Secondary top: córas a thug bealach éalaithe as an mbochtaineacht

D’ainneoin a fhorleithne is a bhíodar is beag duine atá faoi 60 bliain d’aois anois a chuala trácht ar an ‘secondary top’

Foclóir: Secondary top - meánbharr; malaí - eyebrows; scoil náisiúnta - national school; acmhainn - afford, racht feirge –fit of rage; lusanna chromchinn – daffodils; sceadamán – throat; ceastóireacht – interrogation.

Níos minice ná a mhalairt, nuair a deir tú le daoine gur fhreastail tú ar mheánbharr nó ‘secondary top’, mar a thugtaí air, ardaítear na malaí go ceisteach.

Bhí na meánbharra i roinnt mhaith scoileanna náisiúnta, a bhformhór faoin tuath, le linn an chéid seo caite agus go deimhin anuas go dtí na 1980idí. D’ainneoin a fhorleithne is a bhíodar is beag duine atá faoi 60 bliain d’aois anois a chuala trácht orthu riamh.

Chuirtí ‘Secondary Top’ ar bun i mbunscoil nuair a thugadh an Roinn Oideachais cead do Mheánscoileanna teagasc a chur ar fáil do dhaltaí a d’fhan sa bhunscoil tar éis Rang a Sé. Ba i scoileanna de chuid na n-ord reiligiúnach a reáchtáladh formhór na ranganna meánbharra.

READ MORE

Sna scoileanna sin fuair páistí áirithe meánoideachas nach mbeadh seans acu a fháil de ghnáth toisc nárbh acmhainn dá dtuismitheoirí iad a chur chuig na scoileanna meánoideachais.

Dé réir Thuarascáil na Roinne Oideachais sa scoilbhliain 1964-65 bhí 424 bhuachaill – mé féin san áireamh - agus 6, 294 chailín ag freastal ar mheánbharra i 80 scoil náisiúnta.

D’fhreastail mé féin ar ‘secondary top’ de chuid na mBráithre Críostaí i Mainistir Eimhin, i gContae Chill Dara ó 1962 go 1965.

Is maith is cuimhin liom an leagan amach a bhí ar an seomra mór ina rabhamar.

Sa chúinne ar an taobh ó dheas bhí sorn mór suite. Ar mhaidineacha geimhridh nuair a bhíodh na buachaillí a rothaigh ar scoil fhliuch báite, chaithfidís iad féin a thriomú timpeall an tsoirn. Is cuimhin liom gal ina scamall ag dul in airde ó na héadaí fliucha.

Ag barr an tseomra bhí clár dubh beag ar sheastán adhmaid a d’úsáideadh an bráthair chun gramadach na Gaeilge a mhúineadh.

Tá cuimhne agam air fós agus é ag scríobh ‘an bád’, ‘ar an mbád’, ‘seol an bháid’, ‘na báid’, ‘seolta na mbád’ agus ainmfhocail eile ó na díochlaontaí eile – gach seachtain gan teip. De thairbhe na ndruileanna tráthrialta sin bhí bunchloch na gramadaí ar eolas againn faoin am a rinneamar scrúdú na Meánteiste.

Ar an gcaoi chéanna de thoradh an síorathrá ar ábhair eile ón chéad bhliain ar aghaidh, bhí an t-eolas greanta inár n-intinn. Bhí toradh an tsaothair seo le feiceáil sna torthaí iontacha a fuaireamar sa Mheánteist.

Eagraíodh an mheánbharr i slí spéisiúil. Bhí cúigear oide ar an bhfoireann scoile - bean agus cúigear bráithre. Bhí an bhean agus triúr bráithre i bhfeighil na ranganna éagsúla sa bhunscoil.

An cúigiú bráthair a bhí ina phríomhmhúinteoir sa meánbharr a reáchtáiltí i bhfoirgneamh ar leith a bhí suite ar an taobh eile de chlós na scoile.

Bhíodh seisean ag múineadh Gaeilge, Béarla, stair, agus tíreolas go dtí am lóin. San iarnóin, mhalartaídís róil agus ranganna. Thagadh bráthair ón mbunscoil chuig an mheánbharr chun an mhatamaitic a mhúineadh agus thógadh an príomhoide rang an bhráthar sa bhunscoil. Ina dhiaidh sin, thagadh bráthair eile ón mbunscoil chun an Laidin a mhúineadh agus théadh an príomhoide i gceannas ar a rang siúd. Ar an Satharn mhúineadh bráthair eile Líníocht dúinn. Ní raibh aon bhráthair acu cáilithe le bheith ag múineadh i meánscoil ach bhí suim ar leith acu ina n-ábhar féin.

Ní raibh eolaíocht nó staidéar gnó á múineadh dúinn, áfach, agus nuair a chuaigh mic léinn ar aghaidh chuig scoileanna eile chun na hábhair sin a dhéanamh san Ardteist b’éigin dóibh iad a thosú ón tús.

B’iontach an t-éacht a rinne na bráithre, nuair a chuirtear san áireamh go raibh trí rang san aon seomra ag leibhéil dhifriúla cumais agus seacht n-ábhar le múineadh.

Is cuimhin liom go maith, fiú anois, maidin amháin i lár Dheireadh Fómhair 1962 nuair a bhí mé féin agus mo chara Murty (mar a thabharfaimid air) inár suí sa bhinse cúil sa mheánbharr. Ba bhuachaill an-chliste agus lán-aibí é dá aois agus bhí sé an-eolach ar chúrsaí reatha polaitíochta. Níorbh amhlaidh dom féin mar ní raibh ar m’intinn ach popcheol, scannáin agus thar aon rud eile cailín a raibh mé mór léi agus a bhí béal dorais i meánbharr na gcailíní.

Bhí Géarchéim na nDiúracán i gCúba faoi lán seoil ag an am sin. Le cúnamh léarscáile a tharraing sé mhínigh Murty fios fátha an scéil. Dúirt sé go raibh eolas ag na Stáit Aontaithe go raibh suímh do dhiúracáin núicléacha á dtógáil ar Oileán Chúba ag an Aontas Sóivéadach. Dúirt sé go raibh an dá thír ar tí dul chun cogaidh agus go raibh an baol ann go dtosófaí an Tríú Cogadh Domhanda dá bharr.

Thart ar an am céanna, i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, thug an cigire cuairt orainn.

Ar an drochuair, ba thoradh diúltach a bhí ar an gcuairt. Fear ard caol a bhí ann agus é gléasta i gculaith dhúghorm, léine ghléigeal agus carbhat a bhí chomh dearg le aghaidh an phríomhoide.

Thosaigh an cigire ag cur ceisteanna orainn.

Bhog an bráthair go bun an tseomra agus chuir sé a dhá shúil trínn agus é ag dul tharainn. Bhí deirge a aghaidhe ag sileadh síos ina mhuineál agus d’fháisc sé a liopaí le chéile go feargach. Ba mhúinteoir díograiseach macánta é ach bhuaileadh racht feirge é uaireanta nuair nach raibh freagraí na gceisteanna ar bharr ár dteanga againn.

Faoin mBéarla agus faoin dtíreolas a bhí na ceisteanna tosaigh agus d’éirigh go maith leis na mic léinn freagraí maithe ciallmhara a thabhairt don strainséir.

D’iompaigh sé ar an stair ansin agus ar an dea uair dhírigh sé na ceisteanna ar rang na Meánteiste. De réir mar a chuaigh na ceisteanna i ndeacracht, chuala mé anáil dhomhain ghéar á tarraingt agus fead íseal á ligean ag an mbráthair a bhí fós taobh thiar dúinn.

Nuair a thug cúpla duine cur síos ar Aodh O’Néill agus Aodh Rua Ó Dónaill agus an bua a bhí acu ag Cath Bhéal Átha Buí agus Cath Chluain Tiobraid, d’éirigh análú an bhráthar laistiar dínn níos séimhe.

Nuair a labhair an cigire as Gaeilge thit an lug ar an lag againn. Láithreach bhí ár gceann fúinn in ísle brí amhail ceapach de lusanna cromchinn ag cromadh le linn stoirme.

Bhí ár gcroí inár mbéal nuair a chuir sé an cheist chinniúnach: ‘An bhfuil dán ag aon duine?’ Níor chorraigh duine; bhíomar chomh ciúin le leanbh ina chodladh i gcliabhán. Faoin am seo bhí an bráthair taobh thiar de dhroim Murty.

Tar éis ciúnais ghlan an bráthair a sceadamán agus bhroid sé Murty lena ghlúin agus dúirt go borb, ‘Seas suas agus abair dán!’

Rinneadh staic de Murty; agus go mall míchompordach, streachail sé é féin ina sheasamh. Rinne sé iarracht rud éigin a rá faoina anáil ach chlis na focail air agus thit sé ina chnap ar an suíochán.

D’éirigh an cigire as an gceastóireacht ansin agus i ndiaidh dreas cainte os íseal leis an mbráthair, as go brách leis an doras amach. Bhíomar sioctha leis an eagla ag fanacht ar fhreagairt ón mbráthair; agus mise á rá leat, ní raibh a aiseolas thar mholadh beirte.

Níl a fhios agam ar tháinig an cigire ar chuairt eile chugainn ina dhiaidh sin. Ach táim cinnte dearfa faoi seo: níor chuir Murty a chos thar thairseach an ‘secondary top’ go deo arís. Tráma air, is dócha!

Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone