Laethanta Cuimhneacháin

Tháinig siad go léir le bagairt, bíobla, búz, bolgach, breab agus búistéireacht de réir is mar a d’oir

B’ait mar a ráinig, ach tharla lá cuimhneacháin an Uileloiscthe agus lá náisiúnta na hAstráile i neas dá chéile an tseachtain cheana. Aon lá amháin a bhí eatarthu, agus cé gur i bhfad óna chéile maidir le tosca agus le dálaí iad, ba dhealraithí ná a mhalairt a bhí siad ar shlí eile. Ba chruinne a rá go gcuimhnítear ar lá idirnáisiúnta an Uileloiscthe, ach go gcomórtar lá náisiúnta na hAstráile.

Is deacair cuimhneamh, gan amhras, ar aon uafás ba bharbartha le díothú na nGiúdach ag ceann de na pobail ba shibhialta dar mhair riamh maidir le healaín, le hoideachas, le léann, le fealsúnacht, le tionsclaíocht, le leigheas, le diagacht, le dul chun cinn de. Pléascann an mheabhair thiubh féin ach iarracht a dhéanamh cuimilt le fáithim chaol an imeachta.

Ina choinne sin thall, déanadh iarrachtaí eile ar chiníocha a dhíothú gan buntáiste na tionscalaíochta a bheith acu mar a bhí ag sibhialtacht dheasbhéasach dhealabhartha snaséadach lár na hEorpa. Ba leor tua na tuaithe ag na Hutúigh d'fhonn na Tutsaithe a chur ar lár lenár linn féin. Mhol an fear deas sin L. Frank Baum a scríobh The Wizard of Oz gur chóir gach Indiach Rua a mharú gan taise, agus fós féin níl aon fheachtas i gcoinne a chuid leabhar i scoileanna an domhain, go bhfios dom.

Is é fáth go bhfuil sé lánoiriúnach go dtiteann lá cuimhneacháin an Uileloiscthe agus lá náisiúnta na hAstráile nach mór go comhthráthach ná nach aon lá comórtha ag pobal dúchais na hilchríche sin atá ann. Cad ar a shon a bheadh?

READ MORE

B’iad na Dúitsigh ba thúisce den chine concais a chuaigh máguaird an áit á faire go faichilleach. B’in tar éis breis agus 60,000 éigin bliain den chine daonna aniar lonnú sa bhall. Dá mba gurbh iad a áitrigh an scrobarnach mórthimpeall is dócha gur Niemantsverdriet a bheadh ar Sydney, gur Muggenbeet a bheadh ar Melbourne agus De Hulk a bheadh ar Adelaide inniu.

Ní fiú comhmheas a dhéanamh idir déine nó boige an choncais seo seachas aon choncas eile, ach tá an chuma ar an scéal gur mhó an dúil a bhí ag na Dúitsigh sa trádáil seachas sa choilíniú dearg. Bíodh a theist sin ar New Amsterdam féin, nó Goa, mar shamplaí. Is ea, tá na Búir san Afraic Theas ann ceart go leor, ach ba mhó de ghluaiseacht thrádála ná de ghluaiseacht mhíleata ann féin iad sin i dtosach.

Ní fios, mar sin, an mbeadh dálaí na bpobal dúchais aon phioc níos fearr dá mba gur Dúitsigh nó Spáinnigh nó Francaigh nó Lochlannaigh nó Portaingéiligh nó Lucsamburgaigh nó Gaeil Éireannacha féin a ghabhfadh port go lánarmtha le púdar is le faobhar sna blianta léanmhara sin. Ar éigean é.

Tosnaíodh ar an sléachtadh láithreach. Nuair a labhraímid ar chinedhíothú is túisce a smaoinímid sa chás seo ar na bundúchasaigh go léir mar aon bhuíon neamhidirdhealaithe amháin. Níor mhar sin a bhí. Is iad a bhí chomh héagsúil ina gcleachtadh agus atáimidne le Sami na Fionlainne. Bundúchasaigh Eorpacha sinne, chomh neamhshnaidhmthe ina chéile is a bhí na Pintupi agus na Djabugai. Ní móide go bhfaca na gadaithe caorach agus lucht phócaí a phiocadh agus Connerys éagsúla aon difear eatarthu.

Tháinig siad go léir le bagairt, bíobla, búz, bolgach, breab agus búistéireacht de réir is mar a d’oir. D’imigh an pobal dúchais i léig ó timpeall an mhilliúin a bhí ann nuair a chéad leag an chéad chabhlach a gcrúba ar an trá san áit a bhfuil Botany Bay air anois go dtí 70,000 éigin i dtríochaidí na haoise seo caite.

Ní haon ionadh gur Lá Agóide agus Éagaoine atá acu ar lá náisiúnta na hAstráile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar