Is iad na rudaí beaga a bhaineann tuisle as polaiteoir

“Is iad na rudaí beaga a bheireann amach ar dhuine, ” a dúirt Albert Reynolds díreach tar éis dó éirí as a phost mar Thaoiseach i 1994. Bhí sé ag caint mar gheall ar na heachtraí a chuir deireadh leis an gcomhrialtas idir Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre.

B’fhíor dó. Cé go raibh rudaí móra cosúil leis an bpróiseas síochána agus feabhsú an chaidrimh leis an mBreatain curtha i gcrích aige, is rud gan aon tábhacht idirnáisiúnta a tháinig aniar aduaidh air.

Ba é cás an tsagairt Brendan Smyth, a bhí ciontach i ndrochíde leanaí, a chuir an rialtas sin go tóin poill. Níos suimiúla i gcomhthéacs eachtraí na comhaimsire, ba é an bealach ina ndearna an tArd-Aighne Harry Whelehan iarratas ar eiseachadh Smyth a láimhseáil a spreag Páirtí an Lucht Oibre chun cur in aghaidh a cheapúcháin mar Uachtarán na hArd-Chúirte.

Cuimhneoidh aon duine a bhí thart ag an am ar an teannas a bhain le seachtain deiridh an rialtais sin: na ráflaí faoi thionchar eagraíochtaí eaglasta, na cruinnithe “rúnda” agus, thar aon rud eile, an cheist ba phráinní faoi rún an Lucht Oibre an fód prionsabálta a sheasamh go deireadh scríbe.

READ MORE

Sa deireadh, cuireadh an tAire Airgeadais Ruairí Quinn chun labhairt ar son an pháirtí le hAlbert Reynolds agus nach é a thug an ceannlíne foirfe drámatúil do gach eagarthóir nuachtáin. “We’ve come for a head, Harry’s or your’s….” a dúirt Quinn. Is ansin a thug sé a thuairim nach raibh an chuma ar an scéal go mbeadh ceann Harry ar fáil.

Ar ndóigh, ba chorrach an caidreamh a bhí ag Reynolds le Dick Spring, ceannaire an Lucht Oibre ag an am, thar an dá bhliain go leith inar mhair an comhrialtas sin. Bhíodh easpa muiníne i gcónaí ann agus d’fhéadfadh Spring a bheith teasaí go leor dá gceapfadh sé go raibh éinne, go háirithe Fianna Fáil, ag iarraidh dallamullóg a chur air.

Pé scéal é, chaill Albert Reynolds an cluiche pócair sin agus tháinig Páirtí an Lucht Oibre amach chomh geal le sneachta aon oíche – ach gan chumhacht.

Bhain baill áirithe den bpáirtí sásamh as an talamh ard morálta a thógáil. Ach bhí daoine eile ann a thuig cad b’éagumas ann nuair a chaith tú na blianta ag breathnú trasna ó bhinsí an fhreasúra.

Measann a lán daoine atá ag breathnú ar an gconspóid is deireanaí faoi na Gardaí go bhfuil rud éigin faoi mheon an Lucht Oibre nach luíonn go compordach lena gcáil nó lena stair.

Bhí an teannas le feiceáil go soiléir ar aghaidh an Aire Joan Burton agus í ag feidhmiú mar ionadaí don Taoiseach agus don Tánáiste sa Dáil chun glacadh le ceisteanna an fhreasúra faoi chomhad líomhaintí tromchúiseacha faoi obair na nGardaí. Is í an Joan chéanna a bheadh ag tabhairt amach go binbeach ina leithéid seo de chás dá mbeadh sí sa bhfreasúra.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil scáil fágtha ag na heachtraí i 1994 ar cheannaireacht an Lucht Oibre agus go bhfuil díchoimisiúnú déanta acu ar Mme Guillotine.

Bíonn cúrsaí sláinte mar chuid lárnach thábhachtach de pholasaithe an Lucht Oibre. Nuair a chonacthas gur ligeadh don Aire Sóisearach Róisín Shorthall éirí as a post seachas iarraidh ar an Taoiseach a Aire Sláinte a scaoileadh chun bóthair, tuigeadh go raibh cluiche pócair eile ar fad ann anois seachas ceann 1994.

Sa gconspóid is deireanaí, tá aire Fhine Gael eile, Alan Shatter, san fhaopach agus tá an freasúra ar lorg a chinn. Is aire líofa ábalta díograiseach é Shatter a bhfuil clú an dea-oibrí air. Is fear é atá ar a bhealach chun carn reachtaíochta a fhágáil ina dhiaidh a chuirfeadh éad ar aon pholaiteoir beo nó marbh. Chomh maith leis na tréithre sin, deirtear go bhfuil sé postúil agus gur féidir leis a bheith chomh colgach le gráinneog. Ar an drochuair dó b’fhéidir gurb í an taobh sin de atá tar éis an raic seo a tharraingt air féin.

Tá an chonspóid seo níos casta ná aon cheann a chuaigh roimhe agus má tá fiosrúchán amháin tosaithe ar ghné amháin de, beidh tuilleadh le teacht.

Go dtí seo, tá Páirtí an Lucht Oibre ag tacú le Shatter agus is léir nach ligfear d’aon rud teacht idir iad agus deireadh an téarma. An bhfuil an ceart ag na tráchtairí a deir gur ar an bpinsean atá said dírithe? Ní fheadar.

Ach cuimhnigh gur thosaigh an rud seo mar cheisteanna faoi chealú pointí pionóis. Féach anois air. Ba chóir don Lucht Oibre a bheith san airdeall do na “little things” a luaigh Albert.