Subscriber OnlyObituaries

Breandán Ó Doibhlin: Gaiscíoch litríochta agus gríosaitheoir glúnta Gael

Chaith sé a shaol ag machnamh, ag marana, ag smaoineamh is ag scríobh mar gheall ar dhálaí na tíre, na litríochta is an chultúir

Rugadh: 29 Bealtaine, 1931

Bás: 19 Meán Fómhair, 2023

Duine d’intleachtóirí móra na hÉireann ba ea Breandán Ó Doibhlin. Chaith sé a shaol ag machnamh, ag marana, ag smaoineamh is ag scríobh mar gheall ar dhálaí na tíre, na litríochta is an chultúir. D’fhág sé a lorg láidir ar chúpla glúin iomlán de scríbhneoirí is de lucht critice na tíre agus shaibhrigh sé ár dtuiscint orainn féin.

Is furasta scéal seachtrach a bheatha a ríomh, cé go ráineodh nach é sin is tábhachtaí. Saolaíodh é sa Rúscaigh i gCo. Thír Eoghain sa bhliain 1931, fuair sé a chuid meánoideachais i gColáiste cáiliúil úd Colm Cille Dhoire agus oirníodh ina shagart é sa Róimh sa bhliain 1955. Ceapadh ina ollamh le Nua-Theangacha é i gColáiste Phádraig, Má Nuad sa bhliain 1958, post a choinnibh sé le dearscnaitheacht go dtí 1996. Fairis sin, bhí sé ina leas-uachtarán ar an ollscoil Chaitliceach ann idir 1979 agus 1982.

READ MORE

Is mó sin gradam eile a bronnadh air, go háirithe é a bheith ina Chevalier de d’Ordre National du Mérite agus ina Officier de la Légion d’Honneur, agus níl ansin ach cuid na Fraince de. Tharla sin gur toisc gur Francbhách go smior a bhí ann agus gur thug sé grá uaidh go fíochmhar do litríocht na Fraincise agus do mhachnamh na Fraince mar mhalairt ar fhorlámhas an Bhéarla mar chaighdeán meastóireachta don Ghaeilge. Chuige sin, an t-athrú a rinneadh ar Irisleabhar Mhá Nuad sa bhliain 1966. Roimhe sin b’irisleabhar bliantúil é ina bhféadfaí aon aiste ar ábhar ar bith a scríobh fad is a bhí sé sa Ghaeilge. Chuir Breandán roimhe go mbeadh ina ghuth feasta do nua-litríocht na Gaeilge.

Ní mar chriticeoir nó mar scoláire a tháinig sé chun solais dúinn i dtosach ach mar úrscéalaí. Foilsíodh Néal Maidne agus Tine Oíche sa bhliain 1964 ar geall le fáthscéal fada é faoi phobal atá ag iarraidh an tír tairngreachta a lorg is iad a lonnú ann. Aon rud mar é ní raibh le fáil sa Ghaeilge cheana. Bhí caint air ar feadh i bhfad óir níor fheadair go leor cad chuige a bhí an t-úrscéal sin, ach an oiread leis an gcasadh a chuir sé ar chritic nua-litríocht na Gaeilge i lár na 60í den aois seo caite. B’fhógra cogaidh oscailte in aghaidh na seanréime ba ea an tiomáint a chuir sé faoi Irisleabhar Mhá Nuad. B’é a bhí á chur aige roimhe go ndéanfaí ábhar barántúil staidéir de litríocht na Gaeilge mar ba dhual riamh di i measc na héigse féin seachas é a bheith ina heireaball beag ina luí go leithscéalach i gcúinne na teangeolaíochta agus na canúineolaíochta mar ba nós di sna hollscoileanna. Fág is nár mhair an tiomna sin go hiomlán ó shin, tá toise maith láidir den staidéar liteartha ina bhuan chuid den irisleabhar i gcónaí.

Níorbh fhiú an dúshlán sin a thabhairt mura ndéanfadh sé beart de réir a bhriathra. Ní raibh stad air ach ag cur aistí léannta ar fáil in irisí chomh héagsúil leis An Sagart , le Éire-Ireland, le The Bell. D’fhoilsigh sé trí leabhar a bhfuil Aistí Critice agus Cultúir mar theideal orthu agus sa cheann déanach díobh sin tá aistí machnaimh aige féin ar dhánta le Dáibhí Ó Bruadair, ar shaothar creidimh le Séathrún Céitinn, ar dhá úrscéal le Máirtín Ó Cadhain agus ábhair éagsúla spioradálta agus staire. Samhlaoid í sin ar gach aon rud a dhein sé. An litríocht, an creideamh, an tír, b’iad a thrí arm aigne iad. Nuair a foilsíodh eagrán faoi leith d’Irisleabhar Mhá Nuad sa bhliain 1996-97 mar fhéilscríbhinn dó, bhí aistí ann ag mórscoláirí ár litríochta, Declan Kiberd, Máirín Nic Eoin, Micheál Mac Craith, Gearóid Denvir, Tadhg Ó Dúshláine, Brian Ó Conchubhair, Pádraig Ó Croiligh, Liam Mac Cóil, Pádraig Ó Gormaile agus eile ina measc, rud a léirigh an urraim thar meon anonn a bhí dó go fairsing.

Ní foláir nó bhí sé sractha idir seacht gceann na meá. B’úrscéalaí é, mar a léirigh sé trí huaire as a chéile, gach ceann díobh éagsúil, machnamhach, ardstílithe agus géarthuisceanach. B’aistritheoir é a chuaigh i ngleic le hÍseáia fáidh, agus muran dúshlán leordhóthanach an méid sin chuir sé Gaeilge shaibhir fhiáin thar fóir ar Gargantua agus Pantagruel Rabelais, agus ar go leor eile ón bPrionsa Beag go dtí Montaigne leamh féin. B’eagarthóir, foclóirí, beathaisnéisí agus diagaire é chomh maith.

Dá mhéid an grá a thug sé don Fhraincis, rud a thuigfeá ó Ollamh sa teanga sin, ba dhóigh leat air go raibh a chroí agus a anam i litríocht na Gaeilge. Bíodh a theist sin ar na Manuail de Litríocht na Gaeilge, sé imleabhar iomlána díobh a d’fhoilsigh Coiscéim idir 2003 agus 2011. Sleachta as litríocht na Gaeilge iad curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu. Ba chóir go mbeadh a leithéid déanta ag scoláirí na Gaeilge i bhfad roimhe sin.

Fuair sé na gradaim úd a raibh sé airí orthu ón bhFrainc agus beifear buíoch i gcónaí dó ar son a chuid oibre do Choláiste na nÉireannach i bPáras. Ina dhiaidh sin is uile, áfach, is ródhócha go gcuimhneofar air mar ghaiscíoch litríochta agus mar ghríosaitheoir glúnta Gael.

Fuair a dheartháireacha, Colum agus an t-Athair Kieran, bás roimhe, chomh maith le deartháir eile, Briain, a fuair bás mar leanbh. Deirfiúr amháin a bhí aige, Carmel, a chuaigh ar shlí na fírinne roimhe chomh maith. Méala mór a bhás da neachanna, nianna, gaolta, chomhghleacaithe agus cairde.

An English language translation of this obituary is available here.