Dhá fhocal atá im chloigeann le tamall

Ceann acu is ea hubris, agus an leaid eile Schadenfreude

Dhá fhocal atá im chloigeann le tamall mar is deacair éalú uathu. Dhá fhocal iasachta nach bhfuil a gcothrom cruinn ceart againn sa Ghaeilge dóibh. Ceann acu is ea hubris, agus an leaid eile Schadenfreude.

Tá go leor focal ar 'uabhar' agus ar 'mhóráil' againn, gan amhras, ach ar shlí éigin ní hionann iad go beacht agus an rud a bhfuil hubris ag ciallú. Tá na focail Ghaeilge caolchúiseach go maith, leis, sa tslí dhuit gur beag imir den bhrí nach dtugann siad leo.

Mar shamplaí: ‘Nach mór an lán a bhí ar fhoireann iomána Chill Chainnigh go dtí gur tugadh greadadh dóibh.’ ‘Is mór an ceann suas dúinn go bhfuil oiread sin airgid á spáráil ar altraí againn.’ ‘Bhí Conor McGregor lán de mhustar go dtí gur leagadh ar a thóin é.’ ‘Nach ait an laochas atá ar an bpolaiteoir sin agus gan aige ach suíochán a athar?’

Ba chlóchaiseach an mhaise dom leanúint ar aghaidh mar seo mar b'fhurasta na samplaí a iomadú. Ní hé nach bhfuil samhlaóidí den ghiodam agus den díomas le fáil go laethúil, ach ar shlí ní mar a chéile iad agus hubris iontu féin. Ní féidir a rá go raibh a leithéid sin ar fhoirinn rugbaí na tíre (mo leithscéal, foireann rugbaí an oileáin anois, óir ní tír feasta sinn) an tseachtain cheana nuair a dhein na Sasanaigh Waterloo agus Omdurman agus Eachdhroim agus an Bhóinn orthu ceal salainn ceal anlainn, ach bhí a leithéid ar na tráchtairí spóirt. Iad nach mór uile go léir.

READ MORE

Ba dhóbair duit gan oiread is a chaochfadh súil den Schadenfreude a bheith ort ag féachaint orthu ag iomrascáil ar thóir leithscéalta tar éis a raibh de leithead orthu le bliain anuas. D'fhonn turas chun an fhoclóra a shábháil ort, is é is brí leis ná an pléisiúr a bhaineann duine as teip nó as mí-ádh duine eile. Ní hé nár mhothaigh Gaeil Éireann é sin go minic, ach níor éirigh leo focal beacht a chur air, go bhfios dom. Ba bheag duine in aon cheann tríochad de chontaetha na hÉireann nár phléasc le Schadenfreude nuair a phleancaigh Séamus Darby an liathróid sa líontán sa nóiméad deiridh sin in aghaidh foireann bhuacach Chiarraí i mbliain álainn sin an iontais 1982. Ar eagla nach bhfuil a fhios agat cad a tharla, níor mhiste liom dul siar air duit…go minic.

Ach ní sa chomhthéacs sin a rith an dá fhocal liom in aon chor, ach i gcás scéalta an lae inniu nach bhfuil aon éalú uathu - an eilifint sna cluasa, an mhuc sa pharlús, an dealg sa bheo, an smuga sa tsróin, an tochas sa ladhar, an phian sa phrumpa, an gabhar sa leaba, an Breatimeacht mallaithe síoraí féin gan staonadh. ‘Brexit ar maidin/Brexit am lóin/Is dá n-éireoinn meán oíche/Is Brexit a gheobhainn’ mar adúirt an file.

Rith hubris liom mar gurb é sin an chomáint atá faoi go leor de na Breatimeachtaigh, gur féidir leo seasamh leo féin mar a rinneadh in aghaidh Hitler agus nach gá aon bheann a bheith acu ar an domhan mór lasmuigh d'fhailltreacha bána Dobhair (seachas iarsmaí na hImpireachta, gan amhras). Is láidire fós, áfach, an tonn mhór den Schadenfreude a thaoscann aníos ionam ag baint taitnimh mhíchuibheasaigh as an sáinn ina bhfuil siad. Níos gránna ná sin féin, tá pléisiúr á bhaint agam as an hurlama giúrlama gan aon lá solais. Ní hé go bhfuil aon olc agam chucu, gan amhras, mar adéarfá, má thuigeann tú leat mé, ach ní féidir gan straois na staire leathnú ar do ghnúis nuair a fheiceann tú na pléaráca.

Fearr é ná lámh Dé Maradona uair ar bith, ní áirím Mario Mandzukic féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar