Na Gréagaigh ghlóracha

Tá pobal ann nach bhfuil sásta leis na grabhróga a cheadaítear


“- Cad leis a bhfuilimid go léir ag fanacht ar chearnóg an mhargaidh?

Leis na Barbaraigh, beidh siad ag teacht inniu.”

Tosach dáin é sin le duine de na filí is mó cáil Gréigise san aois seo caite, a bhfuil C.P. Cavafi air san litriú Rómhánach gallda.

Déanaimid feacadh glúine agus tugaimid ómós umhal beannaithe staire do na Gréagaigh, ach le fírinne níl pioc ar eolas againn ina dtaobh.

READ MORE

Ó sea, tá clostrácht timpeall ar Demis Roussos a fuair bás le déanaí. Is cuimhin linn spéaclaí Nana Mouskouri a mbíodh a leithéid ar dhaoine nach dtaobhaíodh specsavers, agus maidir le daoine níos sine, beidh rud éigin i gcúl a chinn acu maidir le hArastatail Onassis nár phós baintreach Nikita Kruschev nuair a fuair sé bás.

Ach go tobann tá na Gréagaigh i lár an aonaigh arís.

Bhí lua éigin orthu nuair a bhuaigh a foireann sacar craobh na hEorpa go hiomlán glanseansúil sa bhliain 2004, ach d’imigh siad as a bheag nó a mhór nó a mhórmhór ina dhiaidh sin seachas gur bhuaigh siad an comórtas amhránaíochta Eurofíse an bhliain dár gcionn.

Fós féin tá an Ghréig ann, agus tá na Barbaraigh ag teacht i gcónaí.

Barbaraigh an Troika agus Bhancanna na hEorpa Móire na naimhde is déanaí.

Chuir siad as do na Peirsigh 480 r.ch., agus don Impireacht Ottamanach (cé gur thóg na céadta bliain) i mblianta tosaigh na 19ú haoise, agus d’Impireacht na Gearmáine de bharr feabhas a gcuid treallchogaithe féin nach mór amháin.

Anois tá maoinlathas na mbanc ag cnáimhghearradh na tíre mar a dhéanadh súmairí ríoga fadó.

Chun casadh a bhaint as dán Chafavi:

“Tá na hEorpaigh ag teacht inniu, sin é an fáth;/Cuireann airgead an draíocht mhaoineach ar Eorpaigh.”

Och, an focal gránna míchompordach sin arís chugainn: daonlathas.

Tá na leabhair scoile breá sásta a admháil go raibh daonlathas éigin i bhfeidhm san Aithin agus i mbaill eile de chuid na Gréige.

Ach b’fhearr gan na prionsabail sin a shíneadh a fhad leis an gcuid eile den Eoraip, na déithe Oilimpeacha dár mbeannachadh.

Beidh le feiscint an bhfaighidh Syriza aon tacaíocht abhus ó na páirtithe a chreideann chomh mór sa deimheas is a chreid an buainteoir riamh sa chorrán, ach ar éigean é. Tá lucht maoine a chnuasach chomh cnuaisciúnta lena gcuid cnuas is atá an ghráinneog lena leannán.

Is ró-eagal liom go bhfuil bearna Thermopilae roimh na Gréagaigh arís.

An uair seo ní hiad na Peirsigh a bheidh rompu sa bhearnain bhaoil, ach na Gearmánaigh is na Francaigh is a gcuid giollaí ceannaithe ar fud na hilchríche. Na hEorpaigh Mar nach ndúirt Cavafi, ach mar adéarfadh inniu:

“Tá na hEorpaigh ag teacht inniu, sin é an fáth,/Is iad na hEorpaigh a rithfidh an reacht, nuair a thagann siad./Cén fáth ar tháinig an bheirt Chromail amach inniu/Cén fáth a bhfuil slabhraí óir orthu, agus/Scrollaí réidh acu le tabhairt dúinn?”

Deirtear linn gurbh í an Ghréig a ghin an Eoraip. Deirtear é sin linn gan aon iachall a bheith orainn aon phioc a fhoghlaim ina taobh.

Bhí tráth ann nuair a d’fhoghlaimítí Laidin agus Gréigis i scoileanna an bheagáin a d’fhaigheadh cothrom ar oideachas.

Ach ar chúis éigin fágadh an Ghréigis i leataoibh in ainneoin a breise feabhasa ar an Laidin mar theanga chultúir agus mhachnaimh.

B’fhéidir an iomad gaoise inti.

Don chuid is mó againn tír rúnda agus tír rúin is ea an Ghréig. Is fíor go ngabhann na milliúin as an gcearn seo d'iarthar caol na cruinne chuici gach bliain ar son ouzo agus gréine agus eile.

Ní féidir a rá gur chun na Gréige a ghabhann siad, áfach, ach go Mykanos agus Skiáthos; bheadh lán chomh maith dul go Barra an Teampaill agus go Dúlainn araon.

Ní aithneodh cuid againn a bhfuil smearacháil bheag de theangacha na hEorpa inár gcluasa againn an Ghréigis labhartha thairis ar Urdu nó Máltais.

Ní hann don Ghréig – cliabhán na hEorpa, mar dhea – in éamais turasóireacht na fealsúnachta, ailtireacht na drámaíochta, seanchas na staire, agus scoileanna saibhre graiméir i dtíortha ina raibh meas ar an oidhreacht chlasaiceach.

Ní hí an Ghréig atá anois an Ghréig a bhí in anallód ann; ach seans gurb í an Ghréig a bhí cheana ann an Ghréig a bheidh feasta againn arís.

Is lánait go mbeadh an Ghréig oirgúlta i gcroí na himeartha.

B’é a bhí i gceist leis an tionscnamh Eorpach ná go mbeadh cead bainistíochta ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, cead cainte ag a ngiollaí boird, An Bhreatain, An Iodáil, An Spáinn (anois is arís), agus go mbeadh gach duine eile go deas béasach fad is go scaoilfí grabhróga leo.

Tá an chuma air go bhfuil pobal amháin ar a laghad nach bhfuil sásta nuair gurbh iad grabhróga amháin a cheadaítear dóibh.