Spraoi strusagus imní

Beocheist/Seán Ó hÉalaí: Bhuel, seo é. Nollaig eile chugainn

Beocheist/Seán Ó hÉalaí:Bhuel, seo é. Nollaig eile chugainn. An spraoi agus an strus a bhaineann léi agus tairseach tábhachtach eile le trasnú againn. Cén cor nua a chuirfidh an bhliain úr fhada ar scéal an chine daonna?

Táimid i dtréimhse Eanus, dia an dá chloigeann, ceann ag breathnú ar gcúl agus an ceann eile ag breathnú amach romhainn. Go traidisiúnta, ag an am seo den mbliain, déanaimid rún feabhais a chur orainn féin.

Is annamh go n-éiríonn linn. Mar a dúirt Oscar Wilde, uaireanta is ionann rún maith na hathbhliana a dhéanamh agus seic a shíniú in ainm bainc nach bhfuil cuntas agat ann.

Ach beidh a lán daoine i gcuid de na páirtithe polaitiúla ag breathnú le dhá chloigeann Eanus ar imeachtaí na bliana seo agus ar a n-impleachtaí don mbliain romhainn.

READ MORE

Má tá athrú mór polaitiúil le déanamh, d'fhéadfadh sé gurb i bhFianna Fáil a tharlóidh an ceann is mó. Ach tá ábhar machnaimh tugtha ag 2007 do pháirtithe eile.

Léirigh Fianna Fáil, in ainneoin a raibh le rá ag na pobalbhreitheanna, go raibh teacht aniar iontach ann agus tá am go leor ag an bpáirtí iad féin a dhéanamh réidh arís roimh an chéad toghchán eile. Faoin am sin, ní bheidh Bertie Ahern ina cheannaire agus gach seans go mbeidh clabhsúr curtha leis an bhfiosrúchán fada seo a d'fhág scamall mór ar a chlú.

Tá sé curtha in iúl aige go n-éireoidh sé as nuair is mian leisean é a dhéanamh agus bheadh drogall ar dhuine ar bith sa bpáirtí brú a chur ar cheannaire a rinne an oiread sin maitheasa don Stát agus don bpáirtí.

Ní go maith, áfach, a chríochnaigh an bhliain d'Fhianna Fáil. Ar dtús, bhí an chonspóid leanúnach faoi bhinse fiosrúcháin Mahon. Ansin an ceann eile faoin ardú pá ollmhór ar glacadh leis ar dtús agus atá anois curtha ar an mhéar fhada de bharr glam an phobail faoi.

Thug 2007 an teachtaireacht d'Fhianna Fáil go raibh siad iontaofa ach nach raibh buancheart ó Dhia ag an bpáirtí leanúint ar aghaidh i gcumhacht. Beidh orthu bheith an-chúramach faoi aon chinneadh a dhéanfaidh siad amach anseo - go háirithe i gcúrsaí a bhaineann lena leas féin.

Nuair a fheiceann an pobal sotal agus éirí in airde, aithníonn siad é. Feiceann siad easpa fíortheagmhála leis an gcosmhuintir. I gcás an ardú pá, thug an eachtra ar fad ar ais taibhse Chathail Uí Eochaidh in intinn go leor daoine agus é ag moladh dúinn "an crios a theannadh" fad is a bhí seisean ag mairstin ar mhuin na muice.

In ainneoin na ndeacrachtaí seo go léir, bainfidh Bertie borradh iontach as an óráid atá sé le tabhairt do thithe Chomhdháil Mheiriceá go luath sa mbliain nua.

Ba thráthúil an tréimhse díreach ina dhiaidh sin, b'fhéidir, chun éirí as an gceannaireacht. Tá reifreann conspóideach Eorpach ag tarraingt orainn agus tá daoine sa bpáirtí a mheasann anois nach eisean ab fhearr chun tacaíocht an phobail a mhealladh.

Ní hé Fianna Fáil amháin, áfach, a bhfuil obair mhór rompu i mbliana. Tá ag éirí le ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre Eamon Gilmore bróga Pat Rabbitte a líonadh agus níos mó, b'fhéidir.

Ach caithfidh an páirtí cinneadh a dhéanamh chun atheagrú ó bhun agus earcaíocht a dhéanamh mar phríomhpháirtí na heite clé nó chun fanacht mar eireaball ar chomhrialtas an láir.

Tá athnuachan de dhíth go géar ar ionadaíocht Dála atá ag dul in aois. Caithfidh siad aon tallann nua óg ina measc a bhrostú chun tosaigh go tapa agus íomhá níos óige a chraobhscaoileadh.

Cuireadh an bhagairt ó Shinn Féin ó dhoras san olltoghchán deireanach ach féach go bhfuil Sinn Féin ag atheagrú don chéad chath eile cheana féin. Muna dtéann an Lucht Oibre amach ar an talamh i gceantracha a bhíodh ar a son go traidisiúnta, is é Sinn Féin a líonfaidh an bhearna.

Maidir leis an gComhaontas Glas, tá blaisín den gcumhacht faighte acu agus is maith leo é. Más deacair le hairí a throideadh in aghaidh loiscneoirí, mótarbhealaí tré ghleann Teamhrach agus rudaí eile an locht a fhágáil ar an Rialtas a chuaigh rompu agus glacadh leo anois, ní léir orthu é.

Ach, níos spéisiúla fós, ní cosúil gur cuma lena lán dá lucht tacaíochta. Iarrtar orainn glacadh leis gur ar mhaithe le freagracht thírghrách a tháinig an t-athrú intinne seo.

Is é fírinne an scéil é go bhfuil na hiománaithe ar an gclaí ag fáil amach faoi réadúlacht na himeartha i lár na páirce. Ní glas i gcónaí iad na cnoic i gcéin.