Teilifis Westminster

Rinneadh plé i bparlaimint na Breataine an Chéadaoin seo caite faoi chúrsaí teilifíse agus Gaeilge

Rinneadh plé i bparlaimint na Breataine an Chéadaoin seo caite faoi chúrsaí teilifíse agus Gaeilge. Tá feachtas ar siúl ag an Iontaobhas ULTACH le brú a chur ar rialtas na Breataine ciste teilifíse a bhunú mar a gheall siad i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Cháin an t-eagras an rialtas thall fosta as faillí a dhéanamh sa teanga ina mBille Cumarsáide.

Feisire parlaiminte de chuid an SDLP, Eddie McGrady, agus ball de Plaid Cymru,Simon Thomas, a bhí ag fiafraí den rialtas cad iad na pleananna a bhí acu don chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge.

Ní bhfuair siad d'fhreagra ach "all relevant Departments will continue to explore ways to make urgent progress on the Government's commitments on Irish language broadcasting under the Belfast agreement".

READ MORE

Nó i mbeagán focal, tá an cheist ar an mhéar fhada agus níl práinn ar bith léi.

Bhí cúpla rud le rá ag an fheisire aontachtúil, an tOirmhinneach Martin Smith, faoi na cúrsaí seo: "On cultural diversity, does the Minister accept that there are more Chinese people who would like their language to be used in public broadcasting? Does she also accept that Ulster Scots Gaelic was the language of Northern Ireland, not Irish Gaelic, and that the latter has been used in the Republic - and now in Northern Ireland - as a political tool, rather than as a cultural one?"

Ar ndóigh, is beag spéis a bhí ag go leor aontachtaithe i gcearta cainteoirí Sínise sular thosaigh lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ag éileamh cláir theilifíse.

Ach b'fhéidir nár cheart dúinn barraíocht airde a thabhairt ar a raibh le rá ag Smith. I ndeireadh thiar thall, níl bunús ar bith lena ráiteas gurb í "Ulster Scots Gaelic (cibé cén rud é sin!) was the language of Northern Ireland, not Irish Gaelic".

Le ceannairí mar Smith ní ábhar iontais é go bhfuil a pháirtí, na hAontachtaithe Uladh, ag dul síos an mhala go tapa.

Dála an scéil, an bhfuil sé róchiniciúil a rá nach gcuirfidh rialtas na Breataine pingin ar fáil do chiste teilifíse sula mbíonn toghchán don Tionól ann?

Ba dheas an bronntanas a leithéid de chiste ag an pholaiteoir a fhógraíonn é bheith ann.