BEOCHEIST:BHÍ SÉ 8.45pm, de réir chlog Thithe an Rialtais ar Shráid Mhuirfean, nuair a casadh an chéad duine a bhí ag lorg déirce orm an oíche sin.
Aoine a bhí ann agus bhí grúpaí daoine gléasta go foirmeálta (iar-aire airgeadais ina measc) ar a mbealach isteach san Óstán Merrion le haghaidh ócáid éigin.
Fear é ‘Matt’ atá breis is trí scór bliain d’aois agus tá sé ar na sráideanna le thart ar dheich mbliana. Duine séimh é nach n-ólann, ach thuig mé uaidh gurbh fhéidir go raibh fadhb óil aige san am atá caite. Chaith sé tréimhse fhada ar obair tógála i Sasana sna 1960í agus sna 1970í.
Ní raibh rudaí chomh dona ariamh ar na sráideanna, a deir sé. Le tamall anuas, tá go leor eachtrannach, chomh maith le breis Éireannach, gan dídean. Bíonn cuid acu ag teacht suas chuige féin, fiú, ag iarraidh cúnamh airgid uaidh.
De réir na heagraíochta Síomón i mBleá Cliath, sa chéad sé mhí de 2008 tháinig méadú 48 faoin gcéad ar líon na ndaoine a bhí ag lorg seirbhísí ón bhfoireann a thacaíonn leo seo a bhíonn ina gcodladh amuigh, (ie. Dublin Simon Rough Sleeper Team) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2007.
Timpeall an chúinne, gar do theach ósta Doheny Nesbitt, bhí beirt chailíní sna déaga ag lorg airgid.
Níos faide ó dheas, ar Shráid Bhagóid Uachtarach, bhí ‘Tony’ ina shuí ar an gcosán taobh amuigh de shiopa Spar.
Bleá Cliathach thart ar 30 bliain d’aois, bhí sé ina chónaí le bean i Sasana go dtí Samhradh na bliana seo caite. D’éirigh eatarthu agus d’fhill sé ar a chathair dhúchais.
Faoin am sin, bhí sé ag ól go trom agus ní raibh áit chónaithe aige. Le déanaí, a dúirt sé, bhí sé ag stopadh i mbrúnna agus ag déanamh iarracht staonadh ón ól.
Cinnte, ní raibh cosúlacht an óil air an oíche ar chas mé air. Tá an tuairim ann go gcaitheann formhór na ndaoine a bhíonn ag lorg déirce an t-airgead ar ól nó ar dhrugaí, ach ní mar sin a bhí sé i gcás triúir den cheathrar a raibh mé ag labhairt leo an oíche sin.
D’fhág mé ‘Tony’ is é ag fanacht go dtiocfadh lucht Shíomóin thart chun bia a dháileadh.
Ar Shráid Dawson, gar go Café en Seine, ar a raibh na sluaite ag triall, bhí fear óg eile ina shuí ar chéimeanna an Bible Society agus caipín ina láimh. Andúileach drugaí é, a d’inis sé dom, agus bhí súil aige áit a fháil i mbrú níos deireanaí.
Lean mé orm i dtreo Shráid Uí Chonaill. Agus mé i mo sheasamh ag na soilse ag Coláiste na Tríonóide, tháinig fear ón Liotuáin chugam ag lorg airgid le híoc as a tháille bus.
Taobh amuigh de Bhanc na hÉireann, bhí bean ina luí ar an gcosán ag impí ar choisithe airgead a thabhairt di.
Ina shuí ar Dhroichead Uí Chonaill, bhí leaid óg agus an chuma ar a aghaidh go raibh sé faoi thionchar substaint éigin.
Níor thug mé faoi deara aon duine gan dídean thart ar Shráid Uí Chonaill, ach bhí na comharthaí ann – pluideanna agus leatháin chairtchláir fágtha i bpóirsí is i bpasáistí ar Shráid Anraoi agus ar Shráid na Mainistreach.
Bhí sé tar éis meán oíche anois agus í tirim agus bog ach bhí mé ag éirí tuirseach den tsíorspaisteoireacht.
Seachas na pubanna, McDonalds agus Burger King, ní raibh mórán áiteanna ar oscailt ina bhféadadh duine sos a ghlacadh.
Chuaigh mé isteach i gCafé Bar Deli ar Shráid Ghrafton le haghaidh cupán tae. Cosnaíonn sé airgead a leithéid a dhéanamh agus do dhuine atá beo ar an bheagán, caithfidh sé go mbíonn sé deacair an t-am a chur isteach, i measc na bhfadhbanna eile.
Ar ais ar Shráid Bhagóid Uachtarach, bhí ‘Tony’ bailithe leis, ach cúpla doras suas ó shiopa Spar bhí fear sna 30í ina shuí ar a ghogaide ag ól Coke. Fear ciúin, ní raibh an chuma air go raibh mórán taithí aige ar bheith ag lorg déirce.
Go dtí roinnt míonna ó shin, bhí cónaí air i mbaile beag thíos faoin tír, áit a raibh sé pósta, ach nuair a chlis ar a phósadh, fágadh é gan dídean agus bhog sé go Bleá Cliath.
D’fhan sé i dtithe lóistín ar feadh tamaill, ach níor éirigh leis obair a fháil agus anois caitheann sé an oíche i mbrú nuair a bhíonn €7 aige le híoc as. Ach an oíche áirithe seo, tar eis dó siúl an bealach ar fad ó Dhumhach Thrá, bhí sé gann ar an tsuim sin. Is é a bhí buíoch nuair a thairg mé cúpla euro dó agus bhrostaigh sé leis.
Bhí sé beagnach a trí a chlog ar maidin agus rinne mé mo bhealach abhaile chun mo leapa, traochta.