Blath fola

Crobhingne: Casaimid leo an tráth seo bliana faoi dheireadh an lae ar fhilleadh dúinn ónár gcuid saothair, ar bhosca na teilifíse…

Crobhingne: Casaimid leo an tráth seo bliana faoi dheireadh an lae ar fhilleadh dúinn ónár gcuid saothair, ar bhosca na teilifíse seachas trí thithíocht ársa cathrach réidh. Agus is ea, bíonn a ngnúis sollúnta mura mbíonn sé gléineach.

Bíonn sé sollúnta mar is ag comóradh an bháis agus an áir a bhíonn siad san fhéile mhór fola a gcuimhnítear uirthi le briathra boga baotha ar an aonú huair déag den aonú lá dhéag den aonú mhí dhéag gach bliain.

Aithneoidh tú ar a gcuid poipíní iad. Aithneoidh tú an sprais fola ar liopa an chóta arb é an t-aon chuid dhathannach den fheisteas é de ghnáth. Aithneoidh tú an bláth breá ar comhartha fáis agus torthúlachta ó dhúchas é, ach ar comhartha báis agus sléachta agus dúnmharaithe le fírinne atá ann.

Thit na mílte gan áireamh de mhacra na hÉireann sa bhlár. Is ceart agus is cóir go gcuimhneofaí orthu. Is cirte agus is córa go gcuimhneofaí ar an gcúis go bhfuair siad bás. Seachas an fhuil, is comhartha ceart oiriúnach é an poipín céanna ar a cháiliochtaí ceimice. Más fíor don Wizard of Oz, agus is fíor, ar ndóigh, is amhlaidh go meallann an poipín chun suain tú. Suan an réasúin, agus suan na loighice, agus suan na daonnachta.

READ MORE

B'é an suan sin a chuir cluain an bháis ar na milliúin de mhí-ámharaigh bhochta. Sráideánaigh na gcathracha agus sclábhaithe na haon bhó amháin, is fíor gur chompánaigh na hainnise iad. Is fíor gur tuigeadh dóibh nach raibh an dara suí sa bhuaile acu, ná suí ar bith sa chlós. Agus má chothaigh drochshuíomh drochsheasamh b'amhlaidh dá lán é, as na tíortha eile a chuaigh gafa sa ghealtacht uilechoiteann.

Caspar Klaj, 17 bliain d'aois ó íochtar Dusseldorf. Athair marbh. Seacht mbéal le líonadh ag a mháthair. D'fhág an scoil cúig bliana roimhe sin. Dífhostaithe, seachas fo-shaothar ócáidiúil ar phá suarach. Níor fhág riamh a fhód dúchais seachas lá amháin faoin dtor roinnt mhílte ó bhaile le cairde. Ní aithneodh soir seachas siar. Cheap sé gur fásra éigin ba ea an Fhrainc. Ní hionadh gur ghabh sé ar mhionmharc an Chaesair. Chuaigh piléar trína scornach ar an tríú lá. Poll dubh siar amach go baic an mhuiníl. Poll dubh ar nós croí an phoipín istigh.

Saighdiúir Éireannach de chuid na Breataine is dóichí a scaoil an t-urchar. Duine chomh maolghlas leis féin, chomh soineanta i gcúrsaí an tsaoil, gach seans. Duine a raibh scilling na banríona uaidh go dóite, b'fhéidir. Duine é nár tháinig na Gearmánaigh riamh idir é agus codladh na hoíche go dtí gur sáirsingíodh air gur naimhde ba ea iad.

Iomadaigh an cás ar fud na hOstairUngáire, na Tuirce, na Rúise, na hIodáile, na Fraince, na gcríocha gan chuaird. Fir mhíshaolacha gafa sa ghaiste a cheap na luchóga móra dóibh. Bíodh cuimhne againn orthu, agus trua againn dóibh agus dá muintir, agus abartar paidreacha ar a son, agus deirtear aifrinntí, agus léitear searmanais, agus croitear túis, agus seinntear ceol mall le trumpaí práis nuair atá an ghrian ag dul faoi. Ach ná ligimis lenár n-ais go raibh siad ag troid ar son cúis ar bith a bhí uasal, ná cuspóir ar bith a d'fheabhsódh sprid agus anam agus dálaí ábharga an chine dhaonna, go fiú is an méid sin díobh a raibh cónaí orthu ar leithinis bheag neamhthábhachtmhar na hEorpa.

Is ag troid ar son na n-impireachtaí lofa go léir a raibh a mbréantas ag salú aghaidh na talún a bhí siad. Impireacht na FrancBhreatGhearmánTurcOstarUngarRúisí agus a gcuid giollaí mórthimpeall.

Ní iardhearcadh é seo; b'é tuiscint aon duine a raibh smearadh beag de chúilfhéith i bpoll tí liabáin a chloiginn é ag an am. Ná ní réamhdhearcadh é gur tús ar fheachtas impireachta é slógaí amhas na Stát Aontaithe ar fud na cruinne; tá sé soiléir do dhuine ar bith a bhfuil leathloinnir lagfhann in íochtar a shúile deise oíche dhorcha é.

Ní ganntar d'aon duine pasbhunteistiméireacht ar éigean sa chop on a bheith aige le fios fátha a bhfuil ar siúl ar chlár an domhain bhraonfhuiltigh uair ar bith a thuiscint. Níor ghá an t-am úd, agus ní gá anois.

Deireadh an eaglais fhírinneach neamhearráideach riamh gur cheart dúinn grá a bheith againn don pheacach, ach gráin a thabhairt don pheaca. Mar a chéile, tuiscint don amhas bocht amaideach a chuaigh chun báis ar scáth prionsaí, ach fuath fíochmhar a thabhairt don chúis ar chuaigh siad amach i gcéaduair.

Tuiscint don phiotal, ach diúltú don phoipín fola.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar