin meastar gur dhein na Stáit breis agus 93,000 aerionsaí ar an Afganastáin, ar an Iaráic, an Phacastáin, an tSiria, an tSomáil, an Eimin agus n’fheadar cad eile?

An amhlaidh nár maraíodh sibhialaigh ar bith ag siúl na slí, nó ag ithe suipéir, nó i mbun na ngabhar, nó le linn bainise, nó i bhfolach i bpoll, nó ag tiomáint ar bhóthar, nó ag obair sa ghort, nó ag insint scéil, nó ag cur greim le béal, nó ag codladh go sámh, nó ag téarnamh san ospidéal, nó os cionn leabhar ar scoil, nó ag cogan nuacht an lae ar feadh an ama sin go léir? Go raibh gach aon ionsaí pléascach díobh cruinn ceart beacht pointeáilte amasfhoirfe glic?

D’airíomar faoi Mai Lai in Vítneam toisc go raibh duine amháin macánta agus béalscaoilte. Ní airímid mórán faoi Bala Baluk inar stialladh nó ina smidiríonadh 140 éigin sibhialach…gan amhras, níor bhuail na buamaí cliste ón aer ach na tithe ina raibh na treallchogaithe, fág go raibh cuid acu thar a bheith óg, abair cúig mbliana d’aois. Ná Azizabad, ná Omar Khail, ná…

De réir cairt Nato tá freagracht chomhchoiteann as gníomhartha ball ar bith den chomhghuaillíocht sin. Agus polaiteoirí áirithe abhus ag tathant orainn gabháil i bpáirt leo le fada, gan trácht ar Ursula van der Lyen ag cur treise le hArm Eorpach. Cad a dhéanfadh an tArm Eorpach sin, do thuairim? Gach rud a dhein airm Eorpacha riamh, gach seans. Ní hea gach seans, ach go cinnte.

Tá Biden mionnaithe nach rachfar i mbun ‘atógála’ tíortha arís. Go ceann tamaill, go ceann tamaill, go ceann tamaill.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar