Oíche mhór ag uaisle móra na cumarsáide i nGaillimh


Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2015 ar Thomás Mac an Iomaire a chaith os cionn 30 bliain le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Oireachtas na Gaeilge, go raibh: “Oidhreacht le háireamh atá fágtha ag Tomás Mac Con Iomaire in earnáil na craoltóireachta Gaeilge go dtí an pointe seo féin agus tá sé ag cur leis i gcónaí sna tionscnaimh nua atá idir lámha aige.

“Tá meas ar a shaothar agus ómós dó féin laistigh d’earnáil na cumarsáide agus na Gaeilge agus is cúis áthais don Oireachtas an t-aitheantas seo a thabhairt dó.”

Agus bhí oíche mhór ag mórán eile le linn an tsearmanais i nGaillimh Dé hAoine.

READ MORE

Bronnadh gradam iriseoir na bliana ar eagarthóir tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí; craoltóir raidió na bliana ar Mháirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta; craoltóir teilifíse na bliana ar Sheán Mac a’ tSíthigh agus aisteoir na bliana ar Dhara Devaney.

Bronnadh sraith teilifíse na bliana ar Corp + Anam; bhain Rónán Beo @ 3 ar RnaG sraith raidió na bliana; Katie a ainmníodh mar chlár teilifíse na bliana agus Nós.ie a bhain an gradam mar láithreán gréasáin na bliana.